Bhí aicsean an tseachtain seo caite ar an bpáirc imeartha agus laistigh agus lasmuigh den seomra boird.
Sa seomra boird, tionóladh an Chomhdháil Bhliantúil oíche Dé hAoine agus an lá ar fad Dé Sathairn. Ba é an moladh ba mhó a tarraingíodh anuas ná go n-imreofaí cluichí ceannais sinsir chraobh na hÉireann coicís níos déanaí i mbliana. Tarraingíodh siar an moladh sin, áfach. Bhí sé beartaithe freisin deireadh a chur leis na comórtais réamhshéasúir i mí Eanáir, ach chuir roinnt cainteoirí go láidir ina choinne agus níor cuireadh chun vóta é.
Athrú suntasach eile a deineadh ná go gcuirfear deireadh leis na cluichí réamh-cheathrú ceannais sinsir san iománaíocht. Ina n-áit, tabharfaidh am fhoireann ds dara háit i gCúige Mumhan aghaidh ar fhoireann an tríú háit i gCúige Laighean i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann, agus a mhalairt le tánaistí Laighean. Moladh go mbeadh buntáiste páirce ag na foirne a bhainfidh amach cluichí ceannais a gcúigí féin.
Tá sé i gceist riail nua a thabhairt isteach maidir le himreoirí a bheith ag tabhairt aisfhreagra.
I gcás achrainn nó easaontais leis an réiteoir, aistreofar an sliotar 30 méadar chun cinn. Nuair a chuirtear cruinneas agus fad na saorbhuillí sa lá atá inniu ann san áireamh, is dócha go mbeidh éifeacht ag an riail sin.
Taobh amuigh den doras (agus taobh istigh, mar a tharla sé) bhí cuid mhaith agóide faoin gcomhlacht Allianz agus a nasc le hIosrael. Cháin agóideoir amháin an cinneadh a rinne CLG gan aon cheann de na rúin a chuir naoi gcontae chun cinn a phlé, rúin a bhí ag éileamh go gcuirfeadh an cumann deireadh lena chaidreamh tráchtála leis an gcomhlacht árachais domhanda. Ina ionad sin, cuireadh na moltaí sin ar aghaidh chuig coiste bainistíochta CLG. Níl deireadh leis an gconspóid sin, déarfainn.
Ar pháirc na himeartha an deireadh seachtaine seo caite, bhí an-iomaíocht agus díocas sna cluichí, gach foireann ag imirt le fuinneamh agus le paisean agus iad ar fad ag iarraidh a líon pointí a mhéadú. Bhí contaetha áirithe ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an ardaithe céime, agus cuid eile ag streachailt go dian diongbháilte chun fanacht amach ó zón an dícháilithe.
Agus seo mar atá rudaí i láthair na huaire. I roinn 1A déanfaidh pointe amháin eile an gnó chun cluiche ceannais a chinntiú do sheaimpíní na bliana seo caite Corcaigh. Fiú mura mbainfidís an pointe sin amach, tá a ndifríocht scórála agus líon na mbuanana acu in aghaidh na bhfoirne eile chomh láidir sin gur beag seans go mbéarfar orthu. Má mheaitseálann Luimneach an méid a dhéanann na foirne taobh thiar díobh, rachaidh siad féin in éineacht le Corcaigh chuig an gcluiche ceannais.
Ar taobh eile den phríomhroinn is cosúil nár mhair seal Uíbh Fhailí ach séasúr amháin, agus is cluiche gan luach saothair dóibh an babhta deireanach amuigh in aghaidh Chorcaí. Agus a gcluiche deireanach acu, ní mór do Phort Láirge Tiobraid Árann a bhualadh i bPáirc an Bhreathnaigh an Domhnach seo chun an titim síos go Roinn 1B a sheachaint an séasúr seo chugainn in éineacht le hUíbh Fhailí.
I roinn 1B is féidir leis an Cláirínigh a súil a chaitheamh cheana féin ar Roinn 1A. Dá n-éireodh le Loch Garman bua a fháil in Inis amárach, nó fiú comhscór, bheidís beagnach cinnte go mbeidís ar ais go tapa chuig Roinn 1A.
Ar thaobh eile den roinn san tá an Dún gan aon phointe agus Áth Cliath agus Aontroim fós le himirt acu. Caithfidh Aontroim An Dún a bhualadh ina gcluiche deireanach agus ansin a bheith ag súil nach sáróidh Ceatharlach ceithre phointe.
Mar sin tá fiúntas fós i bhformhór na gcluichí i Roinn 1.
Tá roinnt de na cluichí sin le feiceáil ar TG4 agus RTE2 i rith an deireadh seachtaine. Um thráthnóna beidh an cluiche idir an Ghaillimh agus Cill Chainnigh agus anocht ag a seacht a chlog, feicfimid Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar Luimneach. Agus amárach, beo, beidh cluiche an Chláir in aghaidh Loch Garman, chomh maith leis an gcoimhlint idir Port Láirge agus Tiobraid Árann.
Níos déanaí, beidh craoladh taifeadta (iarbheo) de chluiche Chill Dara agus Cheatharlach. Mar sin, beidh neart le feiceáil ag an lucht leanúna cois teallaigh.
Inniu ar chainéal YouTube GAA Beo, tá an dá chluiche leathcheannais de Chorn an Chrócaigh ar siúl. Agus bunaithe ar a bhfuil feicthe agam go dtí seo i gcluichí na gcoláistí i mbliana, táimid ag súil le dhá chluiche den chéad scoth, b’fhéidir cluichí den tseanstíl a déarfá, áit nach bhfeicfimid an oiread sin soiniciúlachta ná an iomad teaicticí.
Caithfear an chéad liathróid isteach roimh mheán lae, agus beidh curaidh Chorn an Artaigh, CBS an Aonaigh, ag tabhairt aghaidh ar acadamh iomána den scoth Choláiste Chiaráin, Cill Chainnigh.
Sa chluiche leathcheannais eile, a thosóidh uair an chloig ina dhiaidh sin, ar YouTube freisin, beidh ríthe Chorn an Artaigh, Coláiste Fhlannáin, in Inis, ag tabhairt aghaidh ar Choláiste na Toirbhearta, Baile Átha an Rí, foireann a bhíonn láidir i gcónaí le blianta beaga anuas.
Geallann an dá chluiche seo iomáint den chéad scoth.
Fág freagra ar 'Corcaigh agus Luimneach ag tabhairt aghaidh ar a chéile agus leathshúil acu ar chluiche ceannais'