‘Mo laoch, mo ghile mear’ – Seán Mac Aindreasa, ceannródaí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe ar shlí na fírinne

Gníomhaí agus teagascóir den scoth agus fear pobail go smior ab ea Seán Mac Aindreasa a bhásaigh an tseachtain seo

‘Mo laoch, mo ghile mear’ – Seán Mac Aindreasa, ceannródaí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe ar shlí na fírinne

Agus é ag fágáil theach an phobail i ndiaidh Aifreann na marbh i dTeach Pobail Naomh Muire, sheinn píobaire fonn ‘Mo Ghile Mear’ agus Seán Mac Aindreasa ag dul ar a thuras deireanach.

Tógadh Teach Pobail Naomh Muire, an chéad séipéal Caitliceach i mBéal Feirste agus an chéad cheann inar cuireadh Aifreann Gaeilge ar fáil go seachtainiúil, le cuidiú ón phobal Preispitéireach agus pobal Eaglais na hÉireann.

Bhí sé thar a bheith fóirsteanach mar ‘is é mo laoch’ an téama a bhí sna comhráite faoi Sheán i measc an tslua a bhailigh lena n-ómós a chur in iúl dó agus le comhbhrón a dhéanamh lena chlann – Colm, Caitlín, Séimí agus Alastair. Daoine fásta iad anois agus bhí siad ar na chéad daltaí a d’fhreastail ar Bhunscoil Phobal Feirste, an scoil a bhunaigh Seán agus na ceannródaithe eile a bhunaigh an chéad ‘Ghaeltacht uirbeach’, ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste, thiar i 1971.

“Ghníomhaigh Seán go dícheallach ar son na scoile ó bunaíodh í, é ag tabhairt tacaíochta fríd na blianta crua agus uaidh sin amach,” arsa urlabhraí ar son na Bunscoile.

“Thiomsaigh sé airgead agus chuidigh sé le heagrú imeachtaí sula raibh aitheantas oifigiúil tugtha don scoil ón rialtas.

“Bhí Áine, a bhean chéile, nach maireann, ar dhuine de na chéad mhúinteoirí sa scoil, bean a raibh céim chéadonóracha sa Ghréigis agus sa Laidin aici agus í ina múinteoir iontach ag páistí na scoile.”

Pictiúr: Mal McCann

Ba as Íochtar Bhóthar na bhFál a shíolraigh Seán agus bhí a chroí sa Ghaeilge i gcónaí. D’fhreastail sé ar choláistí Gaeltachta ó bhí sé ina ghasúr.

Ba dhuine de na cainteoirí Gaeilge ab fhearr i mBéal Feirste é, a dúirt urlabhraí Bhunscoil Phobal Feirste “murab é an cainteoir is fearr uilig”. Saineolaí ab ea é freisin ar amhránaíocht dhúchais na hÉireann, ach dá mhéid na gaiscí a bhí déanta aige mar ghníomhaí teanga nó dá mhéid a shaineolas, fear umhal ab ea é i gcónaí.

Más ea, is mór an tionchar a bhí ag Seán ar an Ghaeilge i mBéal Feirste.

Bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán – an chéad nuachtán seachtainiúil Gaeilge ó thuaidh – agus bhí sé ina Eagarthóir Bainistíochta le Irish Pages, an irisleabhar litríochta dátheangach a fhoilsítear i mBéal Feirste ach a bhfuil clú domhanda air.   

Múinteoir den scoth a bhí i Seán agus bhíodh amhráin i gcónaí taobh leis an ghramadach agus an fhoghraíocht aige agus é i mbun teagaisc. Ba léir a cháil mar mhúinteoir ó na teachtaireachtaí ómóis ar facebook ó dhaoine a bhíodh faoi dhraíocht sa rang aige agus duine amháin fiú ag smaoineamh ar scoil samhraidh a thosú sa tSualainn in ómós dó. 

Bhí Seán 77 bliain d’aois nuair a fuair sé bás.

Agus fios aige go raibh an bás i ngar dó, rinne sé an rud ab ansa leis – cheol sé amhrán.

Ba é an laoch, an Gile Mear,

Fág freagra ar '‘Mo laoch, mo ghile mear’ – Seán Mac Aindreasa, ceannródaí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe ar shlí na fírinne'

  • Eoghan Mac Cormaic

    Mo chomhbhrón dá chlann uile.

  • Pádaí Rua Ó Baoill

    Ba é corp an duine uasail gan amhras agus cuimhnífear ar uaisleacht a thréithe go brách. Comhbhrón ó chroí dá mhuintir uile.