Aon uair a léitear scéal nuachta na laethanta seo, is cosúil go bhfuil fadhb eile againn nach féidir a réiteach. Go deimhin táthar ár mbá san oiread sin fadhbanna nach aon ionadh é go bhfuil an oiread den aos óg ag smaoineamh arís ar an imirce.
Ar feadh an tsamhraidh bhí scéalta ann faoi na scuainí fada san aerfort toisc gur
ligeadh an oiread sin oibrithe chun siúil i rith na paindéime agus nach raibh
dóthain daoine fostaithe chun seirbhís cheart a chur ar fáil.
Anois tá tuarascáil eile a léiríonn go bhfuil fadhb mhór sa tseirbhís otharchairr
ar an gcúis chéanna. Níl dóthain daoine fostaithe chun seirbhís cheart a chur
ar fáil.
Mar an gcéanna an scéal i gcontae Lú is i gcontae na Mí, mar a bhfuil ag teip ar an tseirbhís do dhaoine óga atá i mbaol drochíde ghnéasach nó fhisiciúil, cheal daoine chun – tá an ceart agat – seirbhís cheart a chur ar fáil.
Sábháil ghearrthéarmach airgid a rinneadh i rith na paindéime agus na húdaráis
ag cloí le ceartchreideamh an rachmais. Ach in ionad dul ar ais ar an seanchóras
tá na húdaráis ag iarraidh tuarastail a laghdú agus daoine nua a fhostú ar na rátaí pá nua.
Ní nach ionadh, ní féidir na daoine oilte a aimsiú ar na rátaí pá sin.
Mar bharr ar an tubaiste, ar ndóigh, tá géarchéim na tithíochta. I mBaile Átha Cliath go háirithe, ach in an-chuid áiteacha ar fud na tíre, tá daoine ann – daoine óga a bhformhór – nach féidir leo áit chónaithe ar chíos iníoctha a aimsiú.
Ní fiú don mhóramh smaoineamh faoi mhorgáiste, agus praghsanna tithe ag dul
in airde gan stop agus rialacha do-chomhlíonta ag baint leo. Agus ansin an
cíos imithe ó smacht.
Agus cén réiteach atá á phlé ag an rialtas le tabhairt faoi seo ach cabhair chánach a
thabhairt do na tiarnaí talún. Nuair a tharraing an moladh sin raic, chinn an rialtas, ar mhaithe leis an bpolaitíocht, go mba chóir b’fhéidir faoiseamh cánach éigin a thabhairt chomh maith dóibh siúd a fhaigheann áit chónaithe ar cíos.
Bhí an t-éileamh sin ag Sinn Féin le roinnt blianta ach ní raibh an rialtas in ann
tabhairt faoi ach i gcomhthéacs faoiseamh cánach a thabhairt do na tiarnaí talún.
Agus ós ag caint faoi thiarnaí talún muid, féach ar scéal Robert Troy is na tithe a
dhíol sé leis an údarás áitiúil ach nár chláraigh sé toisc nár thuig sé go raibh an
díol sin le clárú! Ar ndóigh, cé gur in airgead tirim amháin a fuair sé cíos na dtithe sin, ní raibh sé ag iarraidh an t-airgead sin a cheilt.
Níor luaigh Troy cé acu an ndearnadh na híocaíochtaí i gclúdaigh dhonna, ach tháinig an Tánaiste i gcabhair air ag rá nár cheap sé gur chóir go mbeadh sé
éigeantach díol mar sin a chlárú.
Tá go maith: tada le feiceáil anseo.
Ansin tá scéalta le clos faoin gcáinaisnéis.
Lá amháin bíonn an Tánaiste ag caint faoi
ráta nua cánach 30% le cabhrú le daoine ar mheán-ioncaim. An chéad lá eile
aontaíonn an Tánaiste leo siúd a deir nach leor é mar smaoineamh.
Ansin cloiseann muid an tAire Airgeadais, Pascal Donohoe, agus an tAire
Caiteachais Phoiblí, Michael McGrath, ag maíomh go gcaithfear cabhrú le
pinsinéirí mar gheall ar an ardú sa gcostas maireachtáil. Luann siad ardú €15 sa
bpinsean.
Go hiontach, ach amháin go ndeir Aoisghníomhaíocht Éireann [Age Action Ireland] go bhfuil boilsciú 10%
ann, is go bhfuil ardú €23 ag teastáil le go mbeadh an ciseán bia céanna ag
pinsinéir i mí na Nollag is a bhí aige i mí Eanáir.
Sin le rá, ag an am céanna go bhfuil muid ag mealladh infheistíocht isteach thar sáile is ag cruthú jabanna nua, ní féidir linn na hoibrithe a fháil toisc nach féidir leo áit chónaithe a fháil.
Go deimhin tá an rialtas seo chomh mí-éifeachtach sin gur deacair iad a
shamhlú ag eagrú oíche óil i ngrúdlann.
Is léir, ní hamháin nach bhfuil an rialtas seo i gceannas ar ghné ar bith dár saol,
ach nach bhfuil tuairim ar bith acu cén chaoi le tabhairt faoi na deacrachtaí is
na fadhbanna a fheiceann siad.
Ach tá siad ag fanacht in oifig, ar mhaithe le fanacht in oifig agus Sinn Féin a
choinneáil amach.
Ach ar deireadh thiar, níl aon réiteach acu ar fhadhbanna na tíre toisc go bhfuil siad
gafa le hidé-eolaíocht an rachmais, a thugann tús áite i gcónaí do riachtanais is rialacha an rachmais.
Sin é an t-athrú atá ag teastáil.
Ná bac leis an margadh, bí ag freastal ar an bpobal.
Fág freagra ar 'Ná bac dul chun cinn, ní féidir linn fiú fanacht mar atá?'