Ná déan talamh slán de go mbeidh an bua ag Micheál D Ó hUigínn

Ní slán ó bhuairt atá an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn i dtoghchán an fhómhair

Ná déan talamh slán de go mbeidh an bua ag Micheál D Ó hUigínn

Samhlaigh. Stiúideo teilifíse, tús mhí Dheireadh Fómhair. An tUachtarán agus na hiarrthóirí toghcháin eile tagtha le chéile i gcomhair na chéad díospóireachta d’fheachtas 2018.

Cuir i gcás go bhfuil an óráidíocht thart, agus ceisteanna ón lucht féachana á gcur ar na hiarrthóirí ag an láithreoir Miriam O’Callaghan:

“Do you agree with the closure of 161 post offices, and would you appeal to the Government to prevent this disgraceful attack on rural Ireland?’

Ar ndóigh níl ceart ná cumhacht ag uachtarán ar bith a choinneodh oifig poist ar bith ar oscailt. Ach de ghnáth ní bac iad srianta reachtúla ar iarrthóirí ná ar an bpobal beartais a mholadh, is cuma murar féidir le céad shaoránach na tíre na beartais sin a chur i gcrích.

Is féidir le gach uachtarán aird an phobail a tharraingt ar riachtanais nó ar ábhair náire áirithe. Ach is ag an rialtas amháin atá an t-údarás chun déileáil leo.

Rinne Micheál D Ó hUigínn neamhaird arís Dé Domhnaigh seo caite den bhearna seo idir cumhacht na huachtaránachta agus an rialtais nuair a mhol sé cosc ar fhógraíocht chearrbhachais le linn chraolta teilifíse. Mar thaca lena thuairim, thagair sé don léargas a thug a chuairt ar Hope House i mBéal Easa i gCo Mhaigh Eo dó ar an andúil sa chearrbhachas.

Tá taithí againn faoin am seo ar ráitis dá leithéid ón uachtarán, agus gan dabht aontóidh mórán lena thuairim. Ní raibh an scéal amhlaidh nuair a thug sé ardmholadh gan cheist do shaol agus do shaothar Fidel Castro i ndiaidh a bháis in 2016.

Ní bheidh an scéal amhlaidh ach oiread le linn an fheachtais uachtaránachta.

Fillimis, mar shampla, ar an gcosc a mhol sé ar fhógraíocht a bhaineann le cearrbhachas.

Beidh iarrthóir Shinn Féin agus iarrthóirí eile ábalta a rá sa bhfómhar, agus an ceart acu, go bhfuil cosc ar a leithéid á phlé ag an rialtas agus ag Fianna Fáil le cúig bliana anuas. Beidh said ábalta a rá freisin, agus an ceart acu, nach bhfuil reachtaíocht maidir lena leithéid de chosc foilsithe, ná fiú geallta, fós.

Má fhiafraítear den Uachtarán an amhlaidh go bhfuil sé sásta leis an moill a chuir páirtithe a thugann tacaíocht dá ainmniúchán ar an ngníomh a mhol sé, ní léir ach dhá fhreagra a d’fhéadfadh sé a thabhairt ar a leithéid de cheist.

1. Nílim sásta leo in aon chor. Tá sé thar am ag an rialtas cosc ar fhógraíocht chearrbhachais a chur i bhfeidhm.

Nó…

2. Tharraing mé aird ar chúis imní – an nasc idir an chraoltóireacht spóirt agus an cearrbhachas. Ní fúmsa atá sé gníomh a dhéanamh. Is gnó don rialtas amháin é sin.

Cibé cineál freagra a thabharfaidh Micheál D Ó hUigínn ar cheisteanna mar seo, ní aontóidh go leor vótóirí leis. Beidh deis mar sin ag iarrthóirí eile tacaíocht a fháil trí bhuntáiste a bhaint as (1) an dualgas atá air staonadh ó chúrsaí nach mbaineann lena chúram, nó (2) mar gheall ar a neamhthoil cur lena chuid cainte. 

Is é toghchán uachtaránachta1966 an t-aon uair ó bunaíodh an stát gur thug iarrthóir eile dúshlán uachtaráin tar éis téarma amháin san Áras.

D’ainmnigh Fine Gael an t-iar-aire sláinte Tom O’Higgins mar iarrthóir. Ina choinne bhí an tUachtarán Éamon de Valera, a bhí ina Thaoiseach ar feadh 21 bliain agus a raibh meas air mar dhuine de cheannairí Éirí Amach1916.

Ainneoin gach buntáiste (a cháil, taithí agus meas an phobail air) ní raibh ach farasbarr 10,000 vóta ag de Valera faoi dheireadh.

Ní féidir toradh toghcháin ar bith a phlé i gceart go dtí go bhfógraítear cé a bheas páirteach ann. Faoi láthair, ní léir fiú amháin cé mhéad iarrthóir a sheasfaidh.

Dúirt duine amháin atá luaite mar dhuine a d’fhéadfaí a ainmniú mar iarrthóir go dteastódh fianaise phobalbhreithe ó dhuine sula bhféadfaí cinneadh a dhéanamh gur fiú seasamh. Ní léir fós ach oiread cén cineál iarrthóra a roghnóidh Sinn Féin: comhalta den pháirtí nó iarrthóir neamhspleách atá báúil leo gan a bheith ina dhílseoir.

Ba léir arís cion an phobail ar an Uachtarán Ó hUigínn nuair a d’fhreastail sé ar Rásaí na Gaillimh agus ar na cluichí leathcheannais iomána. Ach ní dheimhníonn cion bua i gcónaí. Níl an rás seo rite fós.

Fág freagra ar 'Ná déan talamh slán de go mbeidh an bua ag Micheál D Ó hUigínn'