‘Ná déan é mura n-athraítear an dlí faoi mhí-úsáid ar líne’ – comhairle Ghráinne Seoige faoi dhul leis an bpolaitíocht

Tá cur síos déanta ag an gcraoltóir Gaeltachta Gráinne Seoige ar eachtra a tharla le linn olltoghchán 2024 nuair a scaipeadh íomhá phornagrafach bhréagach di

‘Ná déan é mura n-athraítear an dlí faoi mhí-úsáid ar líne’ – comhairle Ghráinne Seoige faoi dhul leis an bpolaitíocht

Deir Gráinne Seoige go bhfágann an drochíde agus an drochúsáid ar líne a d’fhulaing sí nuair a sheas sí d’olltoghchán 2024 nach molfadh sí d’aon bhean dul leis an bpolaitíocht.

Bhí Seoige ag labhairt le Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó Choiste na Meán inniu faoin rialú a dhéantar ar na hardáin ar líne agus faoin mbealach gur féidir sábháilteacht ar líne a fheabhsú.

Deir sí nach dtugtar dóthain tacaíochta sa dlí d’íospartaigh a mbaintear mí-úsáid ghnéasach astu trí íomhánna bréige a scaipeadh.

Tá cur síos déanta ag Seoige sna meáin ar eachtra a tharla le linn olltoghchán 2024 nuair a scaipeadh íomhá phornagrafach bhréagach di a cruthaíodh le hintleacht shaorga.

Rinne Seoige, a bhí sí ina hiarrthóir ag Fianna Fáil i nGaillimh Thiar, gearán leis an nGarda Síochána, le Coimisiún na Meán agus le Meta, máthairchomhlacht WhatsApp, ach deir sí nach bhfuair sí aon sásamh uathu.

Dúirt Seoige leis an gcoiste Oireachtais nach bhféadfadh sí anois moladh do mhná iad féin a chur os comhair an phobail agus seasamh i dtoghchán.

“Is féidir liom a rá go fírinneach, dá dtiocfadh aon bhean chugam ag fiafraí díom ‘Ar cheart dom mé féin a chur chun cinn [do thoghchán]?’, déarfainn léi nár cheart, ná déan é. Ní fiú é an méid a fhulaingeoidh tú,” a dúirt Seoige.

Dúirt Seoige gur thuig sí go maith go gcuirfeadh an tuairim sin imní ar pholaiteoirí ar an gcoiste ach nach bhféadfadh sí ach labhairt ar a taithí féin agus gur mheas sí nach raibh an tacaíocht chuí curtha ar fáil. di.

“Ní áit fháilteach a bhí inti,” a dúirt sí. “Níor caitheadh go maith liom sna meáin, ar líne nó i mo dháilcheantar féin uaireanta. Ní féidir liom ach labhairt ar mo thaithí féin. Bhí sé fíochmhar.”

Dúirt Seoige gur fhág an scéal uile an-suaite í agus go raibh sí náirithe aige.

“Ar feadh na míonna ina dhiaidh, chaitheadh mé masc máinliachta agus mé amuigh ag déanamh na siopadóireachta,” a dúirt sí.

Deir sí go bhfuil an drochúsáid ghnéasach a dhéantar le híomhánna a chruthaítear le AI ar cheann de na fadhbanna is mó atá againn in Éirinn agus san Eoraip i láthair na huaire.

Ó labhair sí amach faoin eachtra ar RTÉ an tseachtain seo caite, dúirt Seoige go raibh na céadta teachtaireachtaí faighte aici ó mhná agus ó thuismitheoirí cailíní ar tharla an rud céanna dóibh.

Dar le Seoige, rinne go leor de na mná seo gearáin leis an nGarda Síochána, mar a rinne sí féin, ach gur dúradh leo arís agus arís eile nach raibh aon chumhacht ag na Gardaí na daoine a chruthaigh na híomhánna a aithint nó iallach a chur ar dhaoine eile iad a aithint.

“Ní féidir leis seo leanúint ar aghaidh. Tá sé róthábhachtach agus caithfidh muid deireadh a chur leis,” a dúirt Seoige.

“Táim ag caint inniu libh, ní ar mhaithe le hardán toghcháin eile a fháil amach anseo, nó le hathscríobh a dhéanamh ar aon toghchán atá thart, ach mar íospartach – íospartach a bhfuil fearg orm faoin méid a tharla dom agus faoin rian a d’fhág sé ar na daoine is gaire dom. Íospartach mé a bhfuil gníomh á éileamh aici seachas giotáin cainte.”

Cé nach bhfuair sí aon sásamh ó na Gardaí, mhol Seoige an chaoi gur dhéileáil siad lena cás. Ach cháin sí freagra na n-ardán ar líne. Dúirt Seoige go bhfágtar faoin íospartach é gach duine a scaipeann a leithéid d’íomhá a aithint.

“Ní féidir tús áite a thabhairt don phríobháideachas ná don chriptiúchán nuair is iompar coiriúil atá i gceist. Na comhlachtaí amhail Meta, a thuilleann na billiúin gach bliain, caithfear ceangal dlí a chur orthu teicneolaíocht a fhorbairt a chuirfidh ar chumas íospartaigh ábhar coiriúil a aithint ar a n-ardáin, na daoine a dhéanann na coireanna sin a aithint agus an príobháideachas a chosaint ag an am céanna.

“Mura ndéantar sin, beidh sé ar chuma aerfort a ligeann drugaí trína gcuid slándála gan srian agus isteach ar a n-eitleáin. Níl aon difríocht ann.”

D’iarr Seoige ar na polaiteoirí an dlí a leasú go práinneach agus éisteacht le híospartaigh nuair atá an reachtaíocht chuí á dréachtú acu.

“Is mó scannail faoin mí-úsáid a raibh ar Éirinn aghaidh a thabhairt orthu, scannail inar aithníodh ina ndiaidh teip chórasach na n-údarás. Sé seo a bheidh mar scannal mí-úsáide an 21ú haois mura ndéanfaimid gníomh anois.”

Fág freagra ar '‘Ná déan é mura n-athraítear an dlí faoi mhí-úsáid ar líne’ – comhairle Ghráinne Seoige faoi dhul leis an bpolaitíocht'