Beidh “mórshiúl náisiúnta” i mBaile Átha Cliath san fhómhar le haird a dhíriú ar “ghéarchéimeanna náisiúnta” a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Aontaíodh ag tionól inné sa Chultúrlann i mBéal Feirste go n-eagrófaí an mórshiúl ach níl aon dáta socraithe go fóill don ócáid. Is é seo an chéad mhórshiúl Gaeilge a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath ó bhí 2018 ann. Shiúil na mílte an uair sin ó Chearnóg Parnell go Cearnóg Mhuirfean mar chuid de Lá Mór na Gaeilge le haird a tharraingt ar chruachás na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ón Dream Dearg, a bhí ina chathaoirleach ar ‘An Tionól Géarchéime’ i mBéal Feirste inniu gur mithid “dul chun na sráide” arís le haird an phobail agus na bpolaiteoirí a tharraingt ar na ceisteanna is mó atá ag déanamh imní do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na teanga ar fud na hÉireann.
“Chuala muid ó ionadaithe ar chuid de na mórfheachtais is práinní ar fud na tíre faoi láthair faoin ghéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht, an tsáinn mhaoinithe Thuaidh-Theas, easpa dul chun cinn na Gaelscolaíochta ar an dá thaobh den teorainn, agus constaicí leanúnacha ar chearta teanga ó thuaidh,” a dúirt sé.
Dúirt sé gur aontaíodh ag an gcruinniú gur mithid “na mórfheachtais seo a thabhairt le chéile agus dul chun na sráide”.
Eagraíodh mórshiúlta eile i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste in 2014 agus in 2017. Ba as na mórshiúlta sin, ar a baisteadh ‘Lá Mór na Gaeilge’ agus ‘Dearg le Fearg’, a d’eascair an ghluaiseacht cearta teanga ‘An Dream Dearg’ ó thuaidh.
Measadh gur ghlac 8,000 duine páirt i mórshiúl 2014 i mBaile Átha Cliath agus gur ghlac tuairim is 10,000 páirt i mórshiúl 2017 i mBéal Feirste. Chuir an Stoirm Emma isteach go mór ar ócáid na bliana 2018 agus cuireadh siar cúpla seachtain í. Ní raibh slua chomh mór céanna i láthair ag an gceann sin.
Dúirt Ó Tiarnaigh go mbeidh dáta agus mionsonraí an mhórshiúil atá le tarlú i bhfómhar na bliana seo ar fáíl “gan mhoill”.
Fág freagra ar '‘Mórshiúl náisiúnta’ ar son na teanga beartaithe do Bhaile Átha Cliath'