Tá ceol nuachumtha curtha leis an dán Cuireadh le Seán Ó Ríordáin ag an gceoltóir, amhránaí agus cumadóir ceoil David Blake, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa ceoil The Brad Pitt Light Orchestra.
Ceol válsa atá curtha ag Blake leis an dán de chuid an Ríordánaigh, a foilsíodh ar dtús in Eireaball Spideoige, cnuasach a chuir Sáirséal agus Dill amach sa mbliain 1952. Tá sé 110 bliain i mbliana ó rugadh an Ríordánach i mBaile Bhuirne i nGaelacht Chorcaí ar an 3 Nollaig, 1916.
D’oibrigh The Brad Pitt Light Orchestra ar thograí den chineál seo cheana le Imram, Féile Litríochta na Gaeilge, agus bhí siad páirteach i gcumadh leaganacha Gaeilge d’amhráin de chuid Leonard Cohen, David Bowie agus ceoltóirí eile. Bhí Gabriel Rosenstock agus Liam Ó Muirthile i measc na bhfilí a d’oibrigh le IMRAM ar na tograí aistriúcháin sin chomh maith leis an gceoltóir Liam Ó Maonlaí agus David Blake agus ceoltóirí The Brad Pitt Light Orchestra.
Tháinig an smaoineamh ceol a chur le dán de chuid an Ríordánaigh ó cheolchoirm a chuir The Brad Pitt Light Orchestra ar bun don ghrúpa Comhluadar i Luimneach.
“Is éard a rinneamar don cheolchoirm sin ná gur aistrigh mé roinnt dár gcuid amhrán go Gaeilge agus thaitin an taobh filíochta go mór liom. Chonaic mé Gabriel Rosenstock á dhéanamh nuair a rinneamar na ceolchoirmeacha le Imram. Bhí sé ag tabhairt croí na n-amhrán leis, seachas a bheith ag dul focal ar fhocal leis an aistriúchán. Tá Rosenstock iontach aige sin agus bhí an mheadaracht á bualadh i gceart aige freisin.”
Ag caint le Róisín Ní Ghairbhí a bhí David i ndiaidh na ceolchoirme agus luaigh sí dánta Sheáin Uí Ríordáin leis. Bhí an-chion ag David ar an bhfilíocht ón am ar fhoghlaim sé cuid de na dánta ar scoil.
“Ní fhaca mé aon cheann de na dánta le blianta. Dúirt Róisín liom go raibh an-chosúlacht idir an dán agus an t-amhrán ‘Take this Walz’ le Leonard Cohen. Rinne Cohen leagan Béarla de dhánta leis an bhfile Lorca, file Spáinneach. Tá an bundán i Spáinnis agus bhí muid ag rá go raibh sé an-chosúil leis an obair a bhí á dhéanamh ag Imram leis na tionscadail cheoil.”
Nuair a léigh sé an dán ‘Cuireadh’ spreagadh é le ceol nua-chumtha a chur leis.
“Tháinig nóisean chugam agus rith sé liom gur válsa a bhí ann. Is breá liom válsanna, baineann sé leis an seansaol ar bhealach agus freagraíonn muid uile dó. Shocraigh muid taifeadadh a dhéanamh den cheol agus na liricí le chéile. Tá luascadh ag baint leis atá deas réidh. Sílim go bhfuil rud éigin ar leith ag an nGaeilge a oireann d’amhráin mhalla.”
Ní teanga an Ghaeilge a bhfuil “cruinneas cliniciúil” ag baint léi, dar le David, agus is maith leis féin an rud go bhfuil croí agus blaisín den bhrón ag baint leis freisin.
“Bímse claonta i gcónaí i dtreo rud ar bith a mbíonn fonn ann agus blaisín den uaigneas ann,” a deir sé.
Thaitin an ghné spioradáltachta a ritheann trí shaothar an Ríordánaigh leis freisin agus bhí sé sin ina inspioráid aige agus an ceol á chumadh aige do ‘Cuireadh’. Bíonn sé ag plé leis an gceol gach lá agus ní théann aon lá thairis nach scríobhann sé rud éigin nó nach ndéanann sé taifeadadh ar rann nó dhó de phíosa ceoil.
“Tá ruainne den spioradáltacht istigh ansin freisin a chuireann le híomhánna an dáin. Ceannóidh mé leabhar d’fhilíocht an Ríordánaigh anois agus buailfidh mé faoi.”
Aonghus
Rinneadh EP, An Bóthar, le ceol comhaimseartha curtha le filíocht an Ríordánaigh
https://anbothar.bandcamp.com/album/an-b-thar