Muir-Sin-É agus an t-amhrán Gaeilge a bhuaigh comórtas ceoil Youth Factor 2015

Tá an chéad áit i gcomórtas na mbannaí ceoil buaite ag beirt chailíní as Baile Locha Riach a chumann amhráin Ghaeilge

Muir Sin é

Is ag an mbanna ceoil Gaeilge Muir-Sin-É a bhí an bua ag an gcomórtas náisiúnta tallainne Youth Factor, a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath le deireanas.

Beirt chailíní as Baile Locha Riach, Muireann Ní Bhaoill agus Sinéad Pokall, atá sa bhanna ceoil a chumann a gcuid amhrán féin i nGaeilge. D’éirigh leo comórtas réigiúnach na Gaillimhe a bhuachan níos luaithe i mbliana agus chuaigh siad ar aghaidh chuig an mbabhta ceannais a bhí ar siúl Dé Domhnaigh 28 Meitheamh.

Tá na cailíní seacht mbliana déag d’aois agus iad ag dul isteach i mbliain na hArdteiste i mí Mheán Fómhair seo chugainn. Is í seo an dara bliain as a chéile gur bhuaigh Muir-Sin-É an phríomhdhuais i rannóg na mbannaí ceoil.

‘Is amhrán Gaeilge é chuile amhrán dár gcuid. Bíonn muid ag scríobh faoi ghnáthrudaí, buachaillí agus tae – na rudaí is tábhachtaí dúinn!

‘Bíonn muid ag casadh ceoil ar scoil, ag comórtais scoile agus comórtais áitiúla agus déanann muid ranganna ceoil tar éis na scoile. Beidh muid ag tabhairt faoi scrúdú na hArdteiste an bhliain seo chugainn agus tá an ceol ar cheann de na hábhair a bheidh muid a dhéanamh ach is le faoiseamh a fháil ón scoil a bhíonn muid ag casadh den chuid is mó,’ a dúirt Muireann Ní Bhaoill le Tuairisc.ie.

Tá ceithre amhrán nua scríofa ag Muir-Sin-É agus iad ar fad le feiceáil ar leathanach YouTube Shinéad Pokall. Casann an bheirt acu roinnt mhaith uirlisí; bíonn Muireann ar an ngiotár agus an vióla agus Sinéad ar an gconsairtín, an fhidil agus an ucailéile.

Tá súil ag Muir-Sin-É an deis a bheith acu a gcuid amhrán a thaifeadadh i stiúideo go luath.

 

Fág freagra ar 'Muir-Sin-É agus an t-amhrán Gaeilge a bhuaigh comórtas ceoil Youth Factor 2015'