Na Déise faoi mhíbhuntáistí móra agus iad fós sa tóir ar shoitheach naofa na hiomána

Dícháiliú an chríoch a bhí le feachtas sraithe na nDéise agus is iomaí sin ceist a d’fhéadfaí a chur fúthu i mbliana

Na Déise faoi mhíbhuntáistí móra agus iad fós sa tóir ar shoitheach naofa na hiomána

Bainisteoir Phort Láirge, Derek McGrath. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Tá an-difríocht idir a bheith ag ullmhú don chéad chluiche craoibhe agus a bheith ag ullmhú do na cinn eile sa tsraith ceithre chluiche atá i mbliana againn sna cúigí. Tá níos mó ná sé mhí ag na foirne chun fáil réidh don chéad choimhlint sin. Sin go leor ama chun taighde a dhéanamh faoin bhfreasúra. Bíonn meon na n-imreoirí dírithe go hiomlán ar an gcéad chluiche. 

Mar sin, bí cinnte go raibh mórán dá ndearna Port Láirge ó thosach na bliana dírithe ar an lá inniu i mbaile na hInse. Faraor tá trí mhíbhuntáiste ar a laghad ag cur as do na Déise sa chomórtas seo. Ní rabhadar ag imirt an chéad deireadh seachtaine, mar a bhí contae an Chláir. Chomh maith leis sin,  beidh cluiche ag Port Láirge ceithre seachtaine i ndiaidh a chéile agus, mar bharr ar an donas, is as baile a bheidh  na cluichí go léir acu. Cuir leis sin nach bhfuil beirt den triúr deartháireacha Bennett ar fáil dóibh agus go bhfuil amhras ann go bhfuil gortuithe ag cur as do Austin Gleeson agus Pauric Mahony. Ní haon iontas go bhfuil mórán de na saineolaithe den tuairim nach mbeidh Port Láirge i measc na dtrí fhoireann a n-éireoidh leo teacht slán ó Chúige Mumhan agus dul chuig Páirc an Chrócaigh.

Tá sé ráite ag Derek McGrath gurb í seo an bhliain dheireanach mar bhainisteoir aige agus is cinnte go bhfuil éacht mór déanta aige.

Mar sin féin, tá beagnach trí scór bliain caite ó d’ardaigh aon chaptaen de chuid na nDéise Corn Mhic Cárthaigh. Ní dóigh go bhfuil aon sprioc eile ag McGrath i mbliana seachas a chontae a choimeád ar thosach an tslua agus soitheach naofa na hiomána a bhuachan mí Lúnasa.

Ó thaobh sceideal na gcluichí is dócha go bhfuil buntáiste ag an gClár sa Mhumhain mar go bhfuil briseadh seachtaine acu i ndiaidh a gcéad dhá chluiche, rud nach bhfuil ag aon chontae eile sa chúige. Ach an comórtas faoi lánseol cheana féin agus an Clár faoi bhrú toisc gur chaill siad a gcluiche seachtain ó shin i bPáirc Uí Chaoimh.  Ba léir agus deich nóiméad caite sa chluiche sin go raibh easpa díocais ag baint lena gcuid imeartha. Bhí Corcaigh níos fearr don chuid is mó den chluiche. Caithfidh an Clár foghlaim ó na botúin agus díriú ar dhúshlán na nDéise.

Díol suime ab ea é gur bhuaigh na foirne baile go léir an deireadh seachtaine seo caite. Má tharlaíonn an rud céanna an deireadh seachtaine seo beidh an tríú babhta cluichí an-suimiúil go deo.

Maidir leis na Déise níl aon rogha acu ach taisteal agus iarracht a dhéanamh forlámhas na bhfoirne baile a chloí. Nílim cinnte in aon chor fúthu i mbliana. Dícháiliú an chríoch a bhí lena bhfeachtas sraithe.

Cuimhnigh áfach gur bhain siad cluiche ceannais na hÉireann amach anuraidh agus cé go raibh an tús lag acu d’éirigh leo dúshlán na Gaillimhe a thabhairt go dtí an deich nóiméad deireanach. Tá raidhse imreoirí maithe cumasacha acu ach ní in óige atá an bheirt cheannairí, ‘Brick’ Walsh agus Kevin Moran, ag dul agus mura mbíonn an tionchar céanna acusan agus a bhíodh, is laige a bheidh na Déise. Ní shin le rá nach bhfuil taithí, scil agus muinín ag baint leis an bhfoireann seo, ar a bhfuil imreoirí a bhuaigh craobhacha uile-Éireann ag leibhéal na scoile, na mionúr agus faoi 21. 

Táim ag súil le cath. Beidh ar an gClár a chinntiú go mbeidh seilbh an tsliotair níos minice ag Tony Kelly ná mar a bhí an Domhnach seo caite, ach mura mbíonn Gleeson agus O’Mahony ábalta imirt cheapfainn go mbeadh an lá leis na Cláirínigh. 

Fág freagra ar 'Na Déise faoi mhíbhuntáistí móra agus iad fós sa tóir ar shoitheach naofa na hiomána'