Ná bíodh eagla orainn faoi thrí pháirtí a bheith i gcomhrialtas – aonach smaointe a bheidh ann

Chruthaigh an chéad rialtas idirpháirtí a bhí againn, idir 1948-1951, gur maith ann an éagsúlacht ó thaobh tuairimí de

Ná bíodh eagla orainn faoi thrí pháirtí a bheith i gcomhrialtas – aonach smaointe a bheidh ann

Is féidir le comhrialtas obair fhiúntach a dhéanamh ar son na tíre.

Agus caint faoi chomhrialtas nua, ba chóir dúinn smaoineamh arís ar an gcéad rialtas idirpháirtí a bhí againne ó 1948 go dtí 1951.

De réir dealraimh, tá eagla ar pholaiteoirí éagsúla faoi láthair nach mbeidh rialtas trí pháirtí in ann comhoibriú le chéile i gceart, ach i 1948, bhí cúig pháirtí i mbun cumhachta.

Ba iad siúd Fine Gael, Clann na Poblachta, Clann na Talmhan, agus an dá eite de Pháirtí an Lucht Oibre. Ba ghráin le Clann na Poblachta polaitíocht na bhfeirmeoirí, agus cheap Fine Gael gur chumannaigh urchóideacha a bhí i gceannas ar Chlann na Poblachta. Roghnaíodh an t-abhcóide cáiliúil John Aloysius Costello ina Thaoiseach agus ceapadh William Norton ina Thánaiste. An Dr Nollaig de Brún a bhí ina aire sláinte, agus Seán Mac Giolla Bhríde a bhí ina aire gnóthaí eachtracha.

Grúpa fíor-ait a bhí ann.

Cheap MacBride go raibh spiairí Briotanacha ag obair ar fud na státseirbhíse.

Ní raibh aon Ghaeilge ag an am ag an Dr de Brún toisc go raibh sé ar scoil sa Bhreatain, agus más ea, ní raibh sé in ann na ceisteanna a chuirtí air as Gaeilge sa Dáil a thuiscint gan aistriúchán a fháil roimh ré ó rúnaí na roinne aige, Pádraig Ó Cinnéide.

D’fhág an rialtas sin an Comhlathas trí thimpiste i 1949, agus ní raibh aon choinne acu le freagra rialtas Attlee sa Bhreatain ar an ngníomh sin. San Ireland Act, a foilsíodh cúpla mí níos déanaí, tugadh níos mó cumhachtaí do Pharlaimint Thuaisceart Éireann, agus bhí cead aici ó 1949 ar aghaidh stop a chur ar a conlán féin le haontú polaitiúil an oileáin. Ní raibh aon súil ag Costello nó MacBride go dtarlódh an méid seo ach an oiread.

Os a choinne sin, áfach, ní foláir a rá go raibh smaointe radacacha nua ag an rialtas seo freisin. Nuair a bhíonn níos mó ná páirtí amháin i gceannas, bíonn níos mó ná teoiric amháin faoi chúrsaí ar fáil don rialtas.

Roghnaigh Costello ollamh éirimiúil óg darbh ainm Patrick Lynch chun cabhrú leis ó thaobh an gheilleagair de. Fear a bhí dílis do thuairimí John Maynard Keynes ab ea Lynch, agus mhol sé cur chuige úrnua ó 1948.

Rinne sé cur síos ar a chuid smaointe i More Pages from an Irish Memoir, aiste bhreá a foilsíodh sa chnuasach Ideas Matter: Essays in Honour of Conor Cruise O’Brien, a foilsíodh i 1998. Seo mar a mhínigh Lynch an scéal:

The analysis was unambiguous: the chronic under-investment in the country had to be corrected; some foreign investment in sterling was necessary and valuable; gradual reinvestment of part of the balance in Ireland would redress past omissions by improving productive output at home, providing much-needed housing accommodation and improving health services; for these purposes a capital budget was required; and the current budget should be financed from taxation.

Ní raibh aon suim ag rialtais éagsúla de chuid Fhianna Fáil idir 1932-1948 sna hargóintí seo, agus más ea, chinntigh an iomaíocht intleachtúil idir na dreamanna éagsúla sa rialtas go raibh ardán ann do na tuairimí nua seo. Le cúnamh Dé, cruthófar ardán den chineál céanna nuair a thoghfar an rialtas nua s’againne idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas.

Fág freagra ar 'Ná bíodh eagla orainn faoi thrí pháirtí a bheith i gcomhrialtas – aonach smaointe a bheidh ann'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Alt spéisiúil faoin rialtas 1948-51. Maidir leis an Aire Sláinte sa rialtas sin, Noel Browne agus an Ghaeilge, níor mhiste a lua gur chuir sé an stró ar féin Gaeilge a fhoghlaim ina dhiaidh sin. Deireann Seán Ó Conghaola sa leabhar ‘Saol Scolóige’, go mb’é Máirtín Ó Cadhain a mhol don Brúnach dul go Cois Fharraige le Gaeilge a fhoghlaim, rud a rinne sé samhradh na bliana 1948.

    Seo mar a chuirdeann Seán Ó Conghaola síos ar an modh foghlamtha a bhí aige:
    “Tháinig sé go dtí mo theach féin [sna hAille, Cois Fharraige] i samhradh na bliana sin [1948]. Bhínn ag caint leis chuile lá, ag inseacht dhó an chaoi ab fhearr leis an nGaeilge a fhoghlaim. Théadh an bheirt againn amach le chéile agus bhínn i dtólamh ag caint i nGaeilge leis, ag múineadh dhó leis na leaganacha cainte a chur i ndiaidh a chéile chomh maith is a bhí ionam.”

    Ar ndóigh tháinig Noel Browne chun cónaí i gCois Fharraige go buan nuair a d’éirigh sé as an bpolaitíocht. Is ann atá sé curtha.