Na babhtaí cáilithe ag dul i ndéine agus Maigh Eo ag triall ar Chill Dara

Babhta 3 sna cluichí cáilithe atá á n-imirt tráthnóna agus, ar ndóigh, ba é an cluiche ba mhó a bhí i mbéal an phobail le seachtain ná an ceann idir Cill Dara agus Maigh Eo

Na babhtaí cáilithe ag dul i ndéine agus Maigh Eo ag triall ar Chill Dara

Jason Doherty (Maigh Eo) ag imirt sa chluice idir Maigh Eo agus Cill Dara in 2016. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá an 16 Deiridh sroichte ag Corn an Domhain sa Rúis agus níl ach sé fhoireann déag fágtha i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann chomh maith. Babhta 3 sna cluichí cáilithe atá á n-imirt tráthnóna agus, ar ndóigh, ba é an cluiche ba mhó a bhí i mbéal an phobail le seachtain anuas ná an ceann idir Cill Dara agus Maigh Eo. Bhí buntáiste an bhaile ag dul do Chill Dara ach d’fhógair CLG go raibh an cluiche le bheith i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Sheas Cill Dara an fód áfach agus imreofar an cluiche tráthnóna i bPáirc Naomh Conlaith sa Droichead Nua.

Beidh Cian O’Neill ag súil anois go spreagfaidh an raic uile a chuid imreoirí anocht agus iad ag iarraidh fanacht sa chraobh.

Chaill Cill Dara gach cluiche sa tsraith i mbliana agus tháinig Ceatharlach aniar aduaidh orthu i gCraobh Laighean ag tús an tsamhraidh. Rinne na Laighnigh go maith ó shin agus cluichí crua buaite acu i nDoire agus as baile i gcoinne chontae Longfoirt.

Ní raibh aon rath orthu i gcoinne Mhaigh Eo le blianta beaga anuas, áfach. Casadh ar a chéile iad sa tsraith i rith an earraigh, cluiche a bhuaigh Maigh Eo sa Droichead Nua agus nuair a thug siad aghaidh ar a chéile i mBabhta 3 cúpla bliain ó shin, bhí bua éasca ag foireann Stephen Rochford.

Ar an drochuair, bhain gortuithe d’fhir lár páirce Mhaigh Eo ó shin rud a fhágann Tom Parsons agus Seamus O’Shea ar iarraidh uathu. Is sa chéad leath i gcoinne Thiobraid Árann a gortaíodh O’Shea an tseachtain seo caite ach mar sin féin d’éirigh le Maigh Eo teacht aniar a dhéanamh.

Ní raibh Cillian O’Connor ná Andy Moran i mbarr a maitheasa sa chluiche sin ach nuair a bhí gá leis, chruthaigh na fir eile a bhí timpeall orthu an mianach atá iontu.

Tá an beart déanta ag Maigh Eo sna cluichí cáilithe chomh minic sin le cúpla bliain anuas go bhfuil sé deacair iad a chur as an áireamh, fiú mura bhfuil teacht acu ar Parsons ná O’Shea.

Cath na nUltach a bheidh againn sa chluiche idir Tír Eoghain agus An Cabhán in Inis Ceithleann. Bhí cluiche crua ag an gCabhán i gcoinne An Dúin i mBabhta 2 agus cé gur thug siad an lá leo, taispeánadh cárta dearg do Conor Moynagh agus Dara McVeety agus an fheadóg dheiridh séidte, ach tá dea-scéala acu mar gur éirigh leo beirt san achomharc a rinneadh.

Fiú agus an bheirt sin acu, ní bheidh an cluiche seo in aghaidh Thír Eoghain éasca. Tá dhá chluiche buaite ag Tír Eoghain sna babhtaí cáilithe go dtí seo, an ceann i gcoinne na Mí agus i gcoinne Cheatharlach.

Sa dá chluiche eile a imreofar tráthnóna beidh na foirne ag tabhairt aghaidh ar a chéile den chéad uair riamh i gCraobh na hÉireann. Ba cheart go mbeadh Muineachán róláidir do Liatroim nuair a thiocfaidh siad le chéile i bPáirc Sheáin Mhic Dhiarmada agus ba cheart go mbeadh cluiche níos géire ann idir Ard Mhacha agus contae an Chláir agus Kieran McGeeney ag súil go gcuideoidh buntáiste an bhaile go mór leo.

Dé Sathairn, 30 Meitheamh

Liatroim v Muineachán – Páirc Sheáin Mhic Diarmada, 2.30pm

Ard Mhacha v An Clár – Páirc Lúthchleasaíochta, 3pm

An Cabhán v Tír Eoghain – Páirc Brewster, 5pm

Cill Dara v Maigh Eo – Páirc Naomh Conlaith, 7pm

Fág freagra ar 'Na babhtaí cáilithe ag dul i ndéine agus Maigh Eo ag triall ar Chill Dara'