Mná sa saol poiblí á gcomóradh ar stampaí do Lá Idirnáisiúnta na mBan

Ceathrar ban a chuir go mór leis an saol poiblí sa tír seo atá á gcomóradh i mbliana ag An Post

Mná sa saol poiblí á gcomóradh ar stampaí do Lá Idirnáisiúnta na mBan

Tá ceathrar eile curtha ag An Post lena gcuid stampaí a dhéanann ceannródaithe ban na tíre a cheiliúradh.

Ceathrar ban a chuir go mór leis an saol poiblí sa tír seo atá á gcomóradh i mbliana. An dlíodóir agus an feachtasóir Mary Robinson a toghadh do dhá théarma ina huachtarán ar an tír seo, a bhí ina hArd-Choimisinéir ag na Náisiúin Aontaithe agus ina Cathaoirleach ar Sheanóirí na NA. Bhunaigh Robinson Fondúireacht un Athrú Aeráide agus cosnaíonn sí cás na bpobal sna tíortha atá i mbéal forbartha atá á gcreachadh ag an athrú aeráide.

Bhí Jennie Wyse Power (1858–1941) ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na mBan, bhí sí seal sa Seanad agus throid sí i gcónaí i gcoinne aon leithcheal ar bhonn inscne.

Ba í Thekla Beere (1901-1991) an chéad bhean riamh sa tír seo a bhí ina Rúnaí ar Roinn Rialtais, an Roinn Iompair, agus sa mbliain 1970 ceapadh í ina cathaoirleach ar an gCoimisiún ar Stádas na mBan.

Abhcóide agus breitheamh Ard-Chúirte ab ea Susan Denham agus ball den Chúirt Uachtarach. Is í an chéad bhean a ceapadh ina Príomh-Bhreitheamh [2011-2017].

Agus na stampaí á seoladh in Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath le déanaí, dúirt Susan Denham “gur mhór an onóir di an stampa mar gur onóir di féin agus do na breithiúna” atá ann agus gur “ceiliúradh é ar mhná a bheith ina mbreithiúna”.

Dúirt Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta An Post gur ceiliúradh atá sna stampaí “ar mhná a rinne athruithe le linn a saoil féin. Bíodh an tseirbhís sin a thug siad don saol poiblí nó don cheart sóisialta, d’éirigh leis na mná seo ina gcuid oibre an saol a fheabhsú do dhaoine eile sa tír seo,” a dúirt Byrne.

An bhliain seo caite eisíodh stampaí ag ceiliúradh na n-éachtaí a rinne seisear ban sa spórt, an marcach Rachel Blackmore, na dornálaithe Kellie Harrington agus Katie Taylor, an snámhaí Ellen Keane, an reathaí Sonia O’Sullivan agus foireann haca na hÉireann. In 2021 ba í an file agus scríbhneoir Lady Wilde/Speranza a ndearnadh comóradh uirthi.

2020 an chéad bhliain ar thug An Post faoin gcomóradh seo ar mhná a rinne a gcuid ar son na tíre seo. Tráth Lá Idirnáisiúnta na mBan an bhliain sin eisíodh stampaí ag déanamh mórtais as cúigear ban  – Carmel Snow, eagarthóir, Maureen O’Hara, aisteoir, Lillian Bland, a thóg agus d’eitil a heitleán féin, Maeve Kyle, iomaitheoir Oilimpeach, agus Sarah Purser, ealaíontóir.

Le Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh i mbliana molann An Post dúinn nóta, litir nó cárta a sheoladh chuig bean éigin a thug misneach agus inspioráid dúinn nó a thug tacaíocht dúinn inár saol.

Is féidir an t-eagrán speisialta don chéad lá, Lá Idirnáisiúnta na mBan, an 8 Márta, a cheannach ag roinnt oifigí poist nó ó anpost.com/shop .

Fág freagra ar 'Mná sa saol poiblí á gcomóradh ar stampaí do Lá Idirnáisiúnta na mBan'

  • Eoin Ó Riain

    N’fheadair cén fáth nár úsáideadh an Teanga Náisiúnta ar na Stampaí seo?