Tá móramh mór ag iarraidh go dtabharfadh an Stát níos mó tacaíochta don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus don ghaeloideachas, de réir pobalbhreith nua a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown.
De réir na pobalbhreithe tá 66% den phobal ó dheas agus 47% den phobal ó thuaidh den tuairim gur cheart don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge.
Is ionann sin agus ardú cúig phointe céatadáin ó dheas, agus ísliú aon phointe céatadáin ó thuaidh ón uair a cuireadh an cheist chéanna i bpobalbhreith eile a rinne an comhlacht céanna do Chonradh na Gaeilge in 2015.
De réir na bhfigiúirí is déanaí, dúirt 70% den phobal ó dheas gur cheart go gcuirfeadh an Stát seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo iad a úsáid agus 55% de dhaoine sa Tuaisceart a dúirt amhlaidh.
Dúirt seachtar as gach deichniúr ó dheas gur cheart don Stát áiseanna riachtanacha a chur ar fáil chun inmharthanacht na Gaeltachta a chinntiú.
D’aontaigh 78% den phobal ó dheas, agus 67% den phobal ó thuaidh, go raibh sé de cheart ag gach páiste fáil a bheith acu ar ghaeloideachas, dá mba é sin an rogha a dhéanfaí dóibh.
15% de dhaoine ó dheas agus 13% de dhaoine ó thuaidh, a d’easaontaigh nó a d’easaontaigh go láidir leis an áiteamh gur cheart go mbeadh an rogha sin ag gach páiste oideachas trí Ghaeilge a fháil.
Dúirt triúr as gach cúigear ó dheas gur cheart go mbeadh ionaid Ghaeilge sna príomhbhailte le ranganna agus imeachtaí sóisialta trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal.
Dúirt an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge gur údar misnigh na figiúirí ón phobalbhreith nua seo agus go “léiríonn siad tuiscint agus meas an phobail ar thábhacht na teanga”.
“Is maith go dtuigeann daoine gur bunriachtanais iad an t-oideachas agus seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, agus tá súil againn go n-éistfidh an Stát le héilimh an phobail,” a dúirt sé.
Dúirt Uachtarán an Chonartha chomh maith go bhfuil sé “ag súil go mbeidh na gealltanais” a thug an rialtas ó dheas an tseachtain seo caite faoi infheistiú a dhéanamh sa teanga “san áireamh i gcáinaisnéis 2019”.
Dúirt sé gur léiriú iad torthaí na pobalbhreithe ó thuaidh maidir le seirbhísí agus tacaíocht an Stáit don teanga ar an “an ghá” atá le hacht Gaeilge sa tuaisceart.
Tá pobalbhreith Chonradh na Gaeilge/Millward Brown bunaithe ar 1,085 agallamh pearsanta a cuireadh ar dhaoine in 66 áit samplála ó dheas agus ar 1,021 agallamh pearsanta ó thuaidh i 60 áit samplála.
Daoine os cionn 15 bliain d’aois a ceistíodh ó dheas agus daoine os cionn 16 a ceistíodh ó thuaidh.
Fág freagra ar 'Móramh suntasach ar son tacaíocht bhreise don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus don ghaeloideachas – pobalbhreith náisiúnta nua'