Na cluichí ag teacht go tiubh ach Brian Tyers TG4 ag teastáil chun dath a chur sa chraobh!

Tá imreoirí na hardchathrach ag tabhairt faoi Chorcaigh agus iad lán de mhuinín

Na cluichí ag teacht go tiubh ach Brian Tyers TG4 ag teastáil chun dath a chur sa chraobh!

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Is aisteach í an bhliain chorraitheach seo agus níl sé ach coicís ó shin ó cuireadh tús le craobhchomórtas na hiomána agus i gcás dhá chontae tiocfaidh críoch leis an deireadh seachtaine seo.

Dar ndóigh níl sé rófhada ó thosnaíodh agus chríochnaíodh an craobhchomórtas an lá céanna do chontaetha áirithe faoin gcóras a d’athraigh i 1997 nuair a tugadh an dara seans do na foirne a chaill na craobhchluichí cúige.

I ré seo an Covid, tá athruithe ar gach gné den chóras agus den chur chuige. Níl aon dabht ach gur boichte ar fad na cluichí gan an lucht féachana a bheith i láthair.

Chonaiceamar roinnt mhaith cúilíní den scoth sna cluichí go léir go dtí seo ach gan liú an lucht féachana agus gan cur síos bríomhar, fuinniúil dathúil ós na craoltóirí (seachas Anthony Daly) ar SKY nó RTÉ, níl aitheantas ceart in aon chor á thabhairt do na hiontais seo. Tá Brian Tyers TG4 ag teastáil go géar chun an fhadhb seo a réiteach.

Mar a luaigh mé cheana beidh ceann scríbe sroichte ag dhá chontae níos déanaí inniu.

Beidh Laois agus an Clár ag tabhairt faoina chéile i bPáirc Uí Nualláin (turas an-fada don Chlár).

Do na sé chontae a bhí sa tarraingt maidin Dé Luain is dócha gur féidir a rá gurb é Laois an contae is laige a bhí sa phróca agus caithfidh go raibh an Clár sásta gurb iad a bheidh á n-imirt acu tráthnóna. Ag leath ama ina gcluiche i gcoinne Luimnigh coicís ó shin bhí gach cuma ar an scéal go mbeadh an dara leath an-iomaíoch ach, dar ndóigh, ní mar sin a tharla mar d’imigh an ghaoth as seolta an Chláir, agus bhí Luimneach an-údarásach sa dara leath sin.

Bhí imreoirí Bhrian Lohan ag brath rómhór ar fad ar Tony Kelly agus murar féidir le níos mó dá n-imreoirí cur orthu féin inniu beidh siad faoi bhrú.
Ar an taobh eile den scéal is dócha go gceapann lucht bainistíochta Laoise go bhfuil seans réasúnta acu sa chluiche seo.

Ceapann na geallghlacadóirí nach bhfuil seans ar domhan acu.

Ceapann na geallghlacadóirí céanna go mbuafaidh Corcaigh an dara cluiche tráthnóna i gcoinne Átha Cliath, ach n’fheadar mé in aon chor faoi sin.

Tá imreoirí na hardchathrach ag tabhairt faoin gcluiche seo agus iad lán de mhuinín i ndiaidh dóibh greadadh ceart a thabhairt do Chill Chainnigh sa dara leath seachtain ó shin, 2-15 in aghaidh 0-7. Is trua nach rabhadar beagáinín níos fearr sa chéad leath.

Agus dhá cluiche imeartha acu, caithfidh go bhfuil tuiscint níos fearr ag Mattie Kenny cé ba cheart dó a chur chun páirce ná mar atá ag Kieran Kingston, i gCorcaigh. Bhí Corcaigh ainnis go leor don chluiche ar fad i gcoinne na nDéise.

Bhí spiorad i bhfad níos fearr sna Déise agus iad níos cíocraí chun bua a fháil agus bhí an bua sin tuillte go maith acu. Ceann den bheagán buntáistí atá ag Corcaigh inniu ná go raibh roghnóir Chorcaí Ger Cunningham ina bhainisteoir ag Áth Cliath do dtí deireadh shéasúr 2018 agus go bhfuil eolas domhain dá réir aige faoin gcuid is mó dá n-imreoirí.

Ach dar ndóigh, mar atá scríofa agam go minic anseo agam, is taobh istigh de na línte bána a bhuaitear agus a chailltear cluichí agus ní bheidh cead isteach ansin ag Cunningham.

Is iomaí uair le cúpla bliain anuas go raibh Corcaigh go dona i gcluiche amháin agus go bhfacamar a mhalairt uathu sa chéad chluiche eile.

Táim ag súil go mbeidh siad i bhfad níos fearr inniu ná mar a bhíodar seachtain ó shin ach nílim róchinnte go bhfuil ar a gcumas an cluiche a bhuachan. Tá easpa nirt agus easpa fonn chun oibre le sonrú ar an ghrúpa imreoirí seo. Agus faoi mar a chonaiceamar le Luimneach agus an Ghaillimh seachtain ó shin, tá an dá thréith sin riachtanach in iománaíocht na linne seo.

Mar Chorcaíoch ba mhaith liom go mbeadh an bua acu ach faraor, ní bheinn róchinnte faoi sin in aon chor.

Fág freagra ar 'Na cluichí ag teacht go tiubh ach Brian Tyers TG4 ag teastáil chun dath a chur sa chraobh!'