Mura mbíonn ainm ruda ar eolas againn, rachaidh eolas faoin rud féin in éag

Meabhraíonn Mothertongues dúinn go bhfuil glórtha áille ann nach gcloisimid sách minic

Mura mbíonn ainm ruda ar eolas againn, rachaidh eolas faoin rud féin in éag

Nomina si pereunt, perit et cognitio rerum

Ba i Laidin, teanga nach labhraítear a thuilleadh, a chuir an file Ifor ap Glyn tús le ceann de na dánta i mBreatnais a léigh sé ag an bhféile litríochta Cúirt 2020 le gairid.

Má chailltear na hainmneacha, cailltear an t-eolas a ghabhann leo, brí lom na bhfocal Laidine sin, rud a thuigtear go maith sa tír seo agus an oiread eolais faoin tírdhreach, faoin dúlra agus faoin dúchas a cailleadh de bharr aistriú tútach na logainmneacha go Béarla sa 19ú haois.

Ag tagairt don oiread teangacha atá i mbaol ar fud na cruinne a bhí an file ina dhán. Dar leis, rachaidh formhór an 7,000 teanga atá in úsáid sa lá atá inniu ann i léig roimh dheireadh an chéid seo.

Bhí beirt fhilí eile – Pàdraig MacAoidh as Albain agus Ciara Ní É as Baile Átha Cliath – ag léamh agus ag déanamh plé in éindí le Ifor ap Glyn ag an imeacht ‘Mothertongues’ ag Cúirt. Teanga, focail agus aistriúchán a bhí faoi chaibidil den chuid is mó acu agus b’fhíorspéisiúil an t-imeacht a bhí ann.

Tá Ifor ap Glyn ar dhuine de bhunaitheoirí an tionscadail Mothertongues, a bhfuil mar aidhm aige an Bhreatnais, an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban a chur chun cinn, ní mar theangacha ar imeall shaol an Bhéarla ach mar theangacha de chuid na hEorpa nach bhfuil ina bpríomhtheangacha sna stáit ina labhraítear iad. Tá a leithéid teangacha á labhairt ag 40 milliún duine, a dúirt sé.

De bhunadh na Breataine Bige é Ifor ap Glyn. Tógadh le Breatnais i Londain Shasana agus ba i mBreatnais a fuair sé a chuid scolaíochta. Bhí pobal láidir sa gcathair sin a labhair Breatnais agus bhí 40 séipéal ann ag an am le freastal ar na cainteoirí sin, a dúirt sé.

Rugadh Pàdraig MacAoidh ar Eilean Leòdhais, amach ó chósta thiar na hAlban, agus cé gur tógadh é le Gaeilge na hAlban agus Béarla, ba trí Bhéarla amháin a fuair sé a chuid oideachais. Óna thaithí féin tuigtear dó gur féidir rudaí áirithe a chur in iúl i gceann den dá theanga sin nach féidir a chur in iúl sa teanga eile agus go bhfuil a mhalairt fíor freisin.

Nuair a bhíonn sé ag scríobh faoina óige ar Eilean Leòdhais, bíonn sé ag iarraidh a bhealach a dhéanamh ar ais go dtí an tréimhse sin trí úsáid a bhaint as focail áirithe a bhíonn leathdhearmadta aige go minic. Tá spéis faoi leith ag MacAoidh san aistriúchán, ach ní mór a bheith airdeallach faoi, a dúirt sé. Ar nós na turasóireachta, ní fhaightear ó shaothar aistrithe ach sracfhéachaint ar chultúr eile.

I mBaile Átha Cliath a rugadh agus a tógadh Ciara Ní É agus ba trí Bhéarla a fuair sí a cuid oideachais bunscoile agus meánscoile. Le linn di bheith i rang a 6 sa mbunscoil a thuig sí den chéad uair go raibh níos mó i gceist leis an nGaeilge ná  teanga agus go raibh sí mar chuid thábhachtach dár n-oidhreacht. Cuireadh leis an tuiscint sin nuair a d’fhreastail sí ar Choláiste Chamuis i gConamara. Rinne sí staidéar ar an nGaeilge agus ar an mBéarla ar an ollscoil agus ó shin i leith tá an Ghaeilge mar chuid lárnach dá saol, a dúirt sí.

Chaith sí tamall ina cónaí i Londain agus spreag na hócáidí ilchultúrtha filíochta ar fhreastail sí orthu ansin í chun an t-imeacht ilteangach REIC a bhunú i mBaile Átha Cliath cúig bliana ó shin. Sna dánta a léigh sí ag Cúirt, thug sí léargas ar an dearcadh casta atá ag roinnt daoine sa tír seo i leith a dteanga dhúchais.

Cuireadh leaganacha Béarla de na dánta uilig ar thaobh an scáileáin fhad is a bhíodar á léamh agus b’fhiú go mór sin. Ní hamháin gur chabhraigh sé leis an té atá aineolach ar roinnt de theangacha ár gcomharsan, ach bhí sé spéisiúil i gcomhthéacs an méid a dúradh faoin aistriúchán ag an imeacht. Ba léir an cur is an cúiteamh is gá a dhéanamh i gcás an aistriúcháin sa dá leagan de dhánta Chiara Ní É. Ní aistriúchán díreach ó Ghaeilge go Béarla a bhí déanta aici, ach í ag tarraingt as toibreacha an dá theanga.

Murar éirigh leat an t-imeacht Mothertongues a fheiceáil nuair a craoladh é, tá sé ar fáil ar YouTube, mar atá chuile cheann eile de na himeachtaí a bhí ar bun ag Cúirt 2020. Is fiú breathnú air, ar chúiseanna éagsúla agus ní hamháin ar mhaithe le glórtha ceolmhara na Breatnaise agus Ghaeilge na hAlban a chloisteáil.

Is glórtha iad nach gcloisimid sách minic.

Fág freagra ar 'Mura mbíonn ainm ruda ar eolas againn, rachaidh eolas faoin rud féin in éag'