Na hIodálaigh chun tosaigh ar na Beilgigh mura mbeidh Kevin de Bruyne ar fáil

Imreoidh An Spáinn agus An Eilvéis in aghaidh a chéile tráthnóna sa chéad chluiche ceathrú ceannais ag EURO 2020 agus casfaidh An Iodáil agus An Bheilg ar a chéile anocht

Na hIodálaigh chun tosaigh ar na Beilgigh mura mbeidh Kevin de Bruyne ar fáil

Kevin de Bruyne. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

An Eilvéis v An Spáinn – 5pm

Ní bheidh aon easpa muiníne ag cur as d’imreoirí na hEilvéise tráthnóna tar éis dóibh bua iontach a bhaint amach in aghaidh na Fraince ag tús na seachtaine. Bhí an chuma ar an scéal go raibh rás na nEilvéiseach rite agus gan ach deich nóiméad fágtha, iad 3-1 chun deiridh i gcoinne sheaimpíní an domhain. Scóráil Haris Seferović agus Mario Gavranović cúil chun an Eilvéis a shábháil agus nuair a chuir Kylian Mbappé a chic éirice amú níos deireanaí san oíche, bhí ceann de na buanna is mó riamh ag an Eilvéis.

Cé gur beag clú atá bainte amach ag foirne na hEilvéise le blianta, foirne cumasacha, dea-eagraithe a bhíonn acu go minic agus is annamh nach mbaineann siad na mórchomórtais sacair amach.

Tá buille ollmhór buailte ar an Eilvéis, áfach, agus Granit Xhaka ar iarraidh don chluiche inniu toisc é a bheith ar fionraí. Ní hé an t-imreoir lár páirce rogha lucht tacaíochta Arsenal ach bhí sé ceannasach in aghaidh na Fraince Dé Luain agus is mór an chailliúint é, go háirithe in aghaidh fhoireann seo na Spáinne.

Granit Xhaka. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tháinig an Eilvéis ar ais ó 3-1 chun deiridh chun teacht slán in aghaidh na Fraince ach is beag nár chaill an Spáinn cé go raibh siad 3-1 chun tosaigh ar an Chróit sa chluiche eile a imríodh Dé Luain. Mar a tharla i gcluiche na hEilvéise, scóráil an Chróit dhá chúl agus an t-am nach mór caite in aghaidh na Spáinne ach d’éirigh leis na Spáinnigh an lá a thabhairt leo in am breise.

Bhí an-chuid deacrachtaí ag foireann Luis Enrique cúl a scóráil sa chéad dá chluiche a bhí acu ag EURO 2020 ach tá deich gcúl anois aimsithe acu le dhá chluiche anuas agus an fhoireann ag neartú ag an am ceart.

Rinneadh scéal mór de theipeanna Alvaro Morata ach is é an tosach a scóráil an cúl cinniúnach in am breise agus má tá an mhuinín sin aige, d’fhéadfadh sé cur leis an gcúl sin inniu.

Pé rud a tharlaíonn tráthnóna, ní bheidh na Spáinnigh ag iarraidh go rachaidh an choimhlint seo chomh fada le ciceanna éirice. Ní hamháin gur scóráil na hEilvéisigh gach ceann de na chúig chic a bhí acu in aghaidh na Fraince ag tús na seachtaine ach tá cúig iarracht as a chéile curtha amú ag imreoirí na Spáinne ó chiceanna éirice. Cuireadh péire acusan amú sa chomórtas seo (ceann an duine ag Morata agus Gerard Moreno) agus cuireadh péire eile amú in aghaidh na hEilvéise mí na Samhna seo caite.

Lucht tacaíochta na Beilge. Pictiúr: INPHO/James Crombie

An Bheilg v An Iodáil – 8pm

Beidh coimhlint idir péire de na boic mhóra anocht nuair a thabharfaidh an Bheilg agus an Iodáil aghaidh ar a chéile.

Measadh na Beilgigh i measc roghanna na coitiantachta don chomórtas ach tá cúrsaí go mór i mbaol anois agus imní ann faoi Kevin de Bruyne agus Eden Hazard. Is beag seans go mbeidh Hazard in ann an cluiche a thosú agus gortú matáin ag cur as dó. Cé gur gortú ballnaisc atá ag cur as do de Bruyne, tá seans níos mó ann go rachfar sa seans leis. Is é fear Man City an t-imreoir is tábhachtaí atá ar fhoireann na Beilge agus is é a chruthaíonn an-chuid de na deiseanna scórála do Romelu Lukaku.

Ó thús an chomórtais seo a thosaigh an Iodáil ag dul i bhfeidhm ar dhaoine ach tugtar an-seans dóibh anois an chraobh a bhaint.

Beidh na hIodálaigh ag iarraidh a gcéilí comhraic a fhágáil ina ndiaidh a bhuíochas don fhuinneamh atá acu. Ní hí foireann na hIodáile an ceann is tapa ar domhan ach ní bhíonn stad ar na himreoirí ach ag rith ó thús go deireadh. Seanchosantóirí malla atá i lár na cosanta ag an mBeilg agus cé go mbíonn Roberto Martinez sásta treoir a thabhairt dá fhoireann suí siar, d’fhéadfadh an Bheilg a bheith i dtrioblóid má ligtear don Iodáil ceannas a fháil ar an gcluiche.

Is í seo an chéad uair acu aghaidh a thabhairt ar fhoireann láidir sa chomórtas agus tabharfar a ndúshlán. Bhí rith an ráis le foireann Roberto Mancini sa ghrúpa ach bhí deacrachtaí ag na hIodálaigh sa chluiche deireanach in aghaidh na hOstaire, cé gur éirigh leo teacht slán tar éis am breise.

Ar an taobh eile, bhí dhá chluiche crua ag foireann na Beilge go dtí seo, in aghaidh na Danmhairge agus in aghaidh na Portaingéile, agus bhuadar an péire.

Braitheann go leor ar de Bruyne, áfach. Má tá sé ar fáil agus nach bhfuil an gortú ag cur as rómhór dó, tá seans iontach ag an mBeilg. Gan é, beidh na hIodálaigh muiníneach.

Fág freagra ar 'Na hIodálaigh chun tosaigh ar na Beilgigh mura mbeidh Kevin de Bruyne ar fáil'