Na ‘native-speaking colonists’ as Conamara a bhunaigh Gaeltacht Ráth Chairn

An 12 Aibreán 1935, 84 bliain ó shin, a thug trí bhus agus sé leoraí triúr agus ceithre scór duine as Conamara go Ráth Chairn

Na ‘native-speaking colonists’ as Conamara a bhunaigh Gaeltacht Ráth Chairn

Bhí an fharraige, bia, leasú agus saothrú an chladaigh, an taoille  agus na báid ina gcuid lárnach den saol agus den dúchas ag muintir Chonamara riamh agus is deacair dúinne a thuiscint inniu an misneach agus an fhiontraíocht a léirigh an dream sin a thug aghaidh ar Ráth Chairn glas na Mí an lá sin.

B’iontach go deo an íobairt a rinne siad ar mhaithe lena gclann agus le deis a fháil greim a chur faoin bhfiacail. D’fhág siad a gcomharsana, a ndaoine muinteartha, uaigheanna a sinsear agus an fharraige agus iad ag tabhairt aghaidh ar mhachairí méithe na Mí, mar a raibh slacht le cur ar bhulláin ar thalamh réidh séasúrach.

Is mór an díol trua na seandaoine a d’imigh le comhluadar óg an tí agus a fhios acu gur dóigh nach bhfeicfidís fód a ndúchais lena mbeo arís. Bhí píosa ag iriseoir ón gCuradh Connachtach a bhainfeadh deoir as cloch fós féin. Seanfhear as Garmna a bhí ag réiteach lena theach a fhágáil agus a chuid mangarae a chur ar an leoraí a labhair leis. 

‘With tear-dimmed eyes’ bhreathnaigh an seanfhear ar thalamh a dhúchais agus dúirt:

‘Pictiúir de na liners go Meiriceá a bhíodh taobh amuigh de na siopaí roimhe seo ach is pictiúir de na hóglaigh in Ardoifig an Phoist atá anois ann. Deir an Rialtas anois go bhfuil muide ag gabháil go mínleach na Mí le Gaeilge a chur á labhairt ann.

‘Talamh bocht atá anseo agus shílfeá go mbeadh muid sásta talamh maith a fháil ach is deacair an áit seo a fhágáil. Bhí mo mhuintir anseo níos faide ná cuimhne na ndaoine agus bhí an-chion agam ar an áit. Deir sibhse sa gcathair go raibh muid beo bocht ach bím ag fiafraí díom féin an mó a chuirfeas an cumha atá orm i ndiaidh na ndaoine atá mé a fhágáil isteach orm ná an ‘bochtanas’ a mbíonn sibhse ag caint faoi.’

Ní hionann agus na laethanta seo, ní raibh teilifís ná mapaí Ghoogle ag na daoine seo le spléachadh beag a fháil ar an áit a bhí i ndán dóibh i gcontae na Mí ach iad ag gabháil in aghaidh a gcinn rompu go dtí áit nach raibh dáimh ná gaol acu leis.

Aoine an Chéasta 1934 a leaindeáil grúpa as Conamara faoi stiúir ‘Mhuinntir na Gaedhealtachta’ ar a gcuid rothar ag Áras Chonradh na Gaeilge i gCearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath agus é de rún acu gan bacadh feasta le státseirbhísigh ná teachtaí Dála ach an drochbhail a bhí ar lucht na ngabháltas beag ar an gcósta thiar a chur ar a shúile d’Uachtarán na hArd-Chomhairle féin, Éamon de Valera.

Gheall Dev dóibh go dtiocfadh sé féin go Conamara, rud a rinne sa mBealtaine. Tugadh Dev amach go Seanadh Phéistín, mar a raibh scéim athlonnaithe Chumann na nGael ar an bportach ansin, ceann ar baisteadh El Dorado Phaddy Hogan air le teann déistine. 

Chuaigh Dev ar ais go Baile Átha Cliath agus d’ordaigh sé don Aire Tailte talamh na Mí a réiteach do mhuintir Chonamara.

Caithfear cuimhneamh go raibh saothrú Mheiriceá ceilte ar dhaoine óga Chonamara an tráth sin de bharr chliseadh an stocmhalartáin i 1929 agus an Spealadh Mór a lean é agus go raibh an saol sách corrach sa tír seo agus gan an gunna fuaraithe i gceart fós.

Is fiú cuimhneamh freisin gur drocham ceart do bhulláin agus d’fheilméaraí na blianta sin ó bhí Cogadh Eacnamaíochta ar siúl idir Éirinn agus Sasana ó 1932 go dtí 1938, aighneas a d’fhág an geilleagar ina chiseach. Is amhlaidh gur dhiúltaigh an tír seo an t-aisíoc, a gealladh sa gConradh i 1921, a dhéanamh le Sasana ar an airgead a cuireadh ar fáil le go gceannódh tionóntaí na tíre seo a gcuid talún ó na tiarnaí talún.

I mí Eanáir 1935 chuaigh dream de Mhuinntir na Gaedhealtachta go contae na Mí ag breathnú ar an talamh a bhí le fáil ag an dream thiar agus bhí a bpictiúr ar an nuachtán An t-Éireannach faoin teideal ‘Éire na mBullán nó Éire na nGaedheal: muintir na Gaedhealtachta i dTeamhair na Ríogh’.

Is aisteach anois, agus an col atá againn leis an bhfocal coilíneacht, na tuairiscí sna nuachtáin ag an am a léamh agus iad ag caint ar na ‘western peasants’ ag gabháil go contae na Mí ar an Irish Independent, nó na ‘native-speaking colonists from the Connemara Gaeltacht’ ar an Irish Press (Scéala Éireann) ar an 15 Aibreán 1935 agus dhá lá ina dhiaidh sin ‘the first 80 members of the new Gaeltacht colony’.

Sa dara halt sin is léir gur tuigeadh gur chun leasa na Gaeilge a bheadh an choilíneacht seo ach cur chuige i gceart ón gcéad lá – scoil, sagart, siopa a chur ar fáil sula mbéarfadh an riachtanas agus an Béarla ceannas san áit.

11 comhluadar a d’imigh an chéad lá sin, 83 duine ar fad de réir na dtuairiscí sna nuachtáin. Deirtear go ndeachaigh cuid de na gasúir agus na seandaoine ar an traein go dtí an Muileann gCearr agus ar bhus as sin go Ráth Chairn, an chéad uair ar thraein do chuid mhaith acu, ná b’fhéidir i gcathair na Gaillimhe féin.

Foilsíodh liosta na n-imirceach ar an gCuradh Connachtach ar an 20 Aibreán 1935: Beachla Ó Curraidhin a bhí 82 bliain d’aois agus a bhean as an Trá Bháin agus dháréag sa gcomhluadar; Colm Ó Catháin as an Máimín, a raibh ceithre dhuine dhéag ina chomhluadar; James McDonagh agus triúr leis as Inis Bearachain; Bríd Seoighe agus ceathrar ina teannta as Baile na Cille; Micheál Ó Conaire agus dháréag leis as an Máimín; Seán Ó Cofaigh as an Sconsa a raibh seisear ina chomhluadar; Bríd Nic Dhonncha as an Demesne ar an gCeathrú Rua agus seisear ina comhluadar; Beachla Ó Súilleabháin, as an Demesne agus cúigear leis; Beachla Ó Lupáin as Eanach Mheáin agus ceathrar ina theannta; J Ó Conghaile as Inis Treabhair agus deichniúr ina chomhluadar agus M Mac Craith as Leitir Calaidh agus seachtar de chomhluadar aige.

22 acra talún, teach, scioból, bó, capall, oirnis, agus 30 scilling sa tseachtain ar feadh bliana a gealladh do na Gaeilgeoirí, chomh maith le comhairleoir talmhaíochta a mbeadh Gaeilge aige. Dúradh sna tuairiscí nuachtáin chomh maith go raibh trí acra go leith curaíochta socraithe dóibh agus go ndeachaigh Miss Mangan, comhairleoir Tís, soir ina dteannta le comhairle tís a chur orthu ina n-áitreabh nua.

Ba ghearr gur thuig na ‘coilínigh’ gur bheag den rath 22 acra de thalamh maith le muirín a thógáil agus gur bheag an cúnamh eile a gheobhaidís mura dtroidfidís ar a shon. Is mór dá gclann a thug an bád bán orthu féin, díreach mar a rinne a muintir ar an gcósta thiar.

Is lóchrann agus údar dóchais iad muintir Ráth Chairn don tír seo – dream a choinnigh an teanga, an ceol agus an dúchas beo i bhfad óna gcineál agus gur mór an chomaoin atá á cur i gcónaí ag a sliocht ar cheol is cultúr na tíre. Éacht ann féin é sin ach bíonn fáilte chroíúil ghaelach ag an bpobal sin i gcónaí roimh Ghaeilgeoirí is foghlaimeoirí idir óg is aosta isteach ar a dteallaigh chuile am den bhliain. Pobal bisiúil suáilceach iad a bhíonn i dtús cadhnaíochta le scéimeanna is bealaí le pobal agus teanga a chothú.

Is olc an ghaoth nach ndéanann maith do dhuine éigin agus is amhlaidh do Ráth Chairn. Fágadh pobail bheaga an iarthair d’uireasa an dream ba mhó a raibh treallús agus déantús maitheasa ag baint leo agus is é forás Ráth Chairn an fómhar.

Fág freagra ar 'Na ‘native-speaking colonists’ as Conamara a bhunaigh Gaeltacht Ráth Chairn'