Na boic mhóra ag filleadh agus na Cúigí ag prapáil don Eoraip

Bí cinnte de rud amháin, beidh deis imeartha sa PRO 12 ag chuile imreoir sinsearach atá folláin an deireadh seachtaine seo

Tiernan O’Halloran. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Tiernan O’Halloran. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Níl fágtha mar réiteach ag na cúigí don chéad chluiche i gcomórtais Chorn na gCuradh (agus i gcás Chonnachta, Corn an Dúshláin) ach cluichí na deireadh seachtaine seo sa bPro 12. Fágann sin nach bhfuil aon rogha ag foireann bhainistíochta chuile chúige ach deis a thabhairt dá gcéad rogha imreoirí, iad siúd fiú a d’imir i gcluichí crua an Choirn Dhomhanda. Go deimhin, níl ach cinneadh amháin le déanamh: imreoirí a chur chun páirce ón tús nó iad a thabhairt isteach ar feadh tréimhse ghearr. Bí cinnte de rud amháin, beidh deis imeartha ag chuile imreoir sinsearach atá folláin.

Tá buntáiste imirt sa mbaile ag na Connachtaigh agus na Laighnigh ar an Aoine seo. Seans gur ag fir na Gaillimhe atá an cluiche is éasca díobh siúd, iad sa dara háit ar an tábla agus iad ag imirt i gcoinne Treviso, foireann atá fós ar íochtar an tábla, gan bua amháin féin faighte acu as an sé chluiche a d’imir siad go dtí seo. Ní dóigh go mbeidh athrú scéil ann an Aoine seo.

Scéal eile ar fad atá ann i gcás Chúige Laighean, iadsan i gcoinne na Scarlets, foireann atá ar bharr an tábla agus gan cluiche ar bith caillte acu siúd.

Fiú agus buntáiste an bhaile ag Cúige Laighean, is deacair an dá fhoireann seo a scaradh, sin má bhíonn fáil ar na painéil iomlána. Is cinnte gur ag na Laighnigh atá an líon is mó imreoirí a bhfuil taithí idirnáisiúnta acu. Mar sin féin, ní féidir sárimirt na Scarlets ó thús an tséasúir ná tionchar DTH Van Der Merwe atá ar an gcliathán dóibh, a chur as an áireamh. Bheadh drogall orm mórán airgid a chur ar an gcluiche seo. Rud amháin cinnte, is réiteach iontach a bheas ann do dhá fhoireann roimh an gComórtas Eorpach faoin cheann seachtaine.

Tá turas go hAlbain roimh na Muimhnigh ar an Satharn le tabhairt faoi Dhún Éideann, foireann a chaill i gcoinne Chúige Chonnacht ar an mBóthar Beag an Satharn seo caite. Is cinnte go mbeidh borradh mór faoi na Muimhnigh tar éis an bhua iontaigh dhá phointe i gcluiche naoi n-úd i gcoinne na nUltach seachtain ó shin. Má éiríonn le fir ‘Axel’ Foley a leath féin den chur chuige céanna a thug siad chun páirce leo sa gcluiche le Cúige Uladh a thabhairt sall go hAlbain, is deacair bua do Dhún Éideann a thuar, fiú agus buntáiste an bhaile acu.

Is ionannan cás do na hUltaigh é, iadsan as baile freisin an Domhnach seo. Is ar an bPort Nua sa mBreatain Bheag atá a dtriall le tabhairt faoi na Dragons. Scarann naoi bpointe an dá fhoireann seo, Cúige Uladh sa gcúigiú háit agus na Dragons san ochtú háit, ach is cás eile foirne na Breataine Bige uair ar bith a bhíonn siad sa mbaile. Bí cinnte de, beidh tráthnóna crua roimh na hUltaigh i Rodney Parade.

Fág freagra ar 'Na boic mhóra ag filleadh agus na Cúigí ag prapáil don Eoraip'