Molta ag Misneach ‘Bliain Éirí Amach na nGael’ a dhéanamh de Bhliain na Gaeilge

Molta ag Misneach ‘Bliain Éirí Amach na nGael’ a dhéanamh de Bhliain na Gaeilge Tá litir curtha ag Misneach chuig Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, ina n-iarrtar air géarchéim na Gaeltachta a chur i lár an aonaigh an bhliain seo chugainn

Molta ag Misneach ‘Bliain Éirí Amach na nGael’ a dhéanamh de Bhliain na Gaeilge

Tá molta ag an eagraíocht Misneach go ndéanfaí ‘Bliain Éirí Amach na nGael’ de Bhliain na Gaeilge agus go n-úsáidfí an bhliain le géarchéim na Gaeltachta a chur os comhair an phobail agus an rialtais.

Tá litir oscailte scríofa ag Misneach chuig uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer, ina n-iarrtar air teagmháil a dhéanamh le grúpaí éagsúla sa Ghaeltacht “le hinsint dóibh go dtabharfar tús áite dóibh” ag Lá Mór na Gaeilge 2018, a bheidh ar siúl mí Márta na bliana seo chugainn.

“Dá ndéanfaí ‘Bliain Éirí Amach na nGael’ de 2018 agus dá dtapódh Gaeil na tíre agus an Conradh an deis chun seasamh le muintir na Gaeltachta agus troid láidir a chur suas ar son na Gaeltachta in am seo na práinne, gan amhras bheadh cúis cheart le ceiliúradh agus le comóradh againn i gceann 125 bliain eile,” a scríobhtar sa litir.

Dúirt baill Choiste Náisiúnta Mhisneach gur údar imní dá ngnáthbhaill “a laghad aitheantais” atá tugtha do dhúshláin reatha na teanga san ábhar poiblíochta atá eisithe ag Conradh na Gaeilge go dtí seo faoi Bhliain na Gaeilge, a bheidh á ceiliúradh ar feadh na bliana seo chugainn.

Iarrtar ar Comer a chinntiú go gcuirfear géarchéim na Gaeltachta i lár an aonaigh ag an mórshiúl atá beartaithe san earrach seo chugainn agus go dtarraingeofar “aird na tíre agus an rialtais” ar an ngéarchéim sin agus ar éilimh phobal na Gaeltachta.

“Mar sin amháin a chuirfear dúshláin reatha na teanga i lár an aonaigh agus i mbéal an phobail,” a scríobhtar sa litir.

Maíodh gur tugadh “neamhaird” ar chainteoirí Gaeltachta ó thuaidh nuair nach raibh ar bun acu ach “ceiliúradh” agus nach ndearnadh aon mhaith ó thuaidh go dtí gur “éirigh an ghluaiseacht dearg le fearg agus ó thosaigh sí ag cur a n-éileamh in iúl go soiléir agus gan eagla os comhair an tsaoil”.

Dúirt Niall Comer cheana go bhfuil sé i gceist ag Conradh na Gaeilge “dúshláin reatha na teanga” a chur i lár an aonaigh i gcaitheamh na bliana seo chugainn nuair a bheidh aird na tíre tarraingthe ar an nGaeilge.

Tá coiste Bhliain na Gaeilge ag casadh ar a chéile inniu le himeachtaí na bliana seo chugainn a phleanáil. Ba é inné an sprioclá do ghrúpaí le cur isteach ar mhaoiniú d’imeachtaí sa chéad leath de bhliain na Gaeilge 2018.

Fág freagra ar 'Molta ag Misneach ‘Bliain Éirí Amach na nGael’ a dhéanamh de Bhliain na Gaeilge'