Mura mbímid sách cróga labhairt amach, tá muid comhpháirteach sa chinedhíothú

An bhfuil sé de mhisneach againn gníomh a dhéanamh ar son na Palaistíne?

Mura mbímid sách cróga labhairt amach, tá muid comhpháirteach sa chinedhíothú

Ní dóigh liom go bhféadfadh aon duine macánta a shéanadh go bhfuil cinedhíothú ar siúl ag Iosrael i gcoinne na bPalaistíneach i nGaza, agus iad ag diúltú bia nó cógas a ligean isteach is iad ag leanacht le buamáil lá i ndiaidh lae.

Go hoifigiúil seasann Éire i gcoinne a leithéid. Seasann, mar dhea. Le fírinne ní dhéanann muid mórán faoi. Tá aerfort na Sionainne á úsáid ag aerfhórsa Mheiriceá agus armlón a chur go hIosrael acu. Tá muid ag fanacht le cead an Aontais Eorpaigh Bille na gCríoch Gafa a rith.

Sa nGearmáin tá siad ag bagairt beirt Éireannach a dhíbirt as an tír toisc gur ghlac siad páirt in agóid ar son na Palaistíne. I Sasana tá an rapghrúpa Kneecap á bhfiosrú ag na húdaráis sceimhlitheoireachta mar gheall ar a gcaint phoiblí ar son na Palaistíne.

Sea, in ionad Kneecap a chosaint ón bhfeachtas ina gcoinne, ghlac an Taoiseach Micheál Martin páirt san ionsaí ag éileamh go soiléireoidís a ndearcadh faoi Hamas is Hezbollah.

San Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe bagraítear díbirt, cailliúint fostaíochta is eile orthu siúd a dhéanann agóid ar son na Palaistíne.

Agus oibríonn an bhagairt. Tá daoine ag fanacht ciúin.

Cén fáth a bhfuil an tIarthar ‘oifigiúil’ agus an Eoraip ‘oifigiúil’, go háirithe, chomh neamhbhuartha sin faoi fhulaingt na bPalaistíneach?

Is ceist chuí í seo, ós rud é go bhfuilimid ag déileáil le cinedhíothú atá á chraoladh ar an teilifís. Tá seo difriúil ó thréimhsí roimhe seo inar léiríodh neamhshuim agus comhpháirtíocht an iarthair, le linn an Nakba i 1948 nó sna blianta fada forghabhála ó 1967, nuair nach raibh sé éasca eolas a fháil. Bhí an leatrom tar éis 1967 incriminteach, mar shampla, agus, dá bhrí sin, rinne meáin agus polaitíocht an iarthair neamhaird air.

Ach tá na hocht mí dhéag dheireanacha seo an-difriúil. Ní féidir gan aird a thabhairt ar an gcinedhíothú i Stráice Gaza agus ar an nglanadh eitneach sa Bhruach Thiar ach amháin má dhéanann tú d’aon ghnó é. Ní féidir aineolas a bheith ina leithscéal.

Tá gníomhartha na nIosraelach agus an dioscúrsa a ghabhann leo soiléir do chách, ach roghnaíonn polaiteoirí, lucht ollscoile agus iriseoirí áirithe neamhaird a dhéanamh orthu.

Tá scaoll morálta ar dhaoine, eagla orthu cloí lena dtuiscint mhorálta féin. Ní bhíonn sé de mhisneach ag daoine labhairt amach mar go bhféadfaidís a bheith thíos leis.

Ní dhéantar tástáil orainn i gcónaí i gcásanna a éilíonn misneach nó, ar a laghad, ionracas. Nuair a tharlaíonn an tástáil, léirítear nach smaoineamh teibí í an mhoráltacht ach glao chun gnímh.

Sin é an fáth go raibh an oiread sin Gearmánach ina dtost nuair a cuireadh Giúdaigh chuig campaí díothaithe agus sin an fáth go raibh Meiriceánaigh gheala ina seasamh go ciúin ar leataobh nuair a bhí Meiriceánaigh dubha á linseáil.

Cad é an praghas a bheadh le híoc ag iriseoirí mór le rá an iarthair, le polaiteoirí. ollúna is príomhfheidhmeannaigh comhlachtaí aitheanta dá gcuirfidís an milleán ar Iosrael as cinedhíothú a dhéanamh in Gaza?

Ach an bhfuil an ceart ag Micheál Martin bocht faitíos a bheith air go n-íocfadh sé go daor as rud ar bith a dhéanamh ar son na Palaistíne?

Déanann Iosrael, agus na tíortha a sheasann leis – an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe – ionsaí ar éinne a labhraíonn amach, ag cur ina leith gur frithSheimítigh iad nó gur ag séanadh an Uilelosctha atá siad. Coinníonn sé sin an chuid is mó acu ina dtost.

Ach tá taobh eile ann – taobh neamhoifigiúil. Ar ámharaí an tsaoil, tá grúpa i bhfad níos mó daoine ann nach bhfuil eagla orthu na rioscaí a ghlacadh a bhaineann lena dtacaíocht do na Palaistínigh a chur in iúl go soiléir, agus a léiríonn an dlúthpháirtíocht seo agus a fhios acu go bhféadfadh fionraí, díbirt, nó fiú am príosúin a bheith mar thoradh air.

Ní furasta daoine mar sin a fháil i measc an lucht acadúil, sna meáin nó i saol na polaitíochta, ach is iad guth dlisteanach an phobail iad i go leor áiteanna sa domhan thiar. Tá móramh de mhuintir na hÉireann sa ghrúpa seo, ach an bhfuil an Taoiseach?

Go simplí mura bhfuil sé de chrógacht againn labhairt amach agus gníomh dá réir a dhéanamh, tá muid comhpháirteach sa chinedhíothú.

Sea, beidh praghas le híoc, ach an féidir ár gcoinsias a cheannach chomh héasca sin ar chúpla pingin?

Ceist agam ort, a léitheoir, agus páistí Palaistíneacha ag fáil bháis faoi na buamaí ón spéir anuas: cá seasann tusa?

An ardóidh tú do ghuth nó an bhfanfaidh tú i do thost?

Fág freagra ar 'Mura mbímid sách cróga labhairt amach, tá muid comhpháirteach sa chinedhíothú'

  • Máire

    Bheadh níos mó inchreidteacht ag Ó Murchú ar an gceist seo murach a thacaíocht don dream atá ag marú páistí Úcŕaineacha le buamaí ón spéir anuas.

  • Gabriel Rosenstock

    Tá an ceart ag Eoin agus gach aon bhlúire den cheart. B’fhiú do dhaoine breathnú ar an gclár The Settlers ar BBC, clár de chuid Louis Theroux:
    https://www.bbc.co.uk/programmes/m002bm1y
    Faraor, d’fhoilsigh an Sunday Times drochléirmheas ar an gclár sin inné: ‘How to make a grotesquely biased documentary without really trying? Step one, make sure all the people you interview on the Israeli side are extremist nutters.’ Agus céim a dó, más é do thoil é, dar leis an Sunday Times? ‘Make sure all the Palestinians you interview are decent fair-minded liberals . . .’
    Mholfainn do dhaoine a n-aigne féin a dhéanamh suas agus gan a bheith ag brath ar mheáin na Breataine. (Bhí léirmheas moltach ar an Guardian, chun a cheart a thabhairt dó).

  • Marian Conneely

    Aontím go hiomlán, Mar a dúirt Séan O Ríordáin, Ní Ceadmhach Neamhshuim

  • Pádraig O'hEipicín

    Guí ar son an síocháin pé áit ar fud an domhan go bhfuil sé de dhith.