Na páirceanna CLG ‘is áille in Éirinn’ le taispeáint ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Mar chuid den fhéile i dTuar Mhic Éadaigh, beidh taispeántas grianghrafadóireachta le Paul Carroll, a chaith seacht mbliana ag taisteal na tíre ag glacadh pictiúir de na páirceanna CLG is áille sa tír

Na páirceanna CLG ‘is áille in Éirinn’ le taispeáint ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Páirc Naomh Molaise, Sligeach. Pictiúr: Paul Carroll.

Tabharfar léargas ar áilleacht pháirceanna CLG ó cheann ceann na tíre i dtaispeántas grianghrafadóireachta speisialta atá á reáchtáil mar chuid d’fhéile Chomórtas Peile na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh an mhí seo chugainn.

Saothar Paul Carroll a bheidh á thaispeáint, Corcaíoch a chaith seacht mbliana ag taisteal timpeall na tíre ag glacadh pictiúir de pháirceanna faoin tuath agus i gceantair uirbeacha araon.

Tá scoth na bpictiúr le Carroll cnuasaithe sa leabhar Gaelic Fields, a foilsíodh anuraidh agus a roghnaíodh ar liosta an Irish Times de na leabhair ghrianghrafadóireachta ab fhearr in 2016.

Taispeánfar scoth na n-íomhánna ón leabhar i dtaispeántas speisialta i dTuar Mhic Éadaigh le linn Chomórtas Peile na Gaeltachta, idir an 2-5 Meitheamh. Reáchtálfar an taispeántas ón Aoine go dtí an Luan i gclubtheach an chumainn ar Pháirc Naomh Muire.

Cé nach mbeidh aon pháirc Ghaeltachta sa taispeántas, deir Carroll gur ghoill sé air cuid acu a fhágáil amach, go háirithe páirc Naomh Pádraig, An Fhairche agus páirc CLG na Gaeltachta i nGallarus.

Gallurus i gCorca Dhuibhne. Pictiúr: Paul Carroll.

Roghnaigh Carroll naoi bpictiúr don taispeántas, grianghraif de pháirc CLG ar Inis Toirc agus ceann de pháirc Chumann Naomh Molaise i Sligigh atá faoi scáth Bhinn Ghulbain.

Agus é ag labhairt le Tuairisc.ie anuraidh, dúirt Carroll gurb iad na páirceanna beaga tuaithe, cinn na Gaeltachta san áireamh, a sholáthair na radhairc is breátha a chonaic sé agus é ag taisteal na tíre.

“Is go hInis Toirc a chuaigh mé don chéad turas den togra agus bhí sé sin dochreidte ar fad, mar is léir ón bpictiúr. Níl ach thart ar 34 duine ar an oileán, is ar éigean go mbeadh siad in ann cluiche a imirt eatarthu, mná agus gasúir san áireamh! Fós féin, bhí siad ag iarraidh a bpáirc féin agus thochail siad páirc amach as an gcnoc chun go mbeadh sí acu.

“Bhí Ciarraí agus iarthar Dhún na nGall dochreidte chomh maith ó thaobh radhairc áille. É sin ráite, chuaigh mé chuig ceantair uirbeacha chomh maith agus bhí sé sin an-suimiúil. Mar shampla, chuaigh mé chuig Coill an Chollaigh i Luimneach agus bhí monarcha díreach in aice na páirce. Bhí tú in ann loiní na n-inneall a chloisteáil agus an cluiche ar siúl, cheap mé go raibh sé sin iontach.”

An Fhairche, Gaillimh. Pictiúr: Paul Carroll.

 

Cill Charthaigh, Dún na nGall. Pictiúr: Paul Carroll.

 

An Cheathrú Rua, Gaillimh. Pictiúr: Paul Carroll.

Fág freagra ar 'Na páirceanna CLG ‘is áille in Éirinn’ le taispeáint ag Comórtas Peile na Gaeltachta'