Mórghradam idirnáisiúnta buaite ag dráma TG4 Grace Harte

Tá an chéad duais sa rannóg ‘Dráma agus Siamsaíocht’ de chuid Prix CIRCOM tugtha leis ag an scéinséir dubh agus bán a rinne Wildfire Films don stáisiún Gaeilge

Mórghradam idirnáisiúnta buaite ag dráma TG4 Grace Harte

Tá mórghradam idirnáisiúnta cumarsáide de chuid Prix CIRCOM buaite ag an dráma Gaeilge Grace Harte, a craoladh ar TG4 anuraidh.

Thug an dráma, an chéad duais leis sa rannóg ‘Dráma agus Siamsaíocht’ a raibh 223 saothar istigh uirthi.

Is comórtas bliantúil é Prix CIRCOM a thugann aitheantas do na cláracha teilifíse is fearr a craoladh ar na craoltóirí seirbhíse poiblí san Eoraip.

Tá an stáisiún Gaeilge ar cheann de 10 gcainéal a mbronnfar duais orthu i mbliana. I measc na mbuaiteoirí eile, tá dhá chainéal teilifíse san Iorua, NRK Nordland agus NRK Hordaland, dhá chainéal de chuid na Danmhairge, TV/Midt-Vest agus TV2 Fyn, SVT Öst na Sualainne, an BBC agus cainéal de chuid Phoblacht na Seice.

Dúirt David Lowen, Uachtarán Prix CIRCOM gur léirigh “ardchaighdeán” na n-iontrálacha go bhfuil na meáin seirbhíse poiblí “breá bisiúil”.

“Tuigfidh duine ar bith a fhéachann ar na cláir seo agus a thuigeann an scil a bhaineann lena ndéanamh go bhfuil na meáin seirbhíse poiblí breá bisiúil ar an teilifís, ar líne agus ar na meáin shóisialta,” a dúirt sé.

I mbliana, bhí cead ag gach stáisiún dhá iontráil a chur chun tosaigh agus cuireadh béim i mbeagnach gach catagóir ar chur chuige il-ardáin na gclár agus ar dheiseanna an lucht féachana a tharraingt isteach.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont gur léiriú é Grace Harte ar ‘Súil eile’ TG4.

“Léiríonn sé an méid is féidir a bhaint amach nuair a thugtar daoine cumasacha le chéile le lucht maoinithe uaillmhianacha chun drámaíocht den chéad scoth a dhéanamh. Sin é tús agus deireadh ‘Súil Eile’ TG4,” ar sé.

Ba é Antoine Ó Flatharta a scríobh Grace Harte, scéinséir a taifeadadh i ndubh agus bán, faoi dhúnmharú in iarthar na hÉireann. Charlie McCarthy a stiúir Martha O’Neill a léirigh do Wildfire Films, comhlacht léiriúcháin atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Ba iad Kate Nic Chonaonaigh, Dara Devaney agus Eoghan Ó Dubhghaill na príomhaisteoirí ann.

Bronnfar na gradaim Prix CIRCOM ag searmanas speisialta i Leeuwarden na hÍsiltíre, Déardaoin an 24 Bealtaine.

Tá Grace Harte ar fáil arís ar sheinnteoir TG4 ag an nasc seo.

Fág freagra ar 'Mórghradam idirnáisiúnta buaite ag dráma TG4 Grace Harte'