Moladh déanta gur i Ros an Mhíl a thógfaí córas nua cóireála séarachais seachas ar an gCeathrú Rua

Bronnadh cead pleanála an tseachtain seo le hionad oidhreachta a thógáil ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua, áit a raibh sé beartaithe ag Uisce Éireann ionad nua séarachais a thógáil

Moladh déanta gur i Ros an Mhíl a thógfaí córas nua cóireála séarachais seachas ar an gCeathrú Rua

Céibh an tSrutháin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Táthar anois ag díriú ar Ros an Mhíl mar áit a bhféadfaí ionad séarachais a thógáil a fhreastalódh ar cheantar Chasla agus ceantar na Ceathrún Rua.

Tháinig casadh eile sa scéal faoin gcóras nua cóireála fuíolluisce a bhí le tógáil ar an gCeathrú Rua nuair a fógraíodh an tseachtain seo go raibh cead pleanála tugtha chun ionad oidhreachta agus cultúrtha a thógáil ar an suíomh sa cheantar a raibh sé beartaithe ag Uisce Éireann an córas nua a bhunú.

D’fhógair An Bord Pleanála go raibh cead tugtha don chomhlacht Glann Mór Cuan Teoranta an t-ionad oidhreachta a thógáil ar shuíomh ag Céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua. 

Tá sé i gceist ag an gcomhlacht ionad oidhreachta agus cultúrtha a thógáil a dhéanfadh comóradh ar stair na bádóireachta i gConamara. Bheadh aonad stórála bád, ceardaíocht tógála bád, músaem, caifé, oifig agus láthair chruinnithe ina gcuid den fhorbairt agus chuirfí áiseanna seoltóireachta ar fáil do mhuintir na háite freisin.

Tá éiginnteacht anois ann maidir leis an gceadúnas atá ag Uisce Éireann ionad séarachais a thógáil ar an suíomh. Bhí Uisce Éireann le tabhairt faoi ordú ceannach éigeantach ar an suíomh chun a n-ionad féin a thógáil.

Tá an comhlacht Glann Mór Cuan Teoranta anois ag iarraidh go dtarraingeoidh Uisce Éireann siar an t-ordú ceannach éigeantach agus ag moladh go dtógfaí an t-ionad séarachais nua i Ros an Mhíl.

I litir chuig Teachtaí Dála iarthar na Gaillimhe atá feicthe ag Tuairisc, tá molta ag Rónán Barrett, stiúrthóir Glann Mór Cuan Teoranta go mbunófaí an t-ionad cóireála i Ros an Mhíl.

Deir Barrett go bhfuil sé “riachtanach” agus “práinneach” suíomh eile a fháil chun an córas cóireála fuíolluisce a thógáil chun freastal ar cheantair na Ceathrún Rua, Chasla agus Ros an Mhíl.

Agus Ros an Mhíl aitheanta mar áit a d’fhéadfaí a úsáid mar lárionad chun tacú le tionscal na gaoithe eischósta, deir Barrett gur cheart córas cóireála fuíolluisce a bheith mar chuid den obair forbartha.

Agus é ag labhairt ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Seanadóir agus iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne go gcaithfí breathnú ar na “féidearthachtaí” a bhainfeadh leis an ionad a thógáil i Ros an Mhíl. Dúirt sé go raibh córas séarachais nua don Cheathrú Rua thar a bheith tábhachtach d’fhás an bhaile. 

In 2018 a rinne Glann Mór Cuan Teoranta iarratas ar chead pleanála chun an t-ionad oidhreachta a thógáil. Diúltaíodh dó in 2019 agus tar éis achomhairc, cheadaigh An Bord Pleanála an t-iarratas an tseachtain seo.

Fág freagra ar 'Moladh déanta gur i Ros an Mhíl a thógfaí córas nua cóireála séarachais seachas ar an gCeathrú Rua'