Na chéad urchair scaoilte in aghaidh neodracht an stáit

Níl aon bhagairt orainn ón Rúis ná ón tSín, is dá mbeadh féin ní cabhair ar bith a bheadh sa chaiteachas breise atá a mholadh ar chúrsaí cosanta 

Na chéad urchair scaoilte in aghaidh neodracht an stáit

Le tamaillín anuas, mar is eol do léitheoirí Tuairisc.ie, tá feachtas láidir ar siúl le dímheas a chaitheamh ar pholasaí neodrachta an stáit (nó polasaí oifigiúil neodrachta an stáit), ach anois, le foilsiú Tuarascáil an Coimisiúin um na Fórsaí Cosanta, tá na chéad urchair scaoilte in ionsaí poiblí ar an bpolasaí, agus muid a chur in oiriúint do NATO.

Maítear sa Tuarascáil nach bhfuil an cumas ag na Fórsaí Cosanta an stát seo a chosaint. Gan dabht, tá sé sin fíor. Ach, is léir, ónar tharla do Saddam Hussein nó Muammar Gaddafi, nach leor acmhainní móra ag stát dár méid le cosaint a thabhairt dúinn in aghaidh stáit mhóra dá ndéanfaidís ionsaí orainn.

Maítear sa Tuarascáil freisin gur ón tSín, ón Rúis, ó antoiscigh Ioslamacha nó antoiscigh den eite dheis a thagann na bagairtí is mó ar an tír seo. Ach ní thugtar aon fhianaise don mhaíomh seo, ná aon mhíniú faoin gcaoi gur bagairt dúinn aon cheann acu.

Is cuid é seo, ar ndóigh, den deamhnú is aithisiú frithRúiseach, agus anois, frithShíneach freisin, atá ar siúl i Meiriceá agus i dtíortha eile de chuid NATO le tamall.

Ní féidir glacadh leis an mbolscaireacht gan bhunús seo. Tá an tSín ar an taobh eile den domhan. Ní dhéanfaidh an tSín ionsaí ar aon chuid den Eoraip, gan a bheith ag caint faoinár dtírín bheag féin. Ach luaitear an tSín toisc go bhfuil Meiriceá i gcoimhlint trádála leis an stát sin, agus caithfidh mar sin gur bagairt dúinne í!

Mar an gcéanna leis an Rúis: in ainneoin na cainte uilig faoin Úcráin, agus an Rúis a bheith ar tí ionradh a dhéanamh uirthi, níor tharla aon ionradh. Sin in ainneoin go bhfuil Meiriceá ag caint faoina a leithéid ó mhí na Samhna seo caite. An é go bhfuil na Rúisigh ag fanacht go dtí go mbeidh NATO ullamh? Nó an é gur bréagscéal ar fad atá ann?

Taobh amuigh de sin, níl cúis dá laghad ann go ndéanfadh an Rúis ionsaí orainne. Ach is i bhfianaise na mbréagbhagairtí seo atá an Tuarascáil is déanaí seo ag moladh go n-ardódh muid caiteachas cosanta 300%, le trealamh míleata ardleibhéil a cheannach.

Cinnte, tá airgead breise ag teastáil, ach é a chaitheamh ar mhaithe le pá is coinníollacha oibre na saighdiúirí is fostaithe eile a fheabhsú. B’fhiú freisin cur lenár gcumas súil a choinneáil ar longa sna farraigí taobh linn, ach is cur amú airgid ar fad é scairdeitleáin troda a cheannach, nó longa cogaidh breise.

Is léir do dhuine ar bith atá ionraic faoin scéal seo, nach mbeidh stát beag amhail Éire in ann go deo an trealamh míleata a bheith againn a chuirfeadh stop le hionradh ó stát mór. Sa gcás sin, mar a dúirt mé féin anseo i Tuairisc.ie cúpla seachtain ó shin, is mar a dúirt an t-iarcheannfort airm, Ed Horgan, san Irish Examiner: 

“Níl ach slí amháin le hÉirinn a chosaint agus sin trí na Fórsaí Cosanta a chur in oiriúint don treallchogaíocht, agus an cumas pleanála, traenála is feistithe dó sin a chinntiú.“

Lean Horgan leis an bpointe sin: “Is mar sin a fuair muid neamhspleáchas. Agus is cuid lárnach den chosaint sin ár bpolasaí neodrachta agus ár suíomh mar oileán atá deighilte ón mór-roinn.”

Thug an Tuarascáil, ar ghlac an tAire Cosanta, Simon Coveney, léi ina hiomláine, trí rogha don rialtas: cúrsaí a fhágáil beagnach mar atá, athchóiriú a dhéanamh (agus méadú caiteachais 300% ag dul leis) nó céim eatramhach a chuirfeadh roinnt bheag scairdeitleán troda, longa breise is córais radair is faireachais ar fáil.

Ó thaobh na polaitíochta, tá sé deacair a fheiceáil go bhféadfadh an rialtas an moladh mór a dhíol leis an bpobal, go háirithe le linn dúinn a bheith gafa ag géarchéim chostas maireachtála agus fadhbanna tithíochta gan réiteach.

‘A big ask’ a thug Simon Coveney air sin.

Ach tá an tAire meáite ar dhul ar aghaidh leis na chéad chéimeanna chun Fórsaí Cosanta na tíre seo a chur in oiriúint do chomhpholasaí cosanta an Aontais Eorpaigh.

Má scrúdaítear na hargóintí atá curtha ar aghaidh sa Tuarascáil is léir gur seafóid is bun leo. Níl aon bhagairt orainn ón Rúis ná ón tSín, is dá mbeadh féin ní chabhródh an caiteachas breise atá molta linn beag nó mór.

Ach tá baol mór don domhan go ndéanfadh an tAontas Eorpach, faoi cheannas na Stát Aontaithe nó astu féin, ionsaithe ar thíortha eile, mar atá déanta acu i dtuaisceart Mhailí.

Aontaím go bhfuil díospóireacht ag teastáil faoi chúrsaí cosanta, ach díospóireacht faoin gcaoi is fearr le leas fiúntach a bhaint as an neodracht ba cóir a bheith i gcroí na díospóireachta céanna.

Fág freagra ar 'Na chéad urchair scaoilte in aghaidh neodracht an stáit'

  • An Teanga Bheo

    Ach cá bhfuil neodracht na h Europe má tá arm Shasana istigh san Pholainn

  • Gabriel Rosenstock

    Ba cheart seasamh ar son na neodrachta – go bás! An dá sheoid is luachmhaire atá ag Éirinn,
    an Ghaeilge agus an neodracht:
    https://www.culturematters.org.uk/index.php/arts/poetry/item/3905-time-to-bury-heroes-the-horrors-of-war
    Scileanna taidhleoireachta atá uainn seachas gothaí na cogaíochta ó cheannairí an domhain. Scileanna na síochánaíochta atá ag teastáil ó armfhórsaí na hÉireann, scileanna chun teacht i gcabhair ar theifigh, ar dhaoine atá gan dídean de dheasca tubaistí nádúrtha agus mar sin de seachas scileanna chun daoine a mharú.

  • Antóin

    An-ráite a Eoin. Is léir go bhfuil na fealltóirí atá sa rialtas ag iarraidh deireadh a chur le polasaí neodrachta an stáit. Ceannaire Fhianna Feall le gairid a rá nach bhfuil muid “politically neutral”. Ag réiteach an bhealaigh atá sé. Agus RTÉ leis. Ní túisce bolscaireacht Covid déanta acu ná tosaíonn siad ar bholscaireacht frithRúiseach.

    Ó thaobh na polaitíochta a deir tú, “tá sé deacair a fheiceáil go bhféadfadh an rialtas an moladh mór a dhíol leis an bpobal, go háirithe le linn dúinn a bheith gafa ag géarchéim chostas maireachtála agus fadhbanna tithíochta gan réiteach”

    Deirim nach mbeidh sé deacair an moladh a dhíol leis an phobal ar chor ar bith. Tuigeann na fealltóirí sa rialtas anois conas eagla agus imeagla a chur ar dhaoine. D’fhoghlaim siad an t-uafás faoi ghéilliúlacht an phobail le linn aimsir Covid. Sin ceacht nach ndéanfaidh siad dearmad air

    Agus an ceart ar fad ag Gabriel maidir leis an dá sheoid is luachmhaire atá ag Éirinn. An t-aon dá sheoid atá fágtha.