Na páistí ‘as láthair’ á bhfágáil ar an trá fholamh

Má chailleann an páiste laethanta scoile go rialta tá siad ag cruthú míbhuntáistí dóibh féin

Na páistí ‘as láthair’ á bhfágáil ar an trá fholamh

Bhí sé ina údar mór nuachta an tseachtain seo caite go raibh contúirt mhór ag baint le ‘as láithreachas’ ón scoil. D’fhoilsigh an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta [ESRI], tuarascáil a thug le fios go raibh siad tar éis staidéar a dhéanamh ar thinreamh páistí scoile in Éirinn agus go raibh toradh an-suimiúil, ach diúltach, ar an taighde sin.

De réir a dtuarascála siúd, bhí sé soiléir go mbeadh drochthoradh san oideachas agus go fiú, sa saol tar éis a gcuid oideachais, acu siúd a bhí ‘as láthair’ ar feadh tréimhsí áirithe le linn a gcuid scolaíochta.

Is cuimhin liom féin, duine de mo mhuintir a raibh baint aici le hoiliúint múinteoirí, i gcónaí ag clamhsán faoi dhaoine a thóg a gcuid páistí amach as an scoil i rith an téarma. Den chuid is mó, bhíodh na tuismitheoirí ag iarraidh buntáiste a bhaint as praghsanna ísle i gcomhair saoire, le linn na scoilbhliana.

Bhíodh an port céanna aici i gcónaí ‘Cad a tharlóidh má dhéanann an múinteoir an ‘Roinnt Fhada’ an tseachtain sin? Nó má chlúdaíonn an múinteoir rud éigin tábhachtach sa rang staire?’ Bhí sí den tuairim go mbeadh bearna eolais ag cur as do na daoine óga sin uaidh sin amach mar go raibh an oiread sin brú ar an gcuraclam gur ar éigean go gclúdódh an múinteoir arís é.

Ag dul thar fóir leis an teoiric sin a bhí sí, a deir tú. Ach cruthaíonn staidéar an ESRI go raibh bunús leis an gcasaoid. Má chailleann an páiste laethanta scoile go rialta, tá siad ag cruthú míbhuntáistí dóibh féin – sa scolaíocht, sna scrúduithe, sna deiseanna a bheadh acu ina dhiaidh sin.

Bhí mé ag tabhairt suntais don líon daoine a bhí i gcruachás le linn na cogaíochta sa Mheánoirthear i dtús na seachtaine seo. Bhí go leor de na tuairiscí ‘vox pop’ ag teacht ó thurasóirí a bhí ag cur scéalta chuig na meáin, ar a gcuid fón póca. Agus idir Éireannaigh agus mhuintir na Breataine, ba léir go raibh roinnt mhaith acu ar saoire lena gclann, in áiteacha ar nós Dubai.

Anois, d’fhéadfadh duine ceist a chur faoi oiriúnacht Dubai i gcomhair saoire theaghlaigh. Ach anuas air sin, bhí roinnt mhaith daoine sáinnithe sa Mheánoirthear toisc go rabhadar leath bealaigh trí thuras a thógadar ón Astráil, ón Nua-Shéalainn nó a leithéid.

Bhí lead óg amháin ar an raidió agus é ag trácht ar na diúracáin agus an chaoi a rabhadar ag pléascadh thart orthu. Agus ansin chuadar ar ais chuig an óstán, a dúirt sé agus ní raibh tada le déanamh acu ach a bheith ag féachaint ar scannán ar an teilifís ann.

Bhí cineál trua agam féin dó. Bhí a chuid cairde ar fad sa mbaile agus iad ar scoil ag foghlaim roinnt fhada, nó scéal Chath Chionn tSáile.

Chuala mé duine de mo chuid cairde féin ag caint faoi chuairt a thug sí lena clann ar an Éigipt le gairid. Bhí an-time acu ann, a dúirt sí. ‘Á no, níor bhac muid le cuairt a thabhairt ar na Pirimidí ná tada den chineál sin,’ a dúirt sí. ‘Bhí ár ndóthain againne san ionad saoire ar an Muir Rua.’ Clann eile a chuaigh ar saoire le linn an téarma scoile agus a d’fhan glan ar ionaid stairiúla, músaeim nó aon rud a d’fhéadfadh a bheith oideachasúil.

Beagnach an lá céanna ar foilsíodh an tuarascáil thuas, foilsíodh figiúirí sa mBreatain a thug le fios go bhfuil duine as gach seachtar atá idir 16 agus 24 bliain d’aois sa tír sin, fágtha ar an trá fholamh ó thaobh oideachais agus fostaíochta de. Beagnach milliún duine óg.

Tugtar ‘NEETS’ orthu – an dream sin atá sáinnithe sa saol taobh amuigh den oideachas, traenáil ná fostaíocht. Tá a líon méadaithe as cuimse fiú amháin le cúpla bliain anuas. Agus dúradh – cé go bhfuil sé deacair é a chreidiúint – go bhfuil beagnach dhá thrian acu sin dífhostaithe ó d’fhágadar an scoil. Ní raibh post acu riamh.

Cén seans atá acu post de chineál ar bith a aimsiú agus iad amach sna tríochaidí nuair nár oibrigh siad nuair a bhí siad sna fichidí? Cé a thabharfadh jab dóibh?

Ceaptar go raibh drochthionchar ag arduithe ar an mbunphá sa réimse bia agus miondíolacháin, ar híreáil daoine óga san obair sin. Leagtar an milleán ag doras an Rialtais faoi na bunrátaí pá sin a ardú an iomarca.

Ach luaitear cúis eile leis agus is scéal é atá cosúil leis an scéal thuas ón ESRI in Éirinn. Ceaptar gur ‘thit’ a lán daoine óga amach as an gcóras oideachais foirmeálta le linn tréimhse Covid. D’éirigh siad as a bheith ag freastal ar an scoil agus níor éirigh leo filleadh ar na gcóras riamh nuair a chríochnaigh tréimhse an ghalair agus an chuibhrithe. Da bhrí sin, ní raibh sé ar a gcumas a mbealach a dhéanamh isteach sa saol fostaíochta ach an oiread ina dhiaidh sin.

Nuair a bhreathnaítear ar sciar na ndaoine óga a chailleann ar a laghad lá amháin sa tseachtain ón scoil dara leibhéal sa mBreatain, feictear gur dhúbail sé ó 14% go dtí 28% idir 2019 agus 2022, agus tá sé socraithe thart ar 24% anois. Tá sé fíordheacair ar na húdaráis súil a choinneáil ar na daoine óga ar fad atá ar iarraidh go rialta ón scoil. Ceaptar go bhfuil thart ar dhuine as deichniúr daoine óga idir 16 agus 17 mbliana d’aois, aitheanta mar ‘NEETS’ nó ar a laghad, atá imithe as radharc ar fad ó na húdaráis.

Tá rud eile suimiúil faoin scéal seo, chomh fada agus a bhaineann le sláinte na ndaoine óga seo. Sa mbliain 2008, bhí thart ar 7% díobh a chláraigh mar ‘dhaoine le míchumas’ – is é sin, ní raibh siad in gnáth-gníomhaíochtaí a dhéanamh go laethúil. Tá an figiúr sin ardaithe go dtí 21% sa lá inniu. Sin beagnach an ceathrú chuid de dhaoine óga aitheanta mar dhream nach bhfuil ar a gcumas gnáth-rudaí a dhéanamh. Níl siad in ann dul ag obair, sin cinnte.

Meastar go bhfuil gá láithreach le gníomh Rialtais chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. An bhfuil baint ag bunrátaí pá ró-ard leis? An bhfuil baint aige leis na mbealach a aithnítear duine mar dhuine le míchumas meabhair? Agus dá réir, iad a bheith in ann sochair leasa Shoisialigh a fháil don mhíchumas sin?

Sin an scéal i Sasana – agus bheadh daoine ag súil nach leanfadh muidne an pátrún céanna. Is beag an maitheas a dhéanfadh saoire i Dubai leis na scéal a leigheas.

Fág freagra ar 'Na páistí ‘as láthair’ á bhfágáil ar an trá fholamh'