Muintir na Fionlainne ba mhó a bhí istigh leo féin, thar aon dream eile daoine ar domhan

Ar an liosta a chuireann brainse de na Náisiúin Aontaithe le chéile, ar a dtugtar Tuarascáil Sástachta an Domhain, tagann Éire sa tríú háit déag

Muintir na Fionlainne ba mhó a bhí istigh leo féin, thar aon dream eile daoine ar domhan

Tugadh le fios le déanaí, díreach roimh ár agus scrios na Rúise san Úcráin gan dabht, gurb iad muintir na Fionlainne ba mhó a bhí istigh leo féin, thar aon dream eile daoine ar fuaid an domhain mhóir.

Ní hé sin amháin é, ach sé an cúigiú babhta as a chéile acu an gradam seo a thuilleamh. Ar an liosta a chuireann brainse de na Náisiúin Aontaithe le chéile, ar a dtugtar Tuarascáil Sástachta an Domhain, tagann Éire sa tríú háit déag, dhá chéim níos airde ná mar a bhíomar dhá bhliain ó shin. Sásta go dtugamar na cosa linn ó phláigh an Covid b’fhéidir, ach ar éigean é.

Táimid chun cinn ar na Stáit Aontaithe, más aon mholadh é sin orainn, agus chun cinn ar ár gcomharsana crosta béal dorais, an Ríocht Aontaithe, más aontaithe dóibhsean agus an Breatimeacht a’ déanamh mearthail dóibh.

An Francach faobhrach san fichiú háit. Is léir nach bhfuil formad againn lena ngalántacht, a sofaisticiúlacht ná a gcuid fíona, táimidne i bhfad níos sásta leis an saol ná tá siadsan. Mon dieu! Cé a chreidfeadh é.

Bunaithe ar mheon is breithiúnas na ndaoine féin orthu féin a deintear an measúnú.

Tuairiscítear gur chuir sé iontas ar na Fionlannaigh iad fhéin go raibh an chraobh beirthe leo acu. Admhaíonn siad gur féidir leo a bheith dubhach béal-iata go minic agus go bhféachann siad cam ar aon duine a bhíonn ró-ghealgháireach giodamach, rómhinic.

Mar sin féin tugann siad an svae leo.

Gan dabht tá caighdeán maireachtála an-ard acu. Tá sauna i nach mór gach tigh. Botháinín teasa a bhaineann allas as an gcorp agus tuirse as na cnámha.

Tithe adhmaid dea-inslithe. Saoroideachas d’óg is sean. Tacaíocht fhíormhaith d’éinne atá dífhostaithe, saoirse thuismitheoireachta ar fáil gan cheist. Ar a laghad dhá theanga ar a dtoil ag gach éinne. Fionlainnis agus Sualainnis.

Mná cumasacha i gceannas cúrsaí rialtais acu. Sanna Marin an tríú Ceannaire Rialtas baineann ag an bhFionlainn ó fuaireadar neamhspleáchas siar amach. Tromlach na n-airí Rialtais baineann.

An cháil orthu go bhfuil vodca den gcéad ghrád acu agus fuílleach éisc á ithe acu, gan trácht ar fheoil réinfhia. Is breá leo a bheith ag ól bainne agus is maith leo géar é leis.

Anuas air sin nach bhfuil Daidí na Nollag ag a baile acu. Téir chomh fada leis an gCiorcal Artach agus ansan atá baile Rovaniemi. Tugann breis is 500,000 duine cuairt ar an mbaile gach bliain ar thuairisc Santy. Seacht bhfearr ná aon Domhan Disney dá fheabhas é.

Thugas féin is páirtí Fionlannach cuairt ar limistéir níos sia ó thuaidh ná an ciorcal Artach blianta siar. Ní nach ionadh chaitheamar triail a bhaint as an sauna, sinn féin a róstadh go maith ann, cúpla taoscán d’fhíon geal an tslé’ a chaitheamh siar, eagla ná téimis. Fuarú is faoiseamh ina dhiaidh san i meall mór sneachta lasmuigh de dhoras.

Bhí seans linn ná fuaireamar taom croí.

Beidh seans leis na Fionlannaigh bhochta má thugann siad an Chraobh Sástachta leo an bhliain seo chugainn agus a bhfuil d’uafás béal dorais acu anois a bhuíochas don ropaire bithiúnach san nach fiú liom a ainm a lua.

Stair fhada achrannach ag an bhFionlainn leis an Rúis. Ní raibh aon dea-fhocal ag mo pháirtí Fionlannach don limistéar sin, béal dorais aici.

Ba bheag é m’eolas féin ar an stair acu, ach oiread le daoine a bhíonn ag iarraidh meabhair a dhéanamh den stair fhuilteach atá againne lenár gcomharsa lenár n-ais.

Luaigh an Fionlannach dúthaigh Karelia, a baineadh díobh le linn an Dara Cogadh Domhanda, aslonnaíodh breis is ceithre chéad míle Fionlannach le fórsa agus tugadh isteach daoine ón Bhealarúis is uile ina n-áit. Ní róbhuíoch atáthar go dtí an lá atá inniu ann as an ngníomh san ach ar mhaithe le síocháin agus taidhleoireacht coimeádann formhór acu socair mar scéal é.

Ní fios cad a thitfidh amach anois. Slad agus ár ag dul i méid gach lá san Úcráin. An domhan Eorpach iompaithe bunoscionn.

Ní fios cén strus is buaireamh aigne atá ar na Fionlannaigh fáilteacha ar m’aithne.

I dTír na Míle Loch d’fhéadfadh rudaí a bheith suaite go maith.

Fág freagra ar 'Muintir na Fionlainne ba mhó a bhí istigh leo féin, thar aon dream eile daoine ar domhan'