Na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh in 2022

Tagann an Nollaig agus rabharta leabhar. Tráth a mbíonn an lá gearr agus an oíche fada céard a léifidh tú le linn 12 lá na Nollag?

Na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh in 2022

Lá 1: ficsean gairid

Imram agus Scéalta Eile, Róise Ní Bhaoill, Éabhlóid, €14

Bíonn léitheoir an ghearrscéil ag súil go mbainfear siar as ach baineadh siúl asamsa agus mé luite ar na scéalta seo a léamh as éadan a chéile. Tá grinneas faoin duine nochtaithe i ngach aon scéal sa gcnuasach agus tá de bhua ag Róise Ní Bhaoill a bheith in ann cur síos mion, mín a dhéanamh ar chomharsa béal dorais in Tearmann agus ar an bhfuíoll áir mórthimpeall orainn i ngeall ar fhoréigean is cogadh in Imram. Brúidiúlacht de chineál eile a bhíonn romhainn i Seomra 393. Más scéal ó ré eile é Leath na Caillí tuigtear dúinn gur minic a bhíonn misneach agus uaigneas ag breith ar a chéile. Sárchnuasach, scothscéalaí.

Cnaipí agus Scéalta Eile, Colm Ó Snodaigh, Coiscéim, €10

Teannadh agus atmaisféar úrscéil atá leis an gcéad ghearrscéal sa gcnuasach seo, Cnaipí. Tá an scríbhneoireacht ar fheabhas agus braitear ionracas cumhachtach, fulaingt agus pian sna scéalta Taibhsí agus Urú. Tá ainnise agus splíontaíocht anama le brath ar go leor de na glórtha a chastar orainn ach thar aon ní eile léiríonn Colm Ó Snodaigh go bhfuil an gearrscéal ar a chomhairle féin aige.

Oiread Áiméan, Joe Steve Ó Neachtain, CIC, €8

Cúig cinn de scéalta gonta gairide – ‘oiread áiméan de thobar saibhir na scéalaíochta’ –  atá chugainn ó scríbhneoir na Cré Duibhe a d’imigh uainn i mí Eanáir 2020, trócaire air.

Lá 2: ficsean fada

Báire na Fola, Séamas Mac Grianna (eag. Nollaig Mac Congáil), Arlen House, €15

Leathchéad bliain i ndiaidh bhás Mháire tá teacht ar úrscéal staire óna láimh bunaithe ar Patrick O’Donnell nó Padaí Mhicheáil Airt as Mín an Chladaigh, Gaoth Dobhair. Daoradh chun báis é i dtrátha na Nollag in 1883 as an spíodóir James Carey a mharú, an té a sceith ar na baill de na Invincibles a bhí páirteach i ndúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce an bhliain roimhe. Is ar an gcás seo a bhunaigh Seán Ó Cuirreáin a leabhar Béarla The Queen v Patrick O’Donnell (Four Courts Press, 2021) agus léargas atá san úrscéal ar dhúspéis Mháire sa stair agus sa bpolaitíocht fhiníneach i ndeireadh an 19ú céad.

EL, Thaddeus Ó Buachalla, Coiscéim, €10

Bordálann plota agus carachtair an úrscéil seo idir dhá shnáth agus dhá thráth scéalaíochta: Corcaigh na comhaimsire agus coigríoch na hEorpa i lár an 17ú céad. Cé go bhfuil craiceann is modhanna na bleachtaireachta ar ghnéithe den scéal, fiafraítear ceisteanna móra amhail céard is daonnacht ann? Bronnadh duais LoveLeabharGaeilge ar an saothar ag Gradaim Liteartha An Post le gairid.

Lá 3: ficsean eolaíochta

Bádh B’fhéidir, Seán Ó Muireagáin, Éabhlóid, €14

Tugadh ardmholadh don chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag (2018) ach má tá claochlú ábhair agus foirme le sonrú sa mbailiúchán seo tá an éascaíocht chéanna sa scríbhneoireacht i gcónaí. Is cosúla le nóibhillí na scéalta téagartha An Chóir Chodlata agus An Choilíneacht. Láthair chlasaiceach ficsin eolaíochta atá sa spásárthach Dagda atá le cur go Siosafas 2 sa scéal Aiséirí ina bhfuil coimhlint idir cinntí saorga agus daonna. Murar spéis leat ficsean eolaíochta féin is mór is fiú coinneáil leis na scéalta don phriocadh coinsiasa agus don cheistiúchán ar chórais agus roghanna polaitiúla.

An Dara Rogha, Celia de Fréine, LeabhairCOMHAR, €12

An ann don dara rogha sa Ré Úr? Sin an bunús tuairimeach le Bithsféar 9 mar a mbíonn coláistéanaigh, síolraitheoirí, ceamaraí monatóireachta agus Feirm na bhFéatas. Tá conair oiliúna ardghradaim leagtha amach d’Emma agus dualgais síolraitheoireachta á leagan ar Zara. Ach níl siad ach ag teacht in inmhe agus i dtús a gcuid eolais. Éiríonn le Celia de Fréine téamaí tráthúla, suíomh inchreidte agus carachtair sho-aitheanta a chruthú san úrscéal seo atá dírithe ar dhéagóirí ach a gcuirfidh léitheoirí ar geal leo an diostóipe spéis ann freisin.

Lá 4: filíocht

Tonn Teaspaigh agus dánta eile, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Éabhlóid, €15

Tá bior ar an rannaíocht mhór agus bheag i dtríú cnuasach seo Ailbhe Ní Ghearbhuigh. Fearann torthúil is ea ríocht an teasa agus tá téamaí na ndánta seo cruachóirithe ach soilbhir san am céanna. Is ann don dianiniúchadh: ‘Bhíos seal faoi bhraighdeanas baile/ bhíos seal ar mearbhall aigne/ mheasas go mbeinn ar ceal feasta.’ (Cuairteoir) Agus don deise labhartha: ‘Raghad i dtaithí ar chomhréir/ nach dual dom ó thús/ ach tá friotal na mbachlóg agam/ ar an gcluas.’ (Grian na Maidine) Réamhaiste chritice le Daniela Theinová a sheolann an saothar.

Iníon Bhrídín Bhéasach, Máire Holmes, Coiscéim, €8.50

Fáisc teann ar do chóip den chnuasach seo má tá a leithéid agat mar bhí sciob sceab air i gCois Fharraige. Tá de bhreis is dhá scór dán agus cuimse téamaí ann ó Bhaile Phib anoir go Baile an Domhnalláin.

Lá 5: faisnéis

Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal, Dáithí de Mórdha, CIC, €20

Éiríonn leis an mórshaothar seo dul faoi chraiceann Raidió na Gaeltachta ar shlí eisceachtúil. Ní stair sheasc a insítear ach léirmhíniú líofa ar an dúchas mar a cuireadh i láthair an tsaoil mhóir ar an Raidió é. Pléitear gné na béalaireachta go mion agus go cothrom, an seasamh céanna ag Lauri Honko agus Joe Daly san anailís antraipeolaíochta. Staidéar spéisiúil atá ann freisin ar an gcaoi a bhfeidhmíonn cartlann chraolacháin mar thaisce cultúrtha. Is maith go bhfuil a cheart tugtha don Raidió i mbliain mhór a chomórtha.

Nollaig Oileánach, Micheál Ó Conghaile, CIC, €12

Cuimhní cinn ar chomhluadair Inis Treabhair atá sa leabhar seo ar mór an spórt é, idir phrós agus phictiúir. Deasghnátha na Nollag a úsáidtear le cuntas a thabhairt ar mhuintir an oileáin agus a gcaidrimh lena chéile agus leis an saol mór, bídís ag dul amach go tigh Chonroy ar an nGairfeanach nó sa Domhan Thoir i Siem Reap sa gCambóid idir dhá Nollaig. Tugtar aitheantas ar leith do bheirt oidí scoile a bhíodh ag múineadh in Inis Treabhair tráth, Seosaimhín de Róiste agus Máire Ní Chonghaile as an bPúirín.

Lá 6: stair

Pluid: Scéal na mBlocanna H 1976-1981, Eoghan Mac Cormaic, Coiscéim, €10

Ocht gcinn de Bhlocanna H a bhí i bPríosún na Ceise Fada. Léargas pearsanta paiteanta atá sa gcuntas seo ar thréimhse an údair mar chime idir 1976 agus 1981. Déantar dealú fuarchúiseach ar an réimeas a bhain le saol an phríosúin, ar an bhféiniúlacht phobail a bhain leis na príosúnaigh féin, ar an bpolaitíocht a bhain leis na stailceanna éagsúla. Seo é an stair nach múintear ar an gcuraclam oifigiúil ach atá fíor-riachtanach le buntuiscint a bheith againn ar fhorbairt phróiseas na síochána.

Murdar ar an Lochán Beag, Peadar G. Ó Máille, CIC, €12

Cuireadh fileata a thugann Peadar Ó Máille don léitheoir a dhul ar an dara seas in éineacht leis sa mbáidín taighde seo agus dúnmharú Patrick Thornton á fhiosrú aige ar ghort an bhaile féin. Baineann eachtraí an scéil lena athair agus fiosrú a tháinig chuige ón staraí Cormac Ó Comhraí, arbh é athair Pheadair – Sean-Pheadar Ó Máille as Cor na Rón – a mharaigh an Connaught Ranger? Cuirtear an leabhar fianaise i dtoll a chéile agus moltar don léitheoir a chríonnacht féin a dhéanamh. Scríbhneoireacht stíliúil Chois Fharraige go smior san inseacht.

Lá 7: traidisiún béil

Comhrá Cosáin: Agallaimh Bheirte agus Lúibíní do Dhaoine Óga, Fearghas Mac Lochlainn, Tuismitheoirí na Gaeltachta & CIC, €15

Is iad Tuismitheoirí na Gaeltachta a chuir síol an chnuasaigh seo. Agus is é Fearghas Mac Lochlainn a thiomsaigh scoth an ábhair idir lúibíní agus agallaimh bheirte ó scríbhneoirí agus cumadóirí atá ag cur fúthu ar fud Chonamara. Máistrí ar an gceird iad Traolach Ó Conghaile, Tomás Mac Con Iomaire, Luisne Ní Neachtain agus Ciarán Ó Fátharta ar ndóigh ach is ann freisin do shárchumadóireacht ó Chaitríona Ní Chonaola, Áine de Bhailís Uí Neachtain agus Mairéad Ní Cheallaigh. Ní hamháin go mbeidh an-éileamh ar théacsanna na n-agallamh beirte agus na lúibíní ach beidh an-aird ar an aiste threorach iontach, na leideanna agus na foirmlí atá scríofa thar barr ag Fearghas féin.

Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean Nós, eag. Philip Fogarty, Tiber Falzett & Lillis Ó Laoire, CIC, €20

Ainneoin spéis mhór a bheith sa sean-nós is fíorbheagán atá scríofa ina thaobh le hais gnéithe eile den traidisiún. Ach tá an bhearna sin á dúnadh ag foireann mhór scríbhneoirí na n-aistí seo. Pléitear ról na hamhránaíochta i gcothú na féiniúlachta pobail (Róisín Nic Dhonncha); athfhorbairt na fonnadóireachta in Albain (Griogair Labhruidh); éagsúlachtaí stíle agus luach seantaifeadtaí (Pádraig Ó Cearbhaill); agus an sean-nós ar Raidió na Gaeltachta (Odí Ní Chéilleachair) gan ach cuid de na topaicí a lua.

Lá 8: aistriúchán

Toraíocht na Dea-Bheatha: Comhairle ó Shaoithe na Seanré, Antain Mac Lochlainn, Leabhar Breac, €16

Tá teacht réidh agus éasca ar shaíocht Sheinice, Eipictéatais, Mharcais Áiréilias, Chicearó agus Eipiciúrais sa leabhar seo. Éagóir atá ann aistriúchán a thabhairt air mar tá oiread eile i gceist leis. Is cinnte go bhfuil slacht ar na haistriúcháin féin ach cuirtear an fhealsúnacht – na Stóigh go háirithe – i láthair go healaíonta, soiléir, tuisceanach. Déantar seo i bhfianaise chruóg an lae inniu agus sin le dea-phrós agus dea-aoibh.

An Buachaill, an Caochán, an Sionnach agus an Capall, Charlie Mackesy, aistrithe ag Máire Zepf agus Antain Mac Lochlainn, An tSnáthaid Mhór, €19

Is iad an grá agus an cineáltas an dá théama mhóra sa leabhar pictiúr álainn seo agus baineann éirim an scéil le gach duine againn. ‘Ní fheicimid ach an taobh amuigh dínn féin ach is taobh istigh dínn féin atá an t-aicsean go léir, beagnach.’ Iompraíonn téacs simplí teachtaireachtaí móra agus tá cóiriú nádúrtha Gaeilge curtha air. Taispeánfar gearrscannán den saothar seo ar BBC1 oíche Nollag agus beidh sé ar fáil ar Apple+ ar Lá Nollag.

Lá 9: drámaíocht

Snámh na Saoirse, Róisín Sheehy, LeabhairCOMHAR, €10

Scéal grá idir Domhnall Criomhthain agus Eibhlín Nic Niocaill ar an mBlascaod Mór in 1909 is bun leis an dráma aonghnímh seo a léiríodh in Amharclann an Lab sa Daingean i mí Lúnasa 2017. Istigh san oileán agus ar ché Dhún Chaoin atá imeachtaí an dráma lonnaithe agus is cuid bhunúsach den dráma an véarsaíocht agus an rince.

Drámaíocht na Gaeilge, Philip O’Leary & Brian Ó Conchubhair, CIC, €20

Toradh ar chomhdháil ollscoile a d’eagraigh Phil O’Leary ó Boston College agus Brian Ó Conchubhair ó Notre Dame in 2016 na haistí seo. Meabhraíonn Pádraig Ó Siadhail go mbíonn téatar na Gaeilge in áit na leathphingine le hais na mórsheánraí eile agus féachann údair na n-aistí le cuid den leatrom sin a chur ina cheart. Tá scagadh cumasach ag Fidelma Ní Ghallchobhair ar dhá dhráma le Criostóir Ó Floinn agus pléann Brian Ó Broin le tríológ de dhrámaí Mhichíl Uí Chonghaile. Tráthúil go leor agus an Cogadh Cathartha faoi chaibidil scrúdaíonn Ian Ó Caoimh dhá dhráma le hEoghan Ó Tuairisc, Lá Fhéile Michíl agus Fornocht do Chonac. Tá liosta fada drámaí Gaeilge i ndeireadh an leabhair.

Lá 10: scéalaíocht

Ceallach, Diarmaid Johnson, Leabhar Breac, €16

Tugann Diarmaid Johnson chun na coigríche muid agus na blianta tairsigh idir an séú agus an seachtú haois. Easaontas a thug ar Cheallach cúl a thabhairt do Cholumbanus agus cill dá chuid féin a dhéanamh ar uaigneas Sankt Gallen mar a thugtar inniu air. Is ann a scríobhadh an dán cáiliúil Pangur Bán ach toradh taighde agus samhlaíochta atá i scéal Cheallaigh: manach,  mac rí, deoraí agus díthreabhach.

Cath Fionntrá, Pádraig Ó Siochfhradha, Leabhar Breac, €18

Mórscéal Fiannaíochta agus culaith nua curtha ag Breandán Ó Cróinín ar athleagan an tSeabhaic. Tá Rí an Domhain, Dáire Donn, in uachtar agus tá Éire le cur faoi chois i ngeall ar leannán Fhionn Mhic Cumhaill. Tá loingeas faoi sheol agus aghaidh acu ar Fhionntrá. Tá aiste thagartha ón eagarthóir a bhfuil cur síos ann ar chúlra an scéil féin agus eagrán 1911.

Lá 11: eachtraíocht

Na Mairbh a d’fhill, Cathal Ó Sándair, An Gúm, €9; An tEitleán Dofheicthe, Cathal Ó Sándair, An Gúm, €9.

Is iontach mar a d’éirigh le Róisín Adams agus Róisín Ní Mhulláin brí nua a chur i saothar Chathail Uí Shándair le bliain anuas trí thaispeántais, painéil phlé agus obair chéadach leanúnach ar na meáin shóisialta. Is deacair a chreidiúint anois gur díoladh suas le 9000 cóip de Na Mairbh a d’Fhill nuair a cuireadh amach i dtosach é in 1943. Tá deis anois ag glúin úr léitheoirí aithne a chur ar Réics Carló agus Brian Ó Ruairc sa chéad dá scéal den tsraith eachtraíochta seo.

Sinbad Siúlach, Domhnall Ó Cearbhaill, Arlen House, €15

Seo tionscnamh athghabhála eile a bhaineann leis an ré chéanna a bheag nó a mhór. Foilsíodh eachtraí Shinbead mar mhíreanna ar an Irish Weekly Independent ó aimsir na Nollag 1939 go dtí Bealtaine 1940. Is léitheoireacht thaitneamhach gan dua iad na míreanna agus a bhuíochas sin do Dhomhnall Ó Cearbhaill, múinteoir, craoltóir agus eagarthóir ildánach.

Lá 12: léann

Snátha den Seansaol, Pádraig Ó hÉalaí, Martello Publishing, €24.95

21 aiste ar ábhair agus ar théamaí an bhéaloidis atá sa leabhar mór tathagach seo ó pheann Phádraig Uí Éalaí. Tugtar léargas ar leith sna haistí ar thábhacht leanaí agus saol an linbh sa traidisiún, leigheas na muintire, creideamh agus paidreacha na muintire, an Leabhar Eoin agus ceird is cleachtadh na scéalaíochta. Ceann de bhuanna an tsaothair go dtugtar aitheantas don chaoi ar mhúnlaigh an traidisiún an pobal ina cheann ar scagadh a dhéanamh ar an gcomaoin a chuir an pobal féin ar an dúchas.

An Óige agus an Athbheochan, Ríona Nic Congáil, Cló Léann na Gaeilge, €25

Is foilseachán slachtmhar agus údarásach é seo a scrúdaíonn an bhéim a cuireadh ar chothú na hóige san athréimniú teanga ó thús na hAthbheochana. Déantar anailís chúramach ar bhunfhoinsí chun cíoradh a dhéanamh ar an saothrú leitheadach a rinneadh ar an óige go náisiúnta agus dírítear aird ar an obair a rinneadh ar óige na Gaeltachta go speisialta.

Fág freagra ar 'Na leabhair Ghaeilge is fearr a foilsíodh in 2022'