Moya Llewelyn Davies – bean ar leith a bhí i lár an aonaigh

Ochtó bliain go ham seo a bhásaigh Moya Llewelyn Davies rud a cuireadh ar mo shúile dhom nuair a shiúil mé thar a huaigh i nGráinseach an Déin

Moya Llewelyn Davies – bean ar leith a bhí i lár an aonaigh

Nuair a saolaíodh iníon don scríbhneoir ón mBlascaod, Muiris Ó Súilleabháin, baisteadh ‘Máire Llewelyn’ uirthi. Maireann an Máire sin, Máire Kavanagh i nGaillimh, i gcónaí.

Bhí Muiris ag tabhairt aitheantas don obair aistriúcháin a rinne Moya Llewelyn Davies ar a leabhar clúiteach Fiche Bliain ag Fás. Bhí an-ráchairt air agus díoladh na mílte cóip de.

Ochtó bliain go ham seo a bhásaigh Moya – cuireadh é sin ar mo shúile dhom an tseachtain seo nuair a shiúil mé thar a huaigh i nGráinseach an Déin. Ach fillfidh mé ar an ábhar áirithe sin.

Ba charachtar ar leith í Moya. I rith a saoil, casadh pearsana móra stairiúla uirthi – Micheál Ó Coileáin, Art Ó Gríofa, EM Forster, JM Barrie, Lloyd George, buíon ‘Bloomsbury,’ agus go leor eile nach iad.

Rugadh ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath í. Iníon ab ea í leis an bhFeisire Parlaiminte James O’Connor, a bhí ina bhall de na Fíníní tráth. Tharla tragóid uafásach sa chlann nuair nach raibh Moya ach naoi mbliana d’aois. Bhásaigh a máthair agus a ceathrar deirfiúracha nuair a d’ith siad diúilicíní a raibh nimh iontu, i mBaile na Manach. Scéal mór nuachta a bhí ann ag an am agus bhí tagairt don eachtra sa leabhar Ulysses, le James Joyce.

Chuaigh Moya go Londain agus í ina bean óg, nuair a phós a hathair den dara huair.

I Londain a casadh Crompton Llewelyn Davies uirthi agus cé go raibh sé i bhfad ní ba shine ná í, phósadar agus shocraigh sí síos i Londain. Bhí post tábhachtach aigesean mar Aturnae-Ginearálta ar Oifig an Phoist agus bhí sé ina chomhairleoir ag Lloyd George.

Bhí ceangal liteartha ag Crompton freisin. Ba dheartháir é le Arthur Llewelyn Davies, an fear arbh iad a chlann mhac a thug inspioráid don scríbhneoir JM Barrie dá leabhar Peter Pan.

I rith na mblianta corraitheacha réabhlóideacha sa tír seo, chuir Moya aithne ar go leor de na ceannairí, go háirithe Micheál Ó Coileáin. Bhí sé le rá aici ina dhiaidh sin go raibh níos mó ná cairdeas eatarthu. Ach bhí roinnt mhaith díospóireachta faoin gcaidreamh a bhí aici leis agus dúradh go mbíodh sí ag déanamh áibhéil faoin scéal tar éis a bháis.

Tá sé suntasach nach bhfuil an t-uafás foinsí príomha ann faoi shaol Moya – bhí beathaisnéis idir lámha aici uair amháin ach níor tháinig sé chun solais riamh. Deirtear gur scriosadh a cuid cáipéisí pearsanta tar éis a báis. Anois, cad a d’fhéadfadh a bheith iontu a spreagfadh aon duine chun é sin a dhéanamh?

Tháinig Moya ar ais go Baile Átha Cliath agus cheannaigh sí teach i gCill Easra i 1920 – Furry Park House [Teach Pháirc an Aitinn], teach atá ann i gcónaí. Cé go bhfuil sé suite ar an mbóthar go Binn Éadair anois, bhí 40 acra leis ag an am.

Bhíodh Micheál Ó Coileáin ag fanacht sa teach anois is arís agus é ar a theitheadh. Thugadh Moya gunnaí léi ina carr faoi cheilt, i málaí plúir.  Níor chónaigh Crompton Llewelyn Davies i Furry Park ach thugadh sé cuairt ann go minic. Ach gabhadh ise agus chaith sí tamall i bpríosún Mhuinseo. Chaill Crompton a phost i Londain dá bharr sin, ach ba ghearr go bhfuair sé post mór eile.

Deirtear gur chabhraigh Moya le heagar a chur ar scríbhinn Collins sa leabhar The Path to Freedom agus gur chabhraigh Crompton leis an gCoileánach agus é ag dréachtú bunreachta don stát nua.

Nuair a tháinig Muiris Ó Súilleabháin go Baile Átha Cliath ar dtús, le dul isteach sna Gardaí, ba i dteach Mhoya, Furry Park House, a d’fhan sé agus é in éineacht lena dhlúthchara George Thomson.

Ba scoláire mór clasaiceach é George a tháinig go dtí an Blascaod chun an Ghaeilge a fhoghlaim – céad bliain go ham seo. Ba é George a thug ugach do Mhuiris a leabhar Fiche Bliain ag Fás a scríobh.

Ach nuair a tháinig an t-am chun an leabhar a chur i gcló, dhiúltaigh an Gúm é a fhoilsiú. Bhí scéalta sa leabhar nár thaitin leis na húdaráis – leads óga ag ól i gCeann Trá, mar shampla. Ar aon nós, cinneadh é a fhoilsiú i mBéarla le réamhrá ón scríbhneoir clúiteach EM Forster agus d’fhoilsigh Talbot Press an bunleagan Gaeilge an lá céanna.

Mheas George nach raibh a chuid Béarla ‘Éireannach’ maith go leor chun an t-aistriúchán a dhéanamh. Dúirt sé go raibh Gaeilge na mBlascaod aige ach nach raibh an Béarla ceart aige ón gceantar. D’iarr sé ar Mhoya cabhair a thabhairt dó leis an leagan Béarla a scríobh. Dúradh go ndearna George garbh-aistriúchán ar dtús agus gur chuir Moya ‘snas’ air.

Ach bhí fo-nóta leis an scéal sin freisin. Ar an suíomh ainm.ie luann na húdair leabhar a scríobh Nuala Ní Aimhirgín, Muiris Ó Súilleabháin: saol agus saothar agus ins an leabhar sin, seo an cuntas a thug an scoláire mór D.A. Binchy ar an aistriúchán: ‘Mrs Llewelyn Davies and Mr Thomson…have invented an “Irish dialect of English” that has no existence outside the pages of their book.’

Bhí tuairim eile ag an údar EM Forster áfach, a chabhraigh le foilsiú an leabhair. Ina réamhrá deir sé ‘Here it is, the egg of a seabird, lovely, perfect and laid this very morning.’

De réir a chéile thosaigh an chathair ag méadú agus ag cur isteach ar na tailte thart ar Theach Furry Park. Bhí Moya ag cuartú áit ní ba chiúine. Roghnaigh sí teach i gContae Chill Mhantáin agus bhog sí ansin. Sin é an fáth gurb é an seoladh i gCill Mhantáin atá ar an leac a cuireadh ar a huaigh.

Ach cad faoin uaigh? Bhain sé siar asam nuair a shiúil mé thairsti an mhaidin cheana. Chonaic mé ainm Moya Llewelyn Davies agus thug mé faoi deara go mbeidh ochtó bliain ann an tseachtain seo ón lá ar bhásaigh sí.

Ní fhéadfainn neamhshuim a dhéanamh den droch-chaoi atá ar an uaigh. Is léir nach bhfuil aon duine ar leith ag tabhairt aire di. Bhí beirt pháistí aici ach níl tuairisc in aon áit ar a sliocht siúd. Seans gur i Sasana áit éicint atá siad.

‘Remembered by her admirers’ a deirtear ar an leacht. Cé hiad siúd?  De réir alt in ‘Collins22 Society’ duine a raibh gaol i bhfad amach aici léi a thóg an leacht in 2003. Ní bheadh aon tuairim agat ón méid sin faoin gceangal a bhí aici le heachtraí stairiúla réabhlóideacha agus cultúrtha na hÉireann. Ach maireann a hainm beo i gcónaí i mBaile Chláir na Gaillimhe. 

  • Moya Llewelyn-Davies a fuair bás ar an 28 Meán Fómhair 1943

Fág freagra ar 'Moya Llewelyn Davies – bean ar leith a bhí i lár an aonaigh'