Muintir an Tuaiscirt ag dul chuig na bothanna vótála

Agus gan aon fheidhmeannas ag obair in Stormont féachfar cuid mhaith ar thoghcháin an lae inniu mar dheis ag daoine a dtuairim a nochtadh faoin tsáinn pholaitiúil, go háirithe baghcat an DUP ar roinnt na cumhachta

Muintir an Tuaiscirt ag dul chuig na bothanna vótála

Rachaidh muintir an Tuaiscirt chuig na bothanna vótála inniu chun comhairleoirí áitiúla a thoghadh den chéad uair ó Bhealtaine 2019.

462 comhairleoir a thoghfaidh daoine i 11 ceantar comhairle.

Agus gan aon fheidhmeannas ag obair in Stormont féachfar cuid mhaith ar thoghcháin an lae inniu mar dheis ag daoine a dtuairim a nochtadh faoin tsáinn pholaitiúil, go háirithe baghcat an DUP ar roinnt na cumhachta.

Is í agóid an DUP in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta is cúis leis an tionól agus an feidhmeannas gan a bheith ag obair.

Agus an DUP fós i mbun marana ar cén glacadh a bheidh acu leis an iarracht is déanaí ag an AE agus Rialtas na Breataine fuascailt a fháil ar sháinn an phrótacail, Creat Windsor, tá an páirtí aontachtach ag déanamh réasúnta maith sna pobalbhreitheanna.

De réir na pobalbhreithe is déanaí ón gcomhlacht LucidTalk, a foilsíodh níos luaithe an mhí seo, 25% den vóta a bhí ag an DUP.

Feabhas mór a bheadh ansin ar an 21% a fuair an páirtí i dtoghchán an tionóil anuraidh.

Sa toghchán sin, fuair Sinn Féin níos mó vótaí céadrogha agus bhuaigh siad níos mó suíochán ná an DUP, an chéad uair riamh ar tharla a leithéid.

D’fhág sin go raibh Sinn Féin i dteideal an Chéad-Aire a bheith acu, cor siombalach i gcinniúint na polaitíochta sa Tuaisceart nach raibh an DUP róthógtha leis.

105 suíochán comhairle a bhuaigh Sinn Féin in 2019, i gcomparáid le 122 ag an DUP.

Bhí an UUP sa tríú háit in 2019 le 75 suíochán, laghdú 13 suíochán ar na toghcháin áitiúla roimhe sin.

Má sciobann an TUV, páirtí a bhfuil tuairimí níos doichte fós acu, go leor vótaí ón DUP i dtoghcháin an lae inniu d’fhéadfadh gurbh amhlaidh go gcuirfidh siad cos i bhfeac mar gheall ar a mbaghcat agus an prótacal.

Ach má éiríonn go maith leo, b’fhéidir go dtabharfadh sé an misneach dóibh filleadh ar Stormont.

Ba é scéal mór na dtoghchán áitiúil in 2019 ná an borradh mór faoi líon na vótaí a fuair Páirtí Alliance. 53 suíochán a ghnóthaigh Alliance, méadú 21 suíochán.

D’fhág sin sa chúigiú háit i gcónaí iad ach an bhearna idir iad féin agus an SDLP iata go mór acu. 59 suíochán a bhí ag an SDLP, seacht gcinn níos lú.

Tá dul chun cinn déanta arís ag Alliance sna trí thoghchán ó shin. 13.5% a fuair an páirtí i dtoghchán an tionóil anuraidh agus dá n-éireodh leo an méid sin féin a fháil arís inniu chuirfidís le líon a suíochán comhairle.

Ní go rómhaith a d’éirigh leis an UUP ná an SDLP sna toghcháin a bhí ann le roinnt blianta anuas.

D’éirigh leis an gComhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabús cur lena stór in 2019. Ceithre shuíochán sa bhreis a bhuaigh an dá pháirtí.

Is iad an 11 ceantar comhairle sa Tuaisceart: Comhairle Chathair Bhéal Feirste; Comhairle Ceantair Lár Uladh; Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin; Comhairle Dhoire agus an tSratha Báin; Comhairle Bhardasach Aontroma agus Bhaile na Mainistreach; Comhairle Ceantair na hArda agus an Dúin Thuaidh; Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach agus an Chaisleáin Riabhaigh; Comhairle Buirge Chathair Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon; Comhairle Chósta an Chlocháin agus na nGlinnte; agus Comhairle Buirge Lár agus Oirthear Aontroma.

Fág freagra ar 'Muintir an Tuaiscirt ag dul chuig na bothanna vótála'

  • Pól Mac na Cinsearachta

    (Cinnte go mbeidh Cinsearacht ar siúl arís agus arís eile ach d’ainneoin sin seo é —)

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11074
    *****************************************************************************************

    SEO cnánh na spairne i gcónaí ———–Is cuma faoi Phobail Bhreitheanna——-

    Má tá socrú ann a thugann Ceannasaíocht na Sé Chontae do Shasana i gcónaí cén fáth nach mbeifear ag dúil fréasúra mar a tharla le 800 bliain le Réabhlóid/Éirithe Amach éagsúla ???

    Maith sibh A Richie A Chathal III agus Sinn Féin (mar dhea !!!).

    Cuireann Jeffrey an dallamulóg oraibh uilig !!!

    Chomh cinnte is atá cros ar asal agus táim cinnte go bhfuil, tiocfaidh plé, díospóireacht agus poblailbhreith faoin teoireann le toradh déarfa a fháil réidh le críochdheighilt.

    Ansin an bealach fada/nó gairid go ceann scríbe na bPoblachtach ‘Éire Aontaithe’ agus muid mar Phoblachtaigh ag dúil le Éire Shoisialach, Ghaelach, Neamh-eaglasta, Neamhsheicteach mar mhúnla don Tír Aontaithe Nua seo.

    Ach baineann dhá fhadhb leis an fhís seo.

    An mbeidh Caitlicigh/Náisiúnaigh( cuid acu), aontaithe faoin idé-eolaíocht phoblachtach nó an mbeidh siad ró-chleachtadh leis an Saol Caipitileach Anglo-Mhéiriceánach agus an Béarla ag teoiriú an tSochaí leis an nasc Breatanach.

    Bheul, caidé faoin darna fadhb ag dul i dtreo na Tíre Aontaithe seo, na hAontachtóirí nó Protasúnaigh(cuid mhór acu) . Muna mbeidh siadsan sásta d’fhéadfaí an darna cogadh cathartha a bheith ar siúl.

    Scor ar bith beidh na Sasanaigh sáite ina bhfadhbanna féin le boilsciú gurbh fhearr leo fáil réidh leis an fhadhb a chruthaigh siadsan sa chéad dul siós( cé nár adhmaigh siad sin in am ar bith ). Ba lucht déanta na síochána iad i gcónaí mar an gcéanna leis an Saorstát, dar leo.

    Ach cá huair a raibh Meiriceá(SAM) ina ‘Teachtaire na Síochána’ ó Vietam go Afganistan ???

    Impireacht an Caipitileachais í.

    Leis an scéal a dhéanamh gairid agus ní scéal gairid é. Ní mór dúinn a thoiseacht á dhéanamh ag cruthú an ‘Éire Nua’ casta seo.
    (tuilleadh le teacht amach anseo)

    Ba chóir do Shasana an chumhacht cosca reachtúil a bhaint de Jeffery agus deireadh a chur leis an fhadhb !!! —- ach mar a dúirt mé is ag dul i dtreo Éire Aontaithe muid.

    Is mise le easpa measa

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    Iar-Chime Poblachtach (Saor anois agus cead mo chinn agam)
    a bhí ina chónaí sa Ghaeltacht/Jailteacht,
    i bPríosún Phort Laoise
    Ardán 1
    Bloc E
    Éire

    An Dá Fhocal scoir :—-
    1. Bíonn ‘Ciorcail Chainte/Chomhra’ ar siúil i Longfort san Óstán Armais nó sa teach tabhairne ‘Eascabar ‘ nó i dTeach Tabhairne ‘Valentine’ gach Aoine ag 1.30 i.n.

    Labhair í agus mairfidh sí.

    2. Déan teagmháil liom i dtaobh ‘Ranganna Teagaisc’ le dul faoin Ard-Teistiméaracht nó cuidiú i dtaobh obair ollscoile.

    Labhair í agus mairfidh sí.

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=artistdetail&artist=D%C3%B3nallTom%C3%A1sMacBillings&id=11074
    *****************************************************************************************