Na Conallaigh ag súil nach turas in aisce eile go dtí Cill Airne atá rompu

Imreoidh Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i Staid an Ghearaltaigh tráthnóna agus cluiche tábhachtach ag bun na roinne atá sa cheann idir Tír Eoghain agus Cill Dara 

Na Conallaigh ag súil nach turas in aisce eile go dtí Cill Airne atá rompu

Ciarraí v Dún na nGall, Staid an Ghearaltaigh, 1.45in (Beo ar TG4)

Chaithfeá aon duine de lucht tacaíochta Dhún na nGall a thugann faoin turas fada go Cill Airne inniu a mholadh mar, le blianta beaga anuas, turas in aisce a bhí ann ag muintir Thír Chonaill.

Tá deich mbliana ann ó bhuaigh peileadóirí Dhún na nGall ar Chiarraí sa tsraith nó sa chraobh agus ó tá gach cuma ar an scéal go mbeidh Michael Murphy ar iarraidh tráthnóna, seans go mbeidh siad ag fanacht tamaillín eile.

Gortaíodh Murphy agus Jason McGee sa gcluiche a bhuaigh siad ar Chill Dara cúpla seachtain ó shin agus cé go dtuairiscítear go mbeidh fear Chloich Cheann Fhaola in ann dul chun páirce inniu, tá Murphy fós ag teacht chuige féin.

Tá Declan Bonner agus Dún na nGall fós ag fanacht go dtiocfaidh fear Ghaoth Dobhair, Neil McGee, chuige féin ach d’imir cosantóir tábhachtach eile, Stephen McMenamin, a chéad chluiche do na Conallaigh in aghaidh Chill Dara.

Thug Dún na nGall taispeántas maith uathu sa chluiche sin agus ba cheart go mbeadh an cluiche in aghaidh Mhaigh Eo sa chéad bhabhta buaite freisin acu ach ní mór dóibh a bheith níos fearr fós chun Ciarraí a shárú inniu.

Bhí an t-ádh ar fhir na Ríochta comhscór a bhaint amach in aghaidh Chill Dara sa chéad bhabhta ach bhíodar cumasach in aghaidh Átha Cliath thíos i dTrá Lí coicís ó shin. Bhí Diarmuid O’Connor agus Jack Barry ar ais i lár na páirce agus bhí tionchar na beirte le feiceáil go soiléir ar imirt na Ríochta.

Ní dhearna an briseadh coicíse aon mhaith do Chiarraí ó thaobh imreoirí a fháil ar ais. Beidh tamall eile sula mbeidh David Moran agus Stefan Okunbor ar ais agus meastar nach mbeidh fáil ach an oiread ar Gavin White.

Coinníodh David Clifford ciúin go maith agus é ag imirt d’Ollscoil Luimnigh in aghaidh OÉ Gaillimh i gCorn Mhic Shigiúir Dé Céadaoin ach beidh imreoirí níos fearr ina chuideachta inniu agus ba cheart go ndéanfaidís an beart i Staid an Ghearaltaigh.

Tír Eoghain v Cill Dara, Páirc Uí Éilí, 3.45in (Beo ar TG4)

Níl muid ach sa tríú babhta den tsraith ach cheana féin tá cluiche tábhachtach ag seaimpíní na hÉireann. Níl cluiche buaite go fóill ag Tír Eoghain i Roinn 1 agus má chailleann siad in aghaidh Chill Dara ar an Ómaigh inniu, is deacair dóibh teacht slán sa phríomhroinn.

Ní haon chuidiú dóibh go bhfuil ceathrar imreoirí tábhachtacha in easnamh orthu. Cuireadh Michael McKernan, Padraig Hampsey, Peter Harte agus Kieran McGeary den pháirc in aghaidh Ard Mhacha sa bhabhta deireanach. Theip ar an achomharc a rinne Tír Eoghain Dé Luain seo caite agus cé go raibh sé de rogha ag Feargal Lohan agus Brian Dooher achomharc eile a lorg, chinneadar rudaí a fhágáil mar atá agus déanamh d’uireasa an cheathrair sa chluiche in aghaidh Chill Dara.

Tá fadhbanna eile le réiteach ag na bainisteoirí, go háirithe i measc na dtosaithe. Is é Niall Donnelly an t-aon tosach atá ag Tír Eoghain a bhfuil níos mó ná aon chúilín amháin scóráilte aige ón imirt go dtí seo sa chraobh.

Beidh lucht tacaíochta Thír Eoghain ag súil go bhfaighidh an fhoireann an ceann is fearr ar Chill Dara.

Thuas seal thíos seal a bhí taispeántais Chill Dara go dtí seo. Bhíodar an-mhaith sa chéad leath in aghaidh Chiarraí sa chéad bhabhta ach ligeadar a gcéilí comhraic isteach sa choimhlint ansin. Ghéill Cill Dara cúil fánach go maith in aghaidh Dhún na nGall seachtain ina dhiaidh sin.

Ábhar imní a bheadh ann do Glenn Ryan mura mbeidh Kevin Feely agus Kevin O’Callaghan 100% agus ag snámh in aghaidh easa a bheidh Cill Dara freisin i Roinn 1 má chailleann siad inniu.

Fág freagra ar 'Na Conallaigh ag súil nach turas in aisce eile go dtí Cill Airne atá rompu'