Moladh an Phápa do mhuintir na Breataine Bige – ‘Labhraígí an Bhreatnais agus meallaigí daoine eile chuici’

Ba mhaith leis an bPápa muintir na Breataine Bige, agus iadsan ar mian leo a n-oidhreacht a chaomhnú, a spreagadh chun an Bhreatnais a úsáid

Moladh an Phápa do mhuintir na Breataine Bige – ‘Labhraígí an Bhreatnais agus meallaigí daoine eile chuici’

Mhol an Pápa Proinsias do mhuintir na Breataine Bige a dteanga a choinneáil agus daoine eile a spreagadh le Breatnais a labhairt.

Ag Aifreann speisialta do Chaitlicigh na Breataine Bige le déanaí a léigh an tArdeaspag Claudio Gugerotti, Nuinteas an Phápa chun na Breataine, amach an teachtaireacht sin ón bPápa.

I Séipéal Caitliceach Naomh Séamus i Londain Shasana a dúradh an tAifreann Breatnaise, nó Offeren Gymraeg.

Ina theachtaireacht don phobal, a léigh an tArdeaspag Claudio Gugerotti, dúirt an Pápa:

“Ag cuimhneamh ar oidhreacht chultúrtha agus stairiúil na Breataine Bige agus a traidisiún uasal Críostaí a chothaigh naoimh iontacha mar Beuno, Winifred agus Cadog, ba mhaith leis an bPápa muintir na Breataine Bige, agus iadsan ar mian leo a n-oidhreacht a chaomhnú, a spreagadh chun an Bhreatnais a úsáid agus daoine eile a mhealladh chun a bheith ag staidéar, ag caint agus ag guí sa teanga ársa seo.”

Fág freagra ar 'Moladh an Phápa do mhuintir na Breataine Bige – ‘Labhraígí an Bhreatnais agus meallaigí daoine eile chuici’'

  • Seán Mag Leannáin

    Ní dhearna sé tagairt ar bith don Ghaeilge nuair a thug sé cuairt ar an tír i 2018, murab ionann agus an Pápa Eoin Pól a Dó a bhain úsáid as go leor frásaí Gaeilge – ‘moladh go deo le Dia’ ina measc – nuair a bhí seisean anseo sa mbliain 1979. Ar ndóigh ba é Tomás Ó Fiaich a bhí ina Chairdinéal in Ard Mhacha an uair sin.