
Haiku a scríobhas, bunaithe ar ghrianghraf as an leabhar Soumoud in Dark Times leis an ealaíontóir Palaistíneach-Cheanadach Rehab Nazzal
scaipthe thall is abhus
codanna éagsúla
de mhealbhacáin uisce
Focal Arabaise is ea soumoud a chiallaíonn seasamh neamhfhoréigneach a ghlacadh in aghaidh chos ar bolg.
Siombail is ea an mealbhacán uisce a sheasann don Phalaistín agus is minic in úsáid ag daoine é mar emoji, cuir i gcás.
Siombail láidir eile de chuid na Palaistíne is ea an crann ológ.
An Ghrianghrafadóireacht agus athchruthú na Staire
Ní gá dom a rá nach raibh an ghrianghrafadóireacht ann sa 17ú haois; ní hionann san is a rá nach féidir leas a bhaint as an ngrianghrafadóireacht chun an stair a athchruthú agus is é sin atá déanta sa leabhar seo Gertrud le Maja Daniels
An áit: Älvdalen, sa tSualainn. An bhliain: 1667. An eachtra: cuireadh i leith Gertrud Svensdotter, cailín 12 bliain d’aois, go raibh sí ag siúl ar bharr uisce! Ar ndóigh, caithfidh go raibh sí ina cailleach, cad eile! Cuireadh tús le ré histéire agus uafáis sa cheantar.
Ní raibh cloiste agam cheana faoi Gertrud. Tá mír shubstaintiúil fúithi ag Wiki.
Piarda
Nach álainn an crann ológ é!