‘Mór an náire’ ionsaithe péinte ar chomharthaíocht Ghaeilge i gContae an Dúin

Caitheadh péint agus dódh comharthaí dhátheangach a chuireann fáilte roimh dhaoine go ceantar Chomhairle an Iúir, an Mhúrn agus an Dúin

‘Mór an náire’ ionsaithe péinte ar chomharthaíocht Ghaeilge i gContae an Dúin

Tá ionsaithe péinte atá á ndéanamh ar chomharthaíocht Ghaeilge i gContae an Dúin cáinte ag  comhairleoir de chuid Pháirtí an Alliance, Patrick Brown.

Tá ionsaithe á ndéanamh ar chomharthaí bóthair sa chontae le seachtain anuas.

Caitheadh péint agus dódh an chomharthaíocht dhátheangach a chuireann fáilte roimh thiománaithe go ceantar Chomhairle an Iúir, an Mhúrn agus an Dúin. Rinneadh damáiste do 11 comhartha sa cheantar.

“Rinne an Chomhairle cinneadh daonlathach comharthaíocht dhátheangach a chur ar fáil agus ní athróidh na hionsaithe seicteacha seo an cinneadh sin. Is mór an náire iad na hionsaithe seo agus tá sé mícheart go bhfuil damáiste d’aon turas á dhéanamh do chomharthaí na Comhairle.

“Tá na daoine seo á ligean féin síos agus ag ligean a bpobal síos. Caithfear a chuimhneamh gur cuid dár n-oidhreacht roinnte í an Ghaeilge. Iarraim ar dhuine ar bith a fheiceann nó a chloiseann faoi na hionsaithe seo an t-eolas sin a thabhairt don Chomhairle agus don PSNI,” a dúirt Brown.

Maíonn MLA de chuid an DUP, áfach, gur léiriú iad na hionsaithe ar an imní atá ar an bpobal i mbailte áirithe sa cheantar faoi na comharthaí Gaeilge.

Deir Jim Wells nár cheart comharthaíocht Ghaeilge a chrochadh in áiteanna nach bhfuil tacaíocht an phobail ann dóibh agus go bhfuil imní ar an bpobal aontachtach faoi na comharthaí.

“Tá sé mar pholasaí ag Comhairle Ceantair an Iúir, an Mhúrn agus an Dúin pobalbhreith a dhéanamh sula gcuirtear comharthaíocht dhátheangach ar fáil. Má vótálann formhór na ndaoine atá ina gcónaí san áit in aghaidh na comharthaíochta, is i mBéarla amháin a bhíonn siad.

“Tá sé soiléir go bhfuil go leor imní ar an bpobal in áiteanna ar nós  Bhaile Mhic an Bhaird, Ráth Fraoileann, Cill Dhuinsí agus Tamhnaigh Naomh, gur crochadh comharthaí Gaeilge gan aon phróiseas comhairliúcháin leis an bpobal áitiúil,” a dúirt Wells.

Fág freagra ar '‘Mór an náire’ ionsaithe péinte ar chomharthaíocht Ghaeilge i gContae an Dúin'

  • Deisceart An Dúin

    Nó, á chur i bhfocail eile de reir Jim Wells, ‘ Leanaigí oraibh ag scriosadh comharthaíochta, a leaids.