‘Ná brúitear tráma na heaspa dídine ar a thuilleadh teaghlach’

I mí Iúil bhí 3,778, páiste ina gcónaí i lóistín do dhaoine gan dídean, méadú 103 páiste ó mhí an Mheithimh

‘Ná brúitear tráma na heaspa dídine ar a thuilleadh teaghlach’

Tá méadú tagtha ar líon na leanaí atá ag cur fúthu i lóistín do dhaoine gan dídean, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Tithíochta. I mí Iúil bhí 3,778, páiste ina gcónaí i lóistín do dhaoine gan dídean, méadú 103 páiste ó mhí an Mheithimh.

Dar leis an eagraíocht charthanachta Barnardos gur údar mór díomá an méadú seo go háirithe mar go raibh “feabhas beag” ar an scéal ar feadh trí mhí roimhe sin.

“Údar náire” i gcónaí an líon ard páistí atá ag maireachtáil i lóistín do dhaoine gan dídean, a dúradh.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Barnardos Suzanne Connolly gur údar mór díomá an líon ard páistí a raibh orthu cónaí i lóistín éigeandála “plódaithe” ar feadh an tsamhraidh agus “go leor struis agus míchompoird á bhfulaingt acu dá bharr”.

“Tá súil agam gur faoiseamh éigin do na páistí seo tús na scoilbhliana. Gach mí dá gcaitheann páiste i lóistín nach bhfuil feiliúnach is measa an tionchar a bheidh aige ar a shláinte intinne agus coirp, rud a a fhágfaidh lorg orthu ar feadh i bhfad. Impím ar an Rialtas iarracht i bhfad níos fearr a dhéanamh lena chinntiú nach mbrúfar tráma na heaspa dídine ar a thuilleadh teaghlach,” arsa Príomhfheidhmeannach Barnardos Suzanne Connolly.

Fág freagra ar '‘Ná brúitear tráma na heaspa dídine ar a thuilleadh teaghlach’'