‘Míthuiscint ar an stát go mbíonn bunchearta teanga ag brath ar acmhainní agus tosaíochtaí’ – an Coimisinéir Teanga

Beidh Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir Teanga, ag caint tráthnóna ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi chearta teanga in Éirinn

‘Míthuiscint ar an stát go mbíonn bunchearta teanga ag brath ar acmhainní agus tosaíochtaí’ – an Coimisinéir Teanga

Déarfaidh an Coimisinéir Teanga i dTithe an Oireachtais inniu go raibh an mhíthuisicnt ann le linn na paindéime go mbíonn na bunchearta teanga a bhíonn ag an saoránach ag brath ar acmhainní agus tosaíochtaí an stáit.

Beidh Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir Teanga, ag caint tráthnóna ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi chearta teanga in Éirinn.

Tuigtear go ndéarfaidh an Coimisinéir Teanga nár cheart go mbeadh aon ‘choimhlint’ idir soláthar seirbhísí éigeandála agus soláthar cearta reachtúla teanga.

Déarfaidh sé gur raibh a leithéid de choimhlint ann go minic le linn na paindéime. Tá meon ann, dar leis, gur nuair is tábhachtaí agus is práinní an tseirbhís gur lú an riachtanas go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.

Déanfaidh an Coimisinéir Teanga tagairt do na gearáin a fuair a oifig le linn na géarchéime sláinte a léirigh gur cuireadh bunchearta teanga an tsaoránaigh ar leataobh.

Bhain 20% de na gearáin a fuair an Coimisinéir Teanga anuraidh le teip an stáit eolas faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge.

Idir thús na géarchéime sláinte poiblí agus deireadh 2020, fuair Oifig an Choimisinéara Teanga 86 gearán a bhain le teip chomhlachtaí poiblí eolas faoin bpaindéim a chur ar fáil i nGaeilge nó faoi mhoill a bheith leis an eolas sin i nGaeilge.

Bhain na gearáin le heaspa Gaeilge ar chomharthaí, i leabhráin eolais, ar shuíomhanna gréasáin agus ar fhógraí sna meáin.

Deir an Coimisinéir Teanga gur cuireadh comharthaí faoin tsláinte phoiblí in airde i mBéarla amháin ar fud na tíre.

Bhraith go leor de na daoine a rinne gearán leis, a deir sé, go raibh “leithcheal á dhéanamh ar an nGaeilge nó ar lucht a labhartha sa dioscúrsa náisiúnta in aimsir éigeandála”.

Dar leis an gCoimisinéir go mbaineann braistint sin an leithcheala den “chuspóir náisiúnta” cur le líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.

Ag labhairt dó roimh chruinniú an lae inniu leis an gCoimisinéir Teanga, dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, gur mór idir na cearta teanga reachtúla atá in Éirinn agus na seirbhísí a bhíonn ar fáil do phobal na Gaeilge.

“Cé go bhfuil cearta teanga ar fáil in Éirinn de réir Bhunreacht na hÉireann agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, níl bhíonn sé éasca, nó fiú indéanta, i ndáiríre, ar phobal na hÉireann rochtain a fháil ar na cearta sin.

“Ní leor go bhfuil glactha go hoifigiúil leis na cearta sin ag an Stát mura ndéantar cinnte de go bhfuil siad ar fáil go héasca agus go huathoibríoch don phobal. Ní mar sin atá sé, agus ní mar sin a bhí sé riamh, agus sin an dúshlán atá romhainn. Tá súil agam go mbeidh ár gcearta teanga ina bhfírinne, seachas ina n-uaillmhian nó ina sprioc fhadtéarmach, don chéad ghlúin eile.”

Fág freagra ar '‘Míthuiscint ar an stát go mbíonn bunchearta teanga ag brath ar acmhainní agus tosaíochtaí’ – an Coimisinéir Teanga'

  • Eoghan Ó Néill

    Is é atá uathu ná go néireoidh muid dubhthuirseach as a bheith ag iarraidh deighleáil leis an stát i dteanga na nGael inár dtír fhéin agus go ngéillfimid don bhéarla agus cuid den phobal mór cumhachtach Anglo ar fud na cruinne a dhéanamh dínn féin. Ach is iad na fíorAnglos ná daoine i dtíortha ina bhfuair a sinsear críocha talún as ar dìbríodh bundúchasaigh na dtailte sin, ach in Éirinn ba bundúchasaigh ár sinsear agus bíodh go ndeineann siad a ndícheall tá sé deacair an chuimhne sin a ghlanadh go hiomlán as croíthe an phobail. NO PASARÁN!

  • Seán ÓM

    Tá sé níos measa ná sin Eoghain – Níl aon smaointe nó tuiscint faoi stair nó cultúr ar bith i gceist ag an mórchuid acu. Seo an bun-smaoineamh atá ann in ionad aon “phlean”:

    “Má theipimid ar na dualgasí seo ar feadh 10 nó 15 mbliana eile, seans maith go mbeidh na Gaeltachtaí imithe agus ansin ní bheidh na dualgasí seafóideacha sin orainn níos mó – agus ní bheidh aon obair sa bhreis le déanamh – HURRAY!”.

    Ní droc-“phlean” é seo áfach, más Béarlóir aonteangach leisciúil fríth-Ghaelach thú.