‘Mission Impossible’? Nach cuma sin nuair is féidir lán do chuid súl a bhaint as tóraíocht héileacaptar…

Tá an séú gála de ‘Mission Impossible’ chugainn agus cé go bhfuil aois le feiscint ar Tom Cruise, tá sé breá in ann ag an aicsean i gcónaí agus níl a bhuille tugtha ná baol air

‘Mission Impossible’? Nach cuma sin nuair is féidir lán do chuid súl a bhaint as tóraíocht héileacaptar…

Mission: Impossible – Fallout 
Stiúrthóir: Christopher McQuarrie
Cliar: Tom Cruise, Henry Cavill, Ving Rhames, Simon Pegg, Rebecca Ferguson, Angella Bassett, Alec Baldwin.

Tá dhá bhliain is fiche gafa tharainn ó chuir Tom Cruise gaiscí Ethan Hunt os ár gcomhair den chéad uair. Iarracht a bhí ann léamh úrnua a dhéanamh ar an tsraith theilifíse ós na seascaidí/seachtóidí agus ochtóidí/nóchaidí. Bhí saol aisteoireacht Thomáis in airde láin i 1996. Bhí deich mbliana caite ó raid Top Gun i lár an aonaigh ceart é agus idir an dá linn bhí leithéidí Born on the Fourth of July (1989) agus Rain Man (1988) tar éis cur go mór lena cháil. Go deimhin ba í an bhliain chéanna ar deineadh an chéad Mission Impossible a thug sé faoi Jerry Maguire, saothar a ghnóthaigh a dhara hainmniúchán Oscar dó.

Ba tháirge cuibheasach gan a bheith maíteach é an Mission Impossible úd, in ainneoin go raibh Brian de Palma ar an stiúir.  Is beag duine a shamhlódh an uair sin go mbeadh an cnuasach fós sa tsiúl breis agus fiche bliain níos déanaí ná go mbeadh an t-aicsean á dhéanamh ag an Cruiser is é ag tarraingt ar na trí scór. Nuair a tháinig Jason Bourne chugainn in 2002 agus an Bond nua ceithre bliana ina dhiaidh sin, measadh go raibh buille Ethan/Tom tugtha. Ní mar a síleadh a bhí.

Tá an séú gála chugainn agus cé go bhfuil aois le feiscint ar Ethan/Tom tá sé breá in ann ag an aicsean i gcónaí. Níl a bhuille tugtha ná baol air. Go bhfios dom seo an cnuasach is fadbhunaithe agus an aisteoir céanna mar cheann feadhna air.

Arís eile tá Ethan agus a chomrádaithe in umar na haimléise. Bithiúnaigh chliste ag iarraidh raic a tharraingt ar fud an domhain. Tóraíocht charr, giuirléidí, aclaíocht ón gceann feadhna, bruíonta snasta, an iliomad láithreacha ar fud an domhain agus aghaidheanna fidil. Cá mbeimis gan na haghaidheanna fidil?

Ceann de bhunchlocha an chnuasaigh ón tús ná an t-uisce fé thalamh agus an chamastaíl. Tá na tréithe sin anseo go rábach arís. Go deimhin bhí rudaí ag imeacht sa bhfraoch orm tar éis scaithimh ach is cuma sin nuair is féidir lán do chuid súl a bhaint as comhrac brúidiúil, greannmhar sa leithreas agus tóraíocht héileacaptar. Go deimhin ba sa chomhrac úd a tugadh an chéad nod go bhfuil na scríbhneoirí, agus an Cruiser féin, sásta géilleadh d’imeacht na mblianta.

Is maith ann é Cavill agus Ferguson. Beagán den óige a thabhairt isteach taobh leis na seanfhondúirí. Bhí saghas díomá orm leis an tslí ar caitheadh le carachtar Cavill, áfach. Mór an trua nach mbeidh áit dó sa mheitheal amach anseo mar is cinnte go mbeidh an Cruiser in ann gála nó dhó eile a chur chugainn sara gcaithfidh sé a chaipín leis an eachtraíocht.

Fág freagra ar '‘Mission Impossible’? Nach cuma sin nuair is féidir lán do chuid súl a bhaint as tóraíocht héileacaptar…'

  • Pól Réamonn

    Misean Dodhéanta?

    Misean deacair go leor.

    Ach tar éis sé scannán, níl sé dodhéanta.