Múscail do mhisneach, a Bhanba, níor chaill bean an mhisnigh riamh é!

Seo machnamh mnaoi doilíosaí um Nollaig agus scamaill dhubha pholaitiúla is eaglasta os ár gcionn in airde

Múscail do mhisneach, a Bhanba, níor chaill bean an mhisnigh riamh é!

Ó roghnaíodh an Trumpadóir Tarcaisneach do chathaoir órga na Stát Aontaithe, tá cead ag aon aineolaí, asal nó amhailt, in aon áit fén spéir, pé ní is maith leis a rá agus b’fhéidir a dhéanamh, le mionlaigh, le daoine faoi mhíchumas, le bochtáin, le himircigh, le Moslamaigh, ní áirím le leath de dhaonra an domhain, mná. Níl aon bhac anois ar thrumpadóirí triompallánacha ionsaithe fisiciúla gnéis a dhéanamh ar aon bhean a leagann siad súil dhrúisiúil uirthi. Go deimhin tá saorchead acu. Nach é atá sa nádúr iontu, mná a ghreamú? Nach leo an domhan is a bhfuil ann? Nach é sin an cur chuige cainte a bhíonn i seomraí feistis, pé scéal é, agus tá sé sin ‘alraight’, nach bhfuil? Go bhfóire Dia ar Mheiriceá gan trácht ar an gcuid eile againn…

Tá duine breá eile buailte fé thall sa Vatacáin gur fiú é a tharrac anuas. Fear beannaithe é seo go bhfuil an-chion ag Caitlicigh na hÉireann agus an domhain air. An Pápa Proinsias. Tháinig ráiteas uaidh ní fada ó shin gur chóir do shagairt maithiúnas a thabhairt do mhná a roghnaigh ginmhilleadh. Nár dheas uaidh é?

Fear é seo agus mar sin níor chuir a chorp ná a bhroinn ná a stádas sa saol aon mhairg riamh air. Fear go bhfuil a fhios aige go bhfuil an ceart aige, pé rud a deir sé nó pé rud a dheineann sé. Fear ‘beannaithe’ é seo, a dúirt le déanaí chomh maith, nach bhfuil baol fén spéir go ndéanfar sagart de bhean. Go brách na breithe. Sin sin.

Is cuma mar gheall ar mhianta mná beannaithe deabhóideacha na heaglaise sin, ar fud an domhain, gur mhór acu bheith ina sagairt, gan trácht ar chothromaíocht. Arís nár dheas uaidh é? An cheist atá agamsa, an dtabharfadh mná an domhain maithiúnas dósan agus dá eaglais frithdhaonlathach, frithbhan? Maith atá a fhios agam an freagra.

Mo ghraidhin go deo iad na mná seo, leis, idir óg is aosta ar fud na cruinne, a sheasann leis an eagraíocht éagórach mhíchuibheasach, mhíchríostaí seo.

Is foighneach an dream iad. Mair a bhean is geobhair cearta.

Is léir ná tuigeann siad an chumhacht atá acu.  Cumhacht? a deir tú. ’Sea cumhacht. Dá n-éireoidís sin amach maidin amárach agus stailc a chur suas seachas a bheith ag éirí thiar as an gcléir, táimse á rá leat go mbeadh a mhalairt de phort ag institiúidí mídhaonlathacha amhail an Eaglais Chaitliceach. Dá n-éireoidís as a bheith ag tindeáil agus ag friotháil ar shagairt pharóiste, as a bheith ag cur ubh chirce síos dóibh, nó a bheith ag tarrac café con leche is croissants chucu chun bricfeasta, dá n-éireoidís as a bheith ag glanadh séipéal, ag cóiriú bláthanna agus araile, ní fada go mbeadh malairt poirt ag an eaglais Chaitliceach Rómhánach. Chúbfaidís chucu féin. Dhúiseoidís. Dhéanfaidís gníomh mar ná beadh a mhalairt de rogha acu.Roinnfidís an chumhacht is nára maith acu. 

Tuigim is ní thuigim cad ina thaobh ná díríonn mná air seo. Lagmhisneach agus éadóchas cuid mhór de.

Ní inniu ná inné a tuigeadh dúinne baineannaigh gur beag is fiú sinn sa saol seo pé scéal é. Nach as cliathán Ádhaimh a stoitheadh sinn? Níorbh fhiú leis an mBíobla Naofa ár dteacht ar an saol féin a bheith againn. Ní as broinn máthar a saolaíodh sinn, ach as easnacha fir. Níorbh ann dúinn, gan é. Tá a seacht ndícheall déanta acu, riamh ó shin, deimhin a dhéanamh de gur cuid den teagasc do-earráide é cos ar bolg a dhéanamh ar mhná na cruinne. Gan ceann fé ná náire. Nach deas uathu é. Nach é an Pápa Benedict a dúirt, gurb é an feimineachas a scrios an ‘teaghlach’. Aon bhean a sheas ar a cosa féin agus a d’éiligh meas is cothromaíocht, ní hí a mholfadh sé. Nár dheas uaidh é.

Buíochas mór leis na Déithe, Duibhne is Bóinne is Méabh chróga na troda, nach bhfuil greim scornaí ar ár n-éirim agus ár n-eagna ag fórsaí forghabhálacha forlámhacha na bhfear agus deireadh na bliana stairiúla seo ag leac an dorais againn.

Múscail do mhisneach, a Bhanba, uair amháin eile… 

Níor chaill bean an mhisnigh riamh é, más dubh dorcha iad na scamaill pholaitiúla is eaglasta atá os ár gcionn in airde agus romhainn amach.

Nach ciardhubh dubh a bhíonn sé, díreach sara mbreacann an lá.

Fág freagra ar 'Múscail do mhisneach, a Bhanba, níor chaill bean an mhisnigh riamh é!'

  • Fearn

    An féidir linn sos chogaidh a ghairm idir iarchaitlicigh na nÉireann agus an Eaglais Chaitliceach don Nollaig? Tá sé amuigh go raibh a leithéid sa chéad chogadh domhanda, ní ag moladh buaileadh liathróide don dá dream atá mé.

    Fág a sháimhe is a shonas ag A Naofacht ar feadh scaithimh. mairfidh an spíd gan dabht.

  • Micilinmuc

    A leithéid de raiméis fhrith-Chaitliceach…
    Diol spéise nár ionsaíodh na mór-reiligiúin eile nach n-aontaíonn leis an nginmhilleadh ach oiread – na Protastúnaigh, na Búdaithe, na Giúdaigh, na Críostaithe Ceartchreidmheacha na Rúise, na Moslamaigh, agus srl. Na Caitlicigh amháin…”target faiseanta.”

    Cúpla Fíric:
    Níor bhuaileas le haon bhean fós a bhí ag iarraidh a bheith ina sagart. Nílim liom féin maidir leis seo.
    Tá an ginmhilleadh ceadaithe in Éirinn
    Ní Caitliceach é Trump. Níor luaigh sé cúrsaí creidimh ina fheachtas fiú…
    Is Caitliceach é an Pápa (seans nach bhfuil sé chomh “roight-on” agus atá an scríbhneoir) agus is duine an-deas é de réir gach tuairisce.

  • Hopkins

    Tá an tir seo ina codladh le rófhadaar atá. Molaim thú, a Sheosaimhín, as an seasamh cróga seo. Lán an chirt agat ach fírinne í nach maith le daoine a chluinstin. Misneach, a mhná na tíre. Beidh an lá linn. Idir an dá linn: no, ní bheidh muid inár dtost.

  • Réaltán Ní Leannáin

    Níl do mhisneach caillte agat féin, is léir, a Sheosaimhín.. Míle buíochas as an phíosa seo – thaitin sé go mór liom agus thug sé ardú croi domh. Ní amháin ealaíonta ach fileata chomh maith.

  • Katie McGreal

    Iontach! An-alt! Táim ag siúl le go dtarlóidh i bhfad níos mó ar an ábhar seo i 2017. Na mná abú!

  • Seosaimhín Ní Bheaglaoich

    Nách misniúil an duine é/í seo Fearn? I bhfolach laistiar de ainm cleite.
    Tair amach as an bpluais.
    Seas go crógra neamheaglach led’ bhréithre a dhuine chóir.

  • Hopkins

    Micilín muc: tá mé in amhras faoi do chuid ‘fíricí’ maidir le creidimh eile agus ba bhreá liom do chuid foinsí a cheadú. Ioslam ach go háirithe.

    Is duine an deas an Pápa, tá mé cinnte. Duine deas mé féin ach ní aontaíonn muid faoi na cúrsaí seo. An bhfágann sin go mbeidh malairt intinne ortsa? No? Nach aisteach mar sin gur mhaith leat go gcuirfeadh Seosaimhín san áireamh é?

  • Mise Áine

    Sách ráite! Go raibh maith agat, a Sheosaimhín. An-alt ansin uait, a chara.

  • Deargdaol

    Táim féin tuirseach traochta len sagahas ‘liobrálachas’ seo, agus measaim nach bhfuilim i m’aonar. Fiú sampla mhaith an alt seo ar an chaoi gur bhua an Trumpadóir an toghachán sna SA. Maidir len phápa, is chás é anois gur ‘damned if you do … ‘ srl. ‘Cry-Bullying’ an tainm a chum Camille Paglia le déanaí don sórt ráiméis seo!

  • Fearn

    “Nách misniúil an duine é/í seo Fearn? I bhfolach laistiar de ainm cleite.
    Tair amach as an bpluais.
    Seas go crógra neamheaglach led’ bhréithre a dhuine chóir.!

    Ó, a Sheosaimhín Mhisniúil,
    ní raibh mé ar son buaileadh liathróide ar son na Nollag, ach tá tú ar son buaileadh an imreora. Nach dána an mhaise do an daoine nach dtagann leat?
    Sílim go bhfanfaidh mé sa phluais i bhfarradh A Naofacht don Nollaig, an bheirt cladhartha againn. Tá sé fuar amuigh.
    Ní ligfidh mé leis an “cuirim ort”, a d’fhógair tú orm an iarraidh seo.
    Ach mo chuid de Nollaig ort ina dhiadhsan. Beannachtaí