MISE AGUS AN GHAELTACHT: Braithim socair i nGaeltacht ar bith ó Chléire ó dheas go Nis ar Eilean Leódhais ó thuaidh

Tráchtann Gaeil aitheanta éagsúla ar an gceangal atá acu leis an nGaeltacht agus ar a tábhacht dóibh. Níl aon Ghaeltacht in Éirinn nár chaitheas tamallacha ann, cuid acu fada go maith, cuid acu níos giorra…

MISE AGUS AN GHAELTACHT: Braithim socair i nGaeltacht ar bith ó Chléire ó dheas go Nis ar Eilean Leódhais ó thuaidh

Ait go leor, déarfá, ba í an chéad uair a d’airigh mé Gaeilge á labhairt go nádúrtha lasmuigh den scoil ná ar shráideanna chathair Chorcaí ag stad na mbus, agus níorbh aon uair amháin é. Fairis sin, bhí siopa grósaera gar dúinn agus ba le teaghlach as Baile Mhuirne é, agus is í an Ghaeilge a bhíodh eatarthu go laethúil ar mo shlí chun na scoile dhom. Dá réir sin, níorbh ionadh liom í a chloisint ar shaoire teaghlaigh go bliantúil i nGabhagán Barra agus i mBéal Átha an Ghaorthaidh, laetha saoire nár bhain go sonrach ar aon tslí le Gaeilge ná le Gaeltacht. Théadh mo mhuintir sa tsamhradh go dtí baill éagsúla d’iarthar Chorcaí – oileán Chléire ina measc – agus ghlacas leis go nádúrtha go raibh pobail ann ina raibh an teanga réimiúil ar shlí nach raibh sa chathair. Go deimhin féinig, chuala Gaeilge in oirthear Chorcaí ó bheirt iascairí ar imeall na cé in Baile Mhac Óda, ceantar dúchais mo sheanmháthar.

Sin é an fáth nár chúrsaí iontais dom ‘an Ghaeltacht’ ar an bhFeothanaigh i gCiarraí nuair a thriallas ann an chéad uair ar chúrsa oifigiúil agus mé sa mheánscoil. Is ea, bhí an ceantar go haoibhinn, na daoine go féilteach, na Blascaoidí ag luí siar amuigh ar an gcuan, an bia róchabáisteach, an bainne ábhairín ramhar, leaids na háite garbh i mbun caide, agus an teanga beagán Ciarraíoch dom. Bíodh is gur gean liom an áit agus a cuid litríochta, níor ghéilleas riamh dá cuid draíochta mar a dhein filí INNTI agus mar a dhéanann go leor de mhuintir Chorcaí ar chúis nach dtuigim.

Theastaigh uaim riamh a bheith siúlach agus gan mo chloigeann a leagadh ar adhairt in aon áit faoi leith. Níl aon Ghaeltacht in Éirinn nár chaitheas tamallacha ann, cuid acu fada go maith, cuid acu níos giorra, seachas Gaeltacht iarthuaisceart Mhaigh Eo (óir caitheann duine uaillmhian éigin fós a bheith aige).

Dheineas cúrsaí drámaíochta i gConamara mar mhac léinn, agus d’fhanas i bpuball gan mórán dídine feadh samhraidh ghairbh i gceantar na n-oileán. Ba bhinn liom an Rinn riamh maidir le hamhráin de, agus murar chuala gach uile cheann díobh ní oíche fós é.

Chaitheas scór go leith bliain ag triall ar Ghaeltachtaí Thír Chonaill, i gcomhair cúrsaí oibre ar dtúis (mic léinn a lorg faoi na sceacha), agus ina dhiaidh sin le háineas agus le pléisiúr. Ba í an fhadhb a bhí agam riamh, an ndéanfainn aithris ar an gcanúint – rud a d’fhéadfainn a dhéanamh go fuiriste – nó an maolóinn mo chuidse Gaeilge Chorcaí mar mhaithe le tuiscint? Mheasas gur mhó a bheinn im mhise féin gan ligean orm gur bhain mé le Cnoc Fola nó le Machaire Rabhartaigh nó le Tóin an Bhaile féin agus bhaininn an chuid ba shia amach dem chaint dhílis díom agus ní raibh aon duine nár thuig mo ráite béil, dá amaidí iad.

Chuireas romham blianta ó shin Gaeilge na hAlban a fhoghlaim, rud a dheineas trí bheith ag gluaiseacht chun na n-oileán acu amuigh agus ag caint go bacach le bodaigh agus le boireannaich go dtí gur thuigeas cad a bhí á rá. Cuid den Ghaeltacht iad domsa, leis, agus fág cúrsaí creidimh agus polaitíochta as an áireamh is ionann iad linn i moiche na maidine nuair atá an mheanma thuas agus an ceol istigh. Ar an gcuma sin, braithim socair i nGaeltacht ar bith idir Cléire ó dheas agus Nis ar Eilean Leódhais ó thuaidh, agus ní deoranta dom ceann ar bith díobh.

Ach dá mbeadh an t-airgead agam agus tigh le tógáil, is deimhneach go roghnóinn…

Fág freagra ar 'MISE AGUS AN GHAELTACHT: Braithim socair i nGaeltacht ar bith ó Chléire ó dheas go Nis ar Eilean Leódhais ó thuaidh'