Na mná díbeartha go dtí an t-imeall i gCearnóg Pheadair

Cá rabhadar, an leath eile den chine daonna, an mhaidin Eanáir áirithe seo sa Vatacáin?

Na mná díbeartha go dtí an t-imeall i gCearnóg Pheadair

Ag breathnú dom ar chluiche caointe an Phápa Emeritus Benedict XVI an mhaidin gheimhridh seo atáim…. Ar an Teilifís. Josef Ratzinger. An Pápa b’éirimiúla a leag tóin ar Chathaoir Pheadair leis na céadta bliain, deirtear.

Má tá a lán eile faoin bhfear is faoina Phápacht ina ábhar teasaí díospóireachta, ba dheacair gan géilleadh don mhéid sin, pé scéal é.

Pápa éirimiúil ab ea é. Lánstad.

Sárshaothar gléineach is ea an chéad tréad-imlitir aspalda ar chuir sé lámh léi – Deus Caritas Est, a eisíodh Lá Nollag, 2005.

Aitheasc a thug tearmann teolaí laistigh d’iothlainn Dé don ghrá collaí. By Dad! Fáilte isteach roimh an ngrá collaí den chéad uair ón bhfuacht Antartach aspalda inar díbríodh é breis is míle bliain roimhe sin. Lánstad eile.

Ag breathnú ar an tsochraid ag teacht beo ó Chearnóg Pheadair, is ríléir rud amháin dom. Dá mba dochar dá cáil agus dá clú an sprioc a bhí ag an Eaglais Chaitliceach ní fhéadfaidís ócáid bholscaireachta níos fearr a eagrú ná seo.

Seo chugainn Comhghairm na Fearúlachta Nimhe i mbréagéadach na meánaoise. Seó ildaite. Doshéanta. Na mílte díobh bailithe le chéile.

Líne i ndiaidh líne acu. Seat i ndiaidh seat. Gan aon náire orthu. Ná oiread na frídín den fhéintuiscint.

Ní fhéadfadh an drochbhuachaill féin jab níb fhearr ná sin a dhéanamh dá mba é siúd an Stiúrthóir Teilifíse.

Cá rabhadar, an leath eile den chine daonna, an mhaidin Eanáir áirithe seo sa Vatacáin? Mná, tá’s agat. Bídís rialta nó ainrialta. Is cuma.

Feicim dornán beag díobh ó am go chéile scaipthe anseo is ansiúd. Déarfá gur ag iarraidh iad a chur i bhfolach atáid, a bhformhór mór scartha amach ó Fhlaithe na Fearúlachta Nimhe i mbanracha ar an imeall. Ar na taobhlínte. Díbeartha ag an gCultas Fear seo go dtí an áit a mheasann siad is oiriúnaí dóibh. As radharc, geall leis. Sna cúlbhinsí. Imeallaithe. Balbh.

Mná! Coimeádaigí amach uainn iad!

Lánstad.

Cuireann sé as go mór dom nár chuir an fhearúlacht nimhe seo isteach puinn orm le linn m’óige. Ní hé fiú gur ghlacas leis gur mar sin ba chóir do chúrsaí a bheith. Ba mheasa mo chlis ná sin fós. Is é a bhí ann dáiríre ná nár rith an cheist sin riamh liom, i ndéaga na caidéise fiú!

Lánstad.

Cuireann sin an ghoimh orm anois. Conas nach bhfaca? Conas nár rith?…..

Tá ceol niamhrach im chluasaibh anois. Guthanna ban sa treis. Cloiste, O.K. Ach, riamh anall, as radharc. Tá guthanna áille na mban an-áisiúil nuair is tarchéimnitheacht spioradálta atá de dhíth ort –as cór, abair. Agus as cór amháin, más féidir.

Lánstad.

Is fear ionraic, grámhar, daonna é an Pápa Proinsias. Duine uasal. Ach, mo léan, is snámh in aghaidh easa dó a chúram. Tá mo chroí is mo mhianta is lán mo chuid tacaíochta ag dul don bhfear bocht. Ach creidim go mbáfar ar deireadh é faoi ualach mhangairí claonta an dóláis nach bhfeicfidh riamh an cheist sin nach bhfaca mise mé féin ar feadh i bhfad….

Ní haon drochrud freasúra a bheith agat ar an taobh amuigh. Is measa i gcónaí an freasúra inmheánach don Phápa arb iad an claochlú, an atógáil, an athbheochan liobrálach an bhrionglóid atá aige.

Bhínn ag maíomh i gcónaí go bhfillfinn ar ag gcoimhlint arís dá ndéanfaí Pápa de Hans Kung na hEilvéise, céile comhraic Ratzinger.

Conas nach bhfuilim ag rith le brothall faoin gCruinne Pharailéalach ina bhfuil Hans Kung ina Pápa Dé na nDaoine?

Mar nach minic a dhéantar Pápa a earcú ó shlua na marbh.

Sciob Dia, más ann di, Hans bocht chuici féin ar an 16 Aibreán, 2021.

Ba é mo laoch é, mo rogha diagaire é Hans – mo Ghile Mear i gcúrsaí creidimh.

Lánstad.

Fág freagra ar 'Na mná díbeartha go dtí an t-imeall i gCearnóg Pheadair'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt ar tuairisic.ie le Pat Butler ‘Na mná díbeartha go dtí an t–imeall i gCearnóg Pheadair [Déardaoin, Eanáir 12, 2023].

    Tá a chuid féin déanta ag Pat Butler de choincheap de chuid an Fheimineachais Radacaigh, ‘an Fhearúlacht Nimhe’, mar a thugann sé féin air. Ní foláir nó is é an Fireannachas Nimhe atá i gceist ag Pat. Rud eile ar fad an Fhearúlacht Nimhe. Bhí Pat féin ciontach san Fhireannachas Nimhe sin ar feadh i bhfad, a deir sé. Ach is mithid anois leis, is léir, an galar sin a fhorchaitheamh ar na Cairdinéil, agus ar na heaglaisigh eile, a bhí ag Aifreann sochraide an iar–Phápa Beinidict XVI. Ní léir domsa cad chuige go díreach ar roghnaigh Pat an tAifreann sochraide sin chun a chuid féin ‘ciontachta’ a fhorchaitheamh ar na heaglaisigh sin. Ní thugann sé féin aon éachaint dúinn ar an gcúis atá aige leis sin. Ní shásódh an saol na Feiminigh Radacacha; is peaca do–mhaite é an Fireannachas féin, dar leo seo.

    Tagraíonn an Buitléarach don chéad Imlitir ag an bPápa Beinidict, Deus Caritas Est [‘Is é Dia an Grá’]:
    ‘Aitheasc a thug tearmann teolaí laistigh d’iothlainn Dé don ghrá collaí. By Dad! Fáilte isteach roimh an ngrá collaí den chéad uair ón bhfuacht Antartach aspalda inar díbríodh é breis is míle bliain roimhe sin.’
    Níl a chuma ar an méid sin gur léigh Pat téacs bunaidh na hImlitreach sin. Admhaíonn Beinidict XVI in §6 den Imlitir go raibh údair de chuid na Críostaíochta riamh ann ar dearcadh diúltach a bhí ar cholainn an duine acu; ach dearbhaíonn Beinidict gur meon mífholláin atá ag ‘Liobrálaithe’ an lae inniu de cholainn an duine chomh maith. Labhraíonn Beinidict ar an dá shaghas grá, eros agus agape –– an grá a ardaíonn in airde, agus an grá a íslíonn anuas, faoi seach. Tá gá le eros a íonghlanadh le agape, a deir Beinidict. Tagraíonn sé do Laoi na Laoithe sa Sean–Tiomna. Cuireann sé i bhfáth gur laoithe cumainn a bhí i Laoi na Laoithe go bunúsach a bhíodh le canadh le linn an phósta Eabhraigh, agus gur chun an grá pósta a mhóradh a cumadh iad. Grá saolta ba ea eros, dar leis na Gréagaigh, ach is ar chreideamh a bhíonn agape bunaithe. Ar a shon sin is uile, ní féidir an dá shaghas grá a scaradh ó chéile, ach dá mhéad agape a bhíonn sa ghrá is ea is mó a shaibhríonn sé eros [§7].

    Bhí Aifreann sochraide Bheinidict ar Theilifís RTÉ 1, agus bhí mise á fhaire ó thosach go deireadh, Déardaoin, Eanáir 5, 2023. Chonaic mé féin na scuainte ban ar an scáileán, idir mhná pósta, mhná singil, agus mhná rialta. Mary McGuire ó Leitir Ceanainn i gCo. Dhún na nGall a léigh an dara ceann de na ceachtanna le linn an Aifrinn, sliocht as an Chéad Litir ag Naomh Peadar [1: 3–9].

    Laoch ag Pat Butler is ea an Pápa Proinsias. Ach, a deir Pat, ‘creidim go mbáfar ar deireadh é faoi ualach mhangairí claonta an dóláis nach bhfeicfidh riamh an cheist sin nach bhfaca mise mé féin ar feadh i bhfad….’ Más fíor an leabhar leis an Ard–Easpag Georg Gänswein atá díreach foilsithe, Nient’altro che la verità [‘Lomchlár na Fírinne’], ní hin é an dearcadh a bhí ag Beinidict XVI ar Phroinsias. Ba é an tArd–Easpag Gänswein Rúnaí Príobháideach Bheinidict XVI ar feadh na mblianta. Bhí George Cairdinéal Pell go mór i gcoinne Shionad na Sionadúlachta [‘The Synod on Sin–Adultery’ mar atáthar a thabhairt go searbhasach as Béarla air], sionad atá Proinsias a chur chun cinn go láidir. Cailleadh an Cairdinéal Pell féin Dé Máirt, Eanáir 10, 2023 –– Solas na bhFlaitheas dá anamsan, agus d’anam Bheinidict. Tá Caitlicigh go leor ar fud an domhain nach bhfuil a oiread muiníne acu as an bPápa Proinsias is atá ag Pat. Nach é an Pápa Proinsias a chuir an t–iar–Chairdinéal Theodore McCarrick chun na Síne, chun conradh a dhéanamh le Rialtas na Síne i dtaobh na hEaglaise Caitlicí sa tSín? Is conradh fealltach a rinne McCarrick le Rialtas na Síne ar Chaitlicigh na Síne. Tá an–chuid séipéal Caitliceach leagtha ag Rialtas na Síne ó shin, agus na Caitlicigh dhílse ansiúd faoi mar a bhí Caitlicigh na hÉireann faoi na Péindlíthe in Éirinn. Ar aon chuma, cad chuige do Phroinsias McCarrick a chur chun na Síne, agus é ar eolas go poiblí go raibh ionsaithe homaighnéasacha déanta ag McCarrick ar fhir óga. Tháinig sé sa saol gurbh éigean do Phroinsias McCarrick a chur ó chóta. Tá fógartha ag Proinsias gur Cumannaí is ea é féin. B’fhéidir go míníonn sé sin a bhfuil ag tarlú. Bhí lá sochraide Bheinidict ina lá saoire i Stát na hIodáile, ach níorbh fhiú le Proinsias an lá céanna a fhógairt ina lá saoire i Stát na Vatacáine. Ní i gcóiste marbh a iompraíodh corp Bheinidict, ach i ngnáthveain. Ní chreidimse go dtarlódh a leithéid san áit is iargúlta in Éirinn.

    Maidir le Hans Küng, is eiriceach ba ea é siúd, agus bhain an Vatacáin stádas an ‘diagaire Chaitlicigh’ de.

    Arsa Pat gurbh é Küng a rogha féin diagaire, ‘mo Ghile Mear i gcúrsaí creidimh’. Chuir Gaeil na hÉireann formhór 200 bliain amú le Gluaiseacht an tSeacaibíteachais agus le Gilí Meara eile, na Stíobhardaigh. Tá a fhios le blianta gur insealbhaíodh ‘an Gile Mear’, an Prionsa Séarla, ina Ard–Mháistir ar Ord Máisiúnach an Teampaill, i dTaigh an Ròid, i nDùn Èideann na hAlban, in 1745, an chéad bhliain d’Éirí Amach na Seacaibíteach 1745–1746, 7 mbliana tar éis fhoilsiú an chéad toirmisc ag Pápa ar an Máisiúnachas –– an Litir Aspalda ag an bPápa Cléimeans XII, In eminenti apostolatus specula, 1738. Sa bhliain 1750 d’iompaigh an Prionsa Séarlas ina Anglacánach, ar The Strand i Londain, d’fhonn Anglacánaigh Shasana a mhealladh isteach i nGluaiseacht an tSeacaibíteachais. Ní raibh spéis ar bith ag Séarlas in Éirinn. Is i Ríocht Shasana a bhí an spéis go léir aige. Mar a dúirt Máirtín Ó Cadhain: ‘is mó de thochas croí ná de thochas cinn a bhí i stair na hÉireann riamh.’ Tá de bheith ag muintir na hÉireann iad a bheith ró–sho–mheallta i gcúrsaí polaitíochta –– de cheal gan machnamh domhain go leor a dhéanamh ar chúrsaí. Ní fada go mbeidh deireadh ar fad linn mar náisiún, ar an bhfuadar atá faoi chúrsaí le tamall.

  • Pat Butler

    Téarma.ie
    Torthaí beachta
    Exact matches –
    Social Science
    Eolaíocht Shóisialta
    EN toxic masculinity s▼
    GA fearúlacht bain3 nimhe▼

    Is fearr a léiríonn do fhreagra an fhearúlacht nimhe sin ab ábhar dom’ ghearán ná aon rud a scrí mé féin sa bhuntéacs, a Shéamais. Tá an fhearúlacht bain3 nimhe, nó an fireannachas masc1 nimhe slán fád’ chúram.

    Sin uaim é ar an ábhar seo. Quod scripsi scripsi.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar ríomhphost Eanáir 14, 2023, ag Pat Butler.

    Á shárú féin atá téarma.ie maidir le masculinity agus toxic masculinity de. Is iad na comhthéacsanna a luann téarma.ie le masculinity/fireannacht: Eolaíocht Shóisialta, Teangeolaíocht agus Teangacha. Aon chomhthéacs amháin a luann téarma.ie le toxic masculinity/fearúlacht nimhe: Eolaíocht Shóisialta.

    Is iad na húdair is mó agamsa ar fhoclóireacht na Gaeilge an Foclóir Gaedhilge agus Béarla (1927) ag an Ath. Pádraig Ua Duinnín, agus Foclóir Gaeilge–Béarla Néill Uí Dhónaill (1977 recte 1978).

    Mar seo a mhíníonn an tAth. Ua Duinnín Fearamhlacht [lch 436]:
    Fearamhlacht, –a, f., manliness, power, heroism, spirit; fearaidheacht, id.

    Mar seo a mhíníonn Ó Dónaill fearúlacht [lch 528]:
    Fearúlacht, f. (gs. ∼a). Manliness, manly spirit.

    Tá cialla eile le fearúlacht agus le fearúil dar ndóigh, ach ní dóigh liom go n–éireodh le Pat a chur siar ar mhuintir Ghaeltacht na Gaillimhe gurb í toxically masculine an chiall atá le ‘fearúil’ san amhrán ‘An Cailín Fearúil Fionn’, cuir i gcás.

    Thug mé féin 4 bliana i mo léitheoir profaí ar Fhoireann Foclóir Gaeilge Uí Dhónail, 1975–1978, nó mar sin; agus thug mé blianta fada ina dhiaidh sin ag éisteacht le dea–Ghaeilge Néill Uí Dhónaill, Phádraig Uí Mhaoileoin, agus Eibhlín Bean Uí Ainlí [Neil Phurge]. Leagan eile ar ‘fear’ ag Pádraig Ua Maoileoin ba ea ‘fireannach’; agus leagan eile ar ‘bean’ aige ba ea ‘baineannach’.

    ‘Ní bhíonn saoi gan locht, ach suí ar chloich,’ mar a deireadh Tomás Ó Cinnéide na Gráige, beannacht Dé le hanamain na marbh.

    Is rómhithid do Phat Butler a chuidsean forchaite a chur ag obair air féin.

  • Pat Butler

    Tá Gaeil an Fheimineachais Radacaigh, fir, mná agus páistí, sagairt, mná rialta agus mná ainrialta den uile chineál (bheadh Gaeil pháistí an Fheimineachais Radacaigh san áireamh freisin) – gan trácht ar na sluaite nach sásaíonn na lipéid féiniúlachta thuasluaite a n-ionannas siúd – an pobal ildaite LADTA, mar shampla, táid, go fiú (soto voce – is leasc liom an téama seo a úsáid, ach sa chás áirithe seo níl aon dul as agam) tá an Staid Dhaonna féin ina iomláine go mór fá chomaoin mo chéile comhraic sa chomhrá príobháideach seo, Séamas Uasal de Barra.

    Fá chomaoin an ‘scoláire’ Séamus Uasal de Barra (‘savant’ an focal Béarla a roghnóinn dá mba sa tSacs-Bhéarla a bhí seo á scríobh agam) atáimid ar thrí chúis, ar a laghad.

    1. Ní gá dúinn glacadh a thuilleadh le h-aistriú ábhairín lochtach ‘Téarma.ie’ ar an téarma sin ‘Toxic Masculinity’. Tar éis dó na blianta fada a chaitheamh ag comaoin leis na mairbh naofa údarásacha, sásaíonn an téarma ‘fireannachas nimhe’ ard-chaighdeáin Shéamais sna cúrsaí seo i bhfad níos fearr ná ‘fearúlacht nimhe’ Tearma.ie. Táimid seolta faoi dheireadh ar bhóthar teangeolaíoch ár leasa ag Séamas. Is léir ón méid atá scríofa aige go n-aithníonn Séamas de Barra gur ann dá leithéid, an toxic masculinity sin, agus go bhfuil téarma a réitíonn i bhfad níos fearr le dul agus nádúr agus inneach na Gaeilge curtha ar fáil aige dúinn, saor in aisce, bail ó Dhia ar an éacht oibre curtha isteach ansin aige.

    Sea – An Fireannachas Nimhe (Séamus Uasal de Barra) a bheidh in úsáid agamsa, pé scéal é, as seo amach chun Gaolainn Bhinn Bhlasta Fodhla a chur ar ‘toxic masculinity’ .

    2. Má tá sainmhíniú de dhíth orainn riamh ar cad is brí leis an téarma sin – ní ghá dúinn ach daoine a threorú chuig an bhfreagra a thug Séamas de Barra ar alt Pat Butler i ‘Tuairisc.ie’.

    3. Bhfuil sáirsint earcaíochta do Ghael Ghluaiseacht an Fheimineachais Radacaigh níos éifeachtaí ar bhántaibh beo na Banban san am atá i láthair ná Séamas de Barra féin?

    Foláireamh: In ainm Dé na Glóire Gile, ná dein ‘fireannachas’ an Bharraigh a mheascadh suas le ‘fireannacht’ nó ‘feargacht’ de Bhaldraithe!!!

    de Bhaldraithe (1959)
    virility, s. Feargacht f; F: fireannacht f.

    Slán agus beannacht le buarthaibh an tsaoil.

  • Séamas de Barra

    Buíochas le Dia go bhfuil Pat tagtha ar a chéill sa deireadh. Ach cé hé an Séamus de Barra seo a luann sé? Séamas de Barra atá ormsa.