Murach an seoladh leabhair, ní bheadh cúis ag Cormac ag a Cúig labhairt leat…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An chamchuairt liteartha? Is fiú an tairbhe an trioblóid in ainneoin na seomraí leathfholmha agus na  gcarn leabhar nár díoladh

Murach an seoladh leabhair, ní bheadh cúis ag Cormac ag a Cúig labhairt leat…

Tá leabhar foilsithe agat.

Teastaíonn uait go mbeadh sé i mbéal an phobail. Ritheann sé leat gur dheas an rud é camchuairt phoiblíochta a eagrú. 

Cuirtear amach cuirí, crochtar póstaeir, scaiptear an scéal ar na meáin shóisialta agus thraidisiúnta. Caitear am agus airgead. 

Tagann an lá mór. Tá dáréag romhat sa lucht éisteachta. Scór b’fhéidir. Scór go leith más údar mór le rá thú. Díoltar dornán leabhar. 

An scéal céanna ag an gcéad stad eile agus na cinn ina dhiaidh sin. Oíche dheireanach do chamchuairte, i seomra óstáin uaigneach, cuirfidh tú ceist ort féin.

Arbh fhiú an tairbhe an trioblóid?

Rithfidh an freagra leat ar an bpointe boise.

B’fhiú!

Agus sé cinn de leabhair i nGaeilge agus sé chamchuairt phoiblíochta curtha díom agam féin, tá cleachtadh maith agam ar sheomraí leathfholmha, ar chairn leabhar nár díoladh, ar na frásaí a bhíonn ag lucht shiopaí leabhar agus ag foilsitheoirí chun scríbhneoir a shíleann siad a mbeadh díomá air a chur ar a shuaimhneas.

‘Oíche fhliuch a bhí ann.’

‘Am ciotach den bhliain.’

‘Bhí an tOireachtas ar siúl an tseachtain seo caite agus tá póit ar gach éinne.’

Tuigim dóibh agus bím buíoch as a n-iarrachtaí ugach a thabhairt dom, ach níor ghá dóibh an trioblóid a chur orthu féin. Ar dhá chúis.

Ar dtús, chuile sheans gur tábhachtaí an macalla a bhíonn ag seoladh leabhar nó ag léamh poiblí ná an ócáid féin.  

Ábhar cainte pé ócáid liteartha do na meáin. B’fhéidir nach bhfreastalóidh ar an imeacht féin ach scór, ach cloisfidh cúpla míle duine thú ar Cormac ag a Cúig agus feicfidh an líon céanna na grianghraif a tógadh ag an ócáid ar Tuairisc.ie. Murach an ócáid ní bheadh cúis ag Cormac deis chainte a thabhairt duit, agus murach an ócáid ní bheadh grianghraif ann le foilsiú.

Le deireanas, is iomaí drochrud atá á rá faoi na meáin shóisialta (agam féin, san áireamh) ach ná déantar beag is fiú dá gcumas scéal a scaipeadh. Bhreathnaigh os cionn dhá mhíle duine ar na grianghraif agus ar na físeáin ghearra a chroch mé suas ar Twitter nuair a bhí mé ar chamchuairt phoiblíochta timpeall na hÉireann go deireanach, díreach roimh an Nollaig. Cá bhfios nach gcuimhneoidh na daoine córa sin ar an leabhar a bhí á chur i mbéal an phobail agam lá breá éigin amach anseo, agus iad i siopa leabhar.

Ach ansin, ní díolachán leabhar bun agus barr an scéil.

Domsa, mar scríbhneoir, is í an teagmháil phearsanta le léitheoirí an chuid is tábhachtaí de chamchuairt phoiblíochta ar bith.

Murach an teagmháil phearsanta sin, deis a bheith agam saothar nua a léamh os ard agus a phlé le léitheoirí, ní bheadh críoch curtha, i m’aigne féin, leis an saothar sin agus ní fhéadfainn bogadh ar aghaidh go dtí an chéad saothar eile. 

Agus sin í an dara cúis nach gá d’éinne a bheith buartha (i gcás an scríbhneora seo, pé scéal é) mura mbíonn slua mór millteach i láthair ag ócáid liteartha. 

Fág freagra ar 'Murach an seoladh leabhair, ní bheadh cúis ag Cormac ag a Cúig labhairt leat…'

  • Learraí

    Táin in áit nach léann daoine tada ar chor ar bith ach téacsanna. Níl leabhar le ceannach áit ar bith. Todhchaí gan leabhar?

  • Learraí

    Bíodh na leabhair ar fáil ins chaon leabharlann in Éirinn is i gcéin. Tá Gaeilgeoirí léannta sna hinstitiúidí Eorpacha freisin. B’fhiú do roinnt leabhar uait a léamh.

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Hi Alex braithim go bhfuil se nios tabhachtaí duitse ós rud e go bhfuil tú i do chónasí i bhfad i gcéin ó Éirinn sa Bhrasail camhchuirt a thabhairt nuair ata leabhar nua a fhoilsiú agat. Mar is eol duit is réimse tanaí é a bheith ag saothrú in umar na gaeilge mar scríobhnóir.Ní mór gach deis a thapú chun poiblíochta.Bainter níos mó phoibliocht as an ocáid féin agua an caint sna méan faoin ocáid ná as an tinreamh lom.

    Leigh mé do leabhair nua agus bhaineas sult as.Maith tú agua ath mór leis an gcead ceann eile.

  • Bean an Chultúir

    Níor fhreastail mé féin ar sheoladh leabhar Alex ós rud é go raibh an líon pasanna a thugann mo theaghlach dom chuile bhliain i gcomhair ócáidí cultúir ídithe agam faoin tráth sin. Ach bhí muid ag tiomáint tríd an Spidéal lá nuair a d’ardaigh an fuadar sa charr – “sin é! sin é féin! Alex Hijmans, díreach ar chlé!” Bhí sé amhail is go raibh Martin Amis féin feicthe againn.

  • Lelia Ní Chinneide

    Chuala Alex ag léamh sliocht dá leabhar nua ag ócáid Reic sa Generator Hostel I mBAC. Léimt na caraictéirí as an leabhar chughainn agus bhí fonn mór orm níos mó a chlos. Níor cheannaigh mé fós é ach déanfad cinnte. Tá fonn níos mó orm é a cheannach toisc gur chuala Alex féin ag léamh a chuid oibre. So is fiú an camchuairt! Lean leis!