Mórsheoladh Leabhar ag Cló Iar-Chonnacht anocht ar an Spidéal

Tá saothair nua le Joe Steve Ó Neachtain agus Jackie Mac Donncha i measc na leabhar a sheolfar anocht sa gCrúiscín Lán ag 7.30pm

 

Cuirfear leabhair nuascríofa faoi bhráid an phobail tráthnóna agus mórsheoladh Nollag Chló Iar-Chonnacht ar siúl sa Spidéal i gCois Fharraige i nGaeltacht Chonamara.

I measc na saothar a sheolfar, tá Fad Saoil le Joe Steve Ó Neachtain, An Mianadóir le Jackie Mac Donncha; Aisteoirí an Spidéil le Máirín Breathnach Uí Choileáin; agus Litríochtaí le Daithí Ó Muirí.

Seolfar an leagan Gaeilge de The Famous Five – An Cúigear Cróga – chomh maith. Is iad Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg a chuir Gaeilge ar an tsraith nua seo.

Ina dteanntasan, déanfar dlúthiosca nua le Róisín Elsafty, Amhráin na Nollag: Favourite Christmas Songs in Irish a sheoladh, mar a bhfuil Ronan Browne agus Tony Maher le cloisteáil á tionlacan.

Is í Máire Ní Neachtain a bheas ina bean a’ tí agus déanfaidh Máirín Nic Con Iomaire, Máire Ní Fhinneadha, Máire Ní Neachtain agus Gearóid Denvir na saothair a sheoladh. Is ag 7.30pm a bheas an seoladh ar siúl.

Fág freagra ar 'Mórsheoladh Leabhar ag Cló Iar-Chonnacht anocht ar an Spidéal'