MIONLÉIRMHEAS: Tírdhreach tromghonta na sluachampaí géibhinn

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, tírdhreach tromghonta na sluachampaí géibhinn agus póilíní sráide Nua-Eabhrac

Tírdhreacha Tromghonta

Iarsma den champa a bhí in Kulmhof na Polainne

A Wounded Landscape – bearing witness to the Holocaust le Marc Wilson

738 leathanach
Toisí:  220 x 170mm
350 grianghraf
Foilsithe ag two&two press

Thugas cuairt ar dhá shluachampa géibhinn inar cuireadh Giúdaigh chun báis, ceann acu in Breendonk na Beilge agus an ceann eile in Dachau na Gearmáine. Scríobhas dán faoin gcuairt a thugas ar Dachau ina bhfuil na línte:

Is dubh iad na préacháin a eitlíonn os cionn Dachau:
cá-cá-cá-cá bhfuilid
fir, mná, is páistí …

Dúirt an fealsamh Gearmánach Theodor Adorno gur rud barbartha a bheadh ann dán a scríobh tar éis Auschwitz. Ar shlí, bhí an ceart aige. Cad is féidir a rá? In Breendonk agus in Dachau dom, níor tháinig focal chugam go ceann i bhfad.

I dtírdhreach tromghonta na sluachampaí géibhinn, is deacair an spéir a fheiceáil, is deacair d’anáil a tharraingt, is deacair aon ní a bhrath . . . is deacair a rá an slánófar an cine daonna go deo.

Tá beagnach 40,000 suíomh ann, sa Ghearmáin agus sna críocha a bhí faoi smacht na Gearmáine, ina ndearna Naitsithe agus a gcomhthacaithe ciapadh agus slad, ní hamháin ar Ghiúdaigh ach ar dhreamanna nár thaitin leo: Roma, homaighnéasaigh, daoine faoi mhíchumas, Finnéithe Iehova agus breis is trí mhilliún Sóivéadach ar phríosúnaigh chogaidh iad. Bhain an figiúr 40,000 stangadh asam, caithfidh mé a rá. Bainfidh an leabhar seo, idir íomhánna agus chuntais, stangadh asatsa.

Mucachevo san Úcráin. Bhí geiteo Giúdach anseo tráth

Póilíní Sráide Nua-Eabhrac

[inbox]Street Cops
Grianghraif le Jill Freedman
Setanta Publishing, Londain, Sasana, a d’fhoilsigh
256 leathanach, 117 léaráid
Toisí: 31½x9½”
Luach: £50.00[/inbox]

Is gearr go mbeidh Shane McGowan agus Kirsty MacColl le cloisteáil ar an raidió leis an amhrán a thuilleann thart ar leathmhilliún euro de dhleachta in aghaidh na bliana:

    The boys of the NYPD choir
Were singing Galway Bay
And the bells were ringing out
For Christmas day . . .

De bhunadh na hÉireann iad go leor de phóilíní Nua-Eabhrac, mar is eol dúinn. Bhí an grianghrafadóir Jill Friedman, a cailleadh d’ailse sa bhliain 2019, in ann déileáil go maith leo mar bhí cur amach nach beag aici ar Éirinn.

Chaith Jill dhá bhliain i dteannta an NYPD sna 70idí agus sna 80idí nuair nach raibh Nua-Eabhrac chomh socair is atá sé inniu. Bhí fiacha $11 billiún ar an gcathair agus bhí sé rídheacair riail agus reacht a chaomhnú ann.

Bhí Jill ina finné neamheaglach ar an dea-phóilíneacht agus ar an drochphóilíneacht araon agus í in ann an braon crua a chaitheamh siar le duine ar bith díobh. Mar ghrianghrafadóir, bhí scéal le hinsint aici, agus sa leabhar atheisithe seo thug sí faoi dhá thaobh an scéil a insint, dubh is bán.

 

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Tírdhreach tromghonta na sluachampaí géibhinn'