‘Mol Nuálaíochta’ molta do shean-ospidéal an Daingin

Deir an Teachta Dála John Brassil go bhfuiltear in amhras faoina bhfuil i ndán do sheanospidéal an Daingin agus gur ‘áit den scoth’ é le lárionad nuálaíochta a bhunú

‘Mol Nuálaíochta’ molta do shean-ospidéal an Daingin

Tá sé molta ag Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go ndéanfaí ‘Mol Nuálaíochta’ den sean-ospidéal sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne le fostaíocht a chruthú sa cheantar.

Dúirt an Teachta Dála John Brassil go bhfuiltear in amhras faoina bhfuil i ndán don ospidéal agus gur “áit den scoth” é le lárionad nuálaíochta a bhunú ann.

“Tá tamall ann ó bhí an otharlann in úsáid, agus tá sé go mór i mbéal an phobail agus daoine neamhchinnte faoin áit agus iad ag smaoineamh nach bhfuil aon phlean ag an Rialtas an otharlann a úsáid sa todhchaí.

“Is áit den scoth í seo le Croílár Nuálaíochta a bhunú ann a thabharfadh tacaíocht leis an bhfiontraíocht áitiúil, agus ar deireadh, le fostaíocht le pá maith a chruthú, rud atá de dhíth go géar,” a dúirt sé .

Luaigh sé an comhlacht Molteic atá ag iarraidh go dtabharfaí an foirgneamh agus an talamh a théann leis ar láimh d’Údarás na Gaeltachta sa chaoi is go mbeadh an tÚdarás agus an Chomhairle Contae ábalta a bheith ag obair as lámha a chéile le hionad nuálaíochta a chruthú.

“Tá 371 duine go fóill ar an gClár Beo i gceantar an Daingin. Caithfimid tacaíocht a thabhairt do dhaoine áitiúla a gcomhlachtaí féin a bhunú, agus is féidir le Mol Nuálaíochta a bheith mar shlí isteach ó thaobh na seirbhíse agus na comhairle de, gan caiteachas caipitil mór a bheith i gceist,” a dúirt an Teachta Brassil.

Fág freagra ar '‘Mol Nuálaíochta’ molta do shean-ospidéal an Daingin'

  • Fearn

    Mol an mol agus tiocfaidh sé!