NA FOTHOGHCHÁIN: An-seans ag Fianna Fáil ar shuíocháin i gCorcaigh agus i Loch Garman

Ba chóir go mbeadh bua éasca ag Padraig O’Sullivan ó Fhianna Fáil i gCorcaigh agus ba chóir go mbeadh an lá le Malcolm Byrne i Loch Garman i bhfothoghcháin na hAoine

NA FOTHOGHCHÁIN: An-seans ag Fianna Fáil ar shuíocháin i gCorcaigh agus i Loch Garman

Cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go n-éireoidh go maith le Fianna Fáil sna fothoghcháin i mBaile Átha Cliath, tá comharthaí ann go ndéanfaidh siad go maith sa dá cheann eile, i gCorcaigh agus i Loch Garman.

Tá iarrthóir láidir ag Fianna Fáil i Loch Garman, Malcolm Byrne. Fuair sé 9.62% den vóta sna toghcháin Eorpacha agus é beagáinín taobh thiar de Mick Wallace a toghadh agus 11.37% aige.

Sna toghcháin áitiúla i Loch Garman bhí Fianna Fáil beagáinín chun tosaigh ar Fhine Gael, 29% in aghaidh 26%, ach fuair iarrthóirí neamhspleácha 26% den vóta freisin, tionchar Mick Wallace ar an gcontae, b’fhéidir. Ní cosúil go mbaineann aon duine de na hiarrthóirí atá sa rás seo le heagraíocht Wallace agus ní fios fós cá rachaidh a chuid vótaí siúd.

Cinnte beidh Sinn Féin ag súil go bhfaighidh siad cuid mhaith díobh. Chruthaigh an páirtí go dona sna toghcháin áitiúla agus chaill Johnny Mythen, an t-iarrthóir atá acu sa bhfothoghchán, a shuíochán ar an gComhairle. Is deacair a fheiceáil go mbeadh seans aige.

Tá Páirtí an Lucht Oibre an-mhórtasach as a n-iarrthóir féin, George Lawlor. Toghadh sna toghcháin áitiúla é, ach sa gcontae ar fad ní bhfuair an páirtí ach 9% den vóta, is beidh sliabh le dreapadh aige chun an suíochán a ghnóthú.

Tá iarrthóir an-láidir ag Fine Gael, Verona Murphy, uachtarán Chomhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann, ach beidh le feiceáil cén tionchar ar a vóta a bheidh ag na scéalta faoi ráitis a rinne sí faoi iarrthóirí tearmainn agus ábhair eile.

Tá gean go forleathan sa bpobal ar Malcolm Byrne, iarrthóir Fhianna Fáil, agus meas air mar gheall ar a chuid gníomhaíochta ar son cearta daoine aeracha.

Creidim go bhfaighidh seisean i bhfad níos mó aistriúchán ná Verona Murphy, agus dá bharr sin is dóigh go mbeidh an bua ag Fianna Fáil – mura mbíonn tionchar rómhór ag Wallace ar an scéal, agus níl aon chomhartha ann go dtiocfaidh.

Is i gCorcaigh Thuaidh-Lár, a bheidh an ceathrú fothoghchán, agus arís beidh an-dóchas ag Fianna Fáil go n-éireoidh leo a suíochán, suíochán Billy Kelleher a choinneáil.

Sna ceantair thiar-thuaidh agus thoir-thuaidh den chathair fuair Fianna Fáil os cionn 25% den vóta sna toghcháin áitiúla, i gcomparáid leis an 16% a bhí ag Fine Gael, agus b’in beagáinín níos lú ná mar a fuair siad san olltoghchán sa dá cheantar.

Thit an vóta na heite clé – Sinn Féin, Solidarity agus Páirtí na nOibrithe – ó 40% san olltoghchán go dtí 21% ach sna toghcháin áitiúla rinne iarrthóir Shinn Féin, Thomas Gould, go maith agus fuair sé 1,402 vóta.

Bhí Páirtí an Lucht Oibre agus Comhaontas Glas i bhfad ar gcúl orthu, agus gan ag an dá pháirtí ach 7% an ceann, ach is dóichí go rachaidh a vótaí siúd go dtí Fianna Fáil seachas go dtí Sinn Féin.

Sa gcás sin, ba chóir go mbeadh bua éasca ag Padraig O’Sullivan ó Fhianna Fáil ar Cholm Bourke ó Fhine Gael.

Maidir leis na ceithre fhothoghchán, tá sé ráite cheana féin ag ceannaire Fhine Gael, an Taoiseach Leo Varadkar, nach bhfuil sé ag súil ach le suíochán amháin– Emer Higgins i mBaile Átha Cliath Thiar-Lár. Ar ndóigh, tá súil aige freisin go n-éireoidh leis an bpáirtí cuóta a fháil i ngach aon toghcheantar, rud a chinnteodh suíochán dóibh san olltoghchán san earrach nó ag tús an tsamhraidh.

Níl Fine Gael thíos ach suíochán amháin de bharr na dtoghchán Eorpach, agus dhéanfadh ceann amháin cúis le hiad a choinneáil mar atá.

Ó thaobh Fhianna Fáil de, beidh siad breá sásta má éiríonn leo dhá shuíochán a fháil, ceann i gCorcaigh agus ceann i Loch Garman, agus bheadh ríméad orthu dá n-éireodh le Lorraine Clifford-Lee i bhFine Gall chomh maith.

Is í an tosaíocht is práinní ag an eite chlé ná stop a chur leis an meath a bhí le feiceáil sna toghcháin áitiúla. Is beag dóchas a bheadh agam maidir le Solidarity nó Daoine Seachas Brabús, ach d’fhéadfadh Sinn Féin teacht isteach sa dara háit in dhá thoghcheantar, cé gur caolseans go mbainfidh siad ceachtar acu. Tá sé an-tábhachtach don pháirtí go mbeadh biseach éigin le haithint orthu.

Maidir le Páirtí an Lucht Oibre agus Comhaontas Glas, tá siad go láidir sa rás i bhFine Gall, agus tá Páirtí an Lucht Oibre chun cinn ar an gComhaontas Glas. Chuirfeadh sé go mór le muinín an pháirtí sin dá mbeadh bua ar bith acu agus tá údar dóchais acu i bhFine Gall.

Ní dhéanfaidh na torthaí mórán difir don Dáil faoi láthair, ach beidh an-tionchar, cibé maith nó olc, acu ar mhuinín na bpáirtithe agus iad ag ullmhú d’olltoghchán. 

Fág freagra ar 'NA FOTHOGHCHÁIN: An-seans ag Fianna Fáil ar shuíocháin i gCorcaigh agus i Loch Garman'