‘Ní cheannóidh sé bosca meaitseannaí,’ a dúirt duine de sheanfhondúirí Áras Mhic Dara ar an gCeathrú Rua agus é ag cur síos ar shuarachas bhuiséad 2017 (Buiséad 2017 TG4 RTÉ 1 agus 2, RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt).
Bhaineas súp as ionchur na seanfhondúirí agus Ruairí Mac an Iomaire á ngríosú go tuisceanach, cumasach. B’ionraic agus ba ghléineach na léargais iad ar bhuiséad a bhí ar nós an ghobadáin lena chuid iarrachtaí gach aon trá a thabhairt leis. Go deimhin bhain ráiteas na ‘meaitseannaí’ macalla as slais Brendan Howlin níos luaithe sa tráthnóna nuair a mhaígh sé gur ar éigean a cheannódh na pinginí breise cupán caife do Thadhg An Mhargaidh.
Seanfhocail agus carraigeacha Gaeilge á radadh chugainn i rith an ama. ‘Is glas iad na cnoic i bhfad uainn,’ a deir seanfhondúir eile agus é ag cur síos, is dóigh liom, ar an moill a bheidh ar na pinginí nua. Páidí Ó Lionáird ag rá go mbíonn ‘blas ar an mbeagán’ agus Cuinneach ó Iarthar Duibhneach ag trácht ar an ‘boom a d’imigh dó féin’. Bhíos ag fanacht leis an gceann is ansa liom féin: ‘Mair a chapaill agus geobhair féar.’ Ós ag caint ar chúrsaí teanga mé n’fheadar riamh an gceart dom ‘cáinaisnéis’ nó ‘buiséad’ a thabhairt ar an gcúram? Is dócha gur ceist í sin atá níos casta agus níos conspóidí ná aon ‘bhudget.’
Fuarthas an-bhlas ar bheagán TG4 agus sinn i dtaobh le huair an chloig d’anailís agus tuairisceoireacht. Páidí is Eimear ag déanamh uainíochta ar a chéile. Saineolaithe bailithe isteach agus dreasanna cainte leis an Aire Airgeadais agus Aire Stáit na Gaeltachta. Téann an teanga sa bhfraoch ar an gCadhnach bocht ar uairibh agus bhí seo le clos go soiléir ar RnaG mar a raibh Gormfhlaith agus a painéal bríomhar ag iarraidh é a cheistiú faoi chiorrú a bhí déanta ar bhuiséad na Roinne. Ba léir go raibh freagra ullmhaithe ag fear Mhaigh Cuilinn faoi ‘ardú’ maoinithe an Údaráis agus avae leis ag maíomh gur dea-scéal a bhí sa mhórchiorrú. Níor chorrabhuais agus castróvaics go dtí é. Chuir Gormfhlaith ar shúile dó go deas réchúiseach gur ag maíomh as ciorrú a bhí sé. ‘No ardú! Jesus!’ arsa an tAire agus an painéal ag gáirí leo.
Ambaiste bhí sé deacair orm féin tóin ná ceann a dhéanamh de na figiúirí. Caiteachas reatha v caiteachas caipitiúil, buiséad iomlán na Roinne v an buiséad don Ghaeilge/Gaeltacht/oileáin. Ciorrú 9% agus cailliúint do €4.5 milliún don earnáil, faoi mar a thuigim. Ní galar aon duine amháin é agus bhí na deacrachtaí a bhain le heolas soiléir a fháil ó Roinn na Gaeltachta i measc téamaí an lae ag RnaG.
Mar atá ráite agam blianta eile, is mór an trua ná luíonn TG4 amach tuilleadh orthu féin agus uair an chloig eile ar a laghad a sholáthar óna 4-5. Bhí RTÉ ag taoscadh leo ó 12.40, craoladh ar an dá chainéal ag an am céanna. Bhí RnaG féin i mbun anailíse agus tuairisceoireachta ó 1.30 go dtí 4 pm agus arís ar Cormac ag a Cúig. Na piardaí móra bailithe isteach acu mar is gnáth, ach gan faic ag lucht na teilifíse dúinn go déanach sa tráthnóna.
Deineadh scéal mhadra na n-ocht gcos déanta don eiteach a thug Michael Noonan do Pearse Doherty agus Prime Time. É ar fad ag eascairt as an tslí ná feadar éinne an bhfuil Fianna Fáil sa chomhrialtas nó sa bhfreasúra. Is ait an mac an saol nuair a chíonn tú Aire Airgeadais Fhine Gael ag seasamh an fhóid dá chéile comhraic i bhFianna Fáil. D’fhág sin nach raibh an nimh chéanna san fheoil sna díospóireachtaí ar an dá chainéal.
Ar Prime Time b’éigean buíon a earcú seachas an comhrac beirte a bhíonn ann de ghnáth. Buille oird ar inneoin ag Michael Noonan nuair a chaith sé slais Ronald Reagan faoi chúrsaí aoise le Pearse Doherty, cé go gcuirfeadh tuairim Noonan faoi chomhar na gcomharsan aimsir na géarchéime olc ar mhórán.
Agus sinn ag cloí le hallagar agus gaois na seanfhocal sé ‘Ná déan nós agus ná bris nós’ a rith linn nuair a chonacthas ná fuair an tAire Airgeadais aon bhualadh bos tar éis a óráide, nós Dála seanbhunaithe.
Bliain eile. Cáinaisnéis/Buiséad/Budget eile gafa tharainn. Mairfidh an capall ar bheagán féir.
Fág freagra ar 'NA MEÁIN GHAEILGE AGUS AN BUISÉAD: Blas ar bheagán TG4 ach tuilleadh ag teastáil'