In éineacht le Bridget, Máire agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an t-aistritheoir agus saineolaí teanga Antain Mac Lochlainn chun plé a dhéanamh ar chúrsaí teanga agus an tábhacht a bhaineann le cruinneas.
Is minic a bhíonn drogall ar dhaoine clamhsán a dhéanamh faoi chaighdeán teanga agus meastar gur cheart dúinn fáilte a chur i gcónaí roimh ‘an cúpla focal’. Pléitear san eagrán seo meon ‘an chúpla focal’ agus cén fath nach leor i gcónaí an lag-iarracht, go háirithe ón stát.
Pléitear freisin ‘Gaeilge an charbhait’, céard is cúis le Gaeilge dhothuigthe an tsaoil phoiblí, na dúshláin atá ann d’aistritheoirí agus an doicheall a bhíonn ann go minic roimh an nGaeilge nádúrtha.
Caitear súil chomh maith ar chás na Gaeilge agus céard atá i ndán dár ‘bpéistíní beaga’ smach anseo.
Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
Oscar
Gan focal faoi mhias na Roinne Oideachais i leith na Gaolainne. Dúisigí agus déanaigí mar ba chóir daoibh mar iriseoirí!