Nach mór an t-athrú atá ar chúrsaí rugbaí an domhain, agus an Bhreatain Bheag, foireann a bhuaigh Craobh na Sé Náisiún tríocha a hocht uair agus an Chaithréim Mhór (Grand Slam) dhá uair déag, an ceann deiridh acu siúd in 2019, ag teacht go hÁth Cliath do Bhabhta 4 de chomórtas na bliana seo agus iad sa tóir ar a gcéad bhua.
Ní hamháin sin ach caithfear dul siar chomh fada leis an 11 Márta 2023 le teacht ar an mbua deiridh a bhí ag na Breatnaigh sa gcomórtas seo, nuair a bhuail siad na hIodálaigh 29 – 17 sa Róimh. Idir an dá linn is iad a thug an spúnóg adhmaid nó craobh na náire leo! Ach ní ag an leibhéal idirnáisiúnta amháin atá deacrachtaí ag an gcluiche sa tír thall.
Cúpla mí ó shin d’fhógair foireann bainistíochta rugbaí na Breataine Bige nach mbeadh ach trí fhoireann ghairmiúla sa tír. Ceithre fhoireann ghairmiúla atá ann faoi láthair.
Ní iontas ar bith dá bhrí sin go bhfuil na geallghlacadóirí ag tuar go mbeidh bua ag foireann na hÉireann i Staid Aviva anocht agus go mbeidh bearna ceithre phointe fichead idir na foirne. Seans go bhfuil an ceart acu maidir leis an toradh ach tá amhras orm faoin mbearna.
Tá cúpla cúis leis sin. In ainneoin na ndeacrachtaí atá ag na Breatnaigh le séasúr nó dhó anuas, tháinig cúpla splanc dhóchais chun solais sa gcluiche deiridh a d’imir siad i gcoinne na hAlban coicís ó shin. Níor scar ach trí phointe na foirne ag a dheireadh (26-23) ach ag críoch an chluiche a bhí á imirt i gCaerdydd thréig an t-ádh na Breatnaigh agus thug Albain an lá leo. Is mó caint a bhí sna meáin ar aiséirí na mBreatnach ná ar bhua na gcuairteoirí. Is cinnte go mbeidh siad sa tóir ar an gcur chuige, an sprid agus ar an splanc dhóchais chéanna arís anocht.
Chomh maith leis sin, tá cúig athrú déanta ag Andy Farrell ón gcúigear déag a thosaigh i gcoinne na Sasanach i Londain coicís ó shin. Is cinnte gur buntáiste é sin do na Breatnaigh, foireann a bheas ag iarraidh teacht i dtír ar an easpa cleachtaidh atá ag imreoirí nua na hÉireann ar a chéile agus i gcás Nick Timoney ar imirt ag an leibhéal seo. Mar sin féin, níor lig roghanna Farrell síos ariamh muid agus ní dóigh go dtarlóidh sé anocht. Sea, bua d’fhoireann an bhaile agus céim eile dá réir i dtreo coimhlint don Choróin Thriarach faoi cheann seachtaine.
Coinnígí bhur misneach.
Amárach, beidh na Francaigh, foireann nár chaill oiread is cluiche amháin fós sa gcomórtas seo, i gcoinne na hAlban i nDún Éideann. Is deacair tada eile seachas bua do na Francaigh a thuar. Beidh na hIodálaigh sa mbaile i gcoinne na Sasanach ina dhiaidh sin. Is deacair toradh na coimhlinte sin a thuar. Má imríonn na hIodálaigh mar a rinne siad go dtí seo agus má bhíonn na Sasanaigh chomh lag agus a bhí siad inar gcoinne i mBabhta 3, caithfear seans a thabhairt d’fhoireann an bhaile. Ach bhí coicís ag na Sasanaigh na deacrachtaí a tháinig chun cinn le cúpla cluiche a cheartú. Is deacair a rá!!
Fág freagra ar 'Bua d’fhoireann an bhaile agus céim eile i dtreo coimhlint don Choróin Thriarach'