Luadh an dlí idirnáisiúnta go minic agus ionsaithe na Stát Aontaithe agus Iosrael ar an Iaráin á bplé le seachtain anuas. Thug scata ceannairí Eorpacha – ina measc Macron na Fraince agus Sanchez na Spáinne – le fios go raibh an dlí idirnáisiúnta á shárú ó chuaigh Donald Trump agus Benjamin Netanyahu i mbun cogaíochta arís.
Ní foláir do gach rialtas abhus aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna a dhúisíonn airteagal 29.3 den Bhunreacht (‘Glacann Éire le bunrialacha gnáth-admhaithe an dlí idirnáisiúnta le bheith ina dtreoir d’Éirinn ina caidreamh le stáit eile’) nuair a bhíonn cogadh á fhearadh nó á bhagairt..
Ní léir go minic, áfach, cé mar ba chóir na ceisteanna sin a fhreagairt. Go háirithe ó léirigh an tUachtarán Trump a neamhaird gan náire ar na “rialacha gnáth-admhaithe”.
Seo iarracht ar chuid de na ceisteanna is bunúsaí a bhaineann leis an dlí idirnáisiúnta a fhreagairt:
Tá go leor daoine ag caint le tamall ar an dlí idirnáisiúnta. Céard é?
I mbeagán focal, tugtar an dlí idirnáisiúnta ar chaighdeáin agus ar dhualgais a nglacann stáit leo mar phrionsabail ba chóir a chur i bhfeidhm go háirithe i gcás aighnis eatarthu. Ní hionann sin agus a rá go nglacann siad go léir leo i gcónaí.
An féidir teacht ar fhorálacha an dlí idirnáisiúnta i bhforógra nó i gcáipéis nó ar líon-láithreán eagrais amháin?
Ní féidir, toisc nach bhfuil a leithéid ann.
An bhfuil údarás ar bith freagrach as cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta?
Níl.
An bhfuil cúirt ann a rialaíonn go bhfuil duine nó tír ciontach as a shárú?
Tá agus níl.
Ní foláir duit an freagra sin a mhíniú, chomh maith leis an bhfáth go mbíonn daoine ag caint ar shárú dlí nach bhfuil ann i bhfírinne?
Ceist réasúnta. Ní dlí sa ghnáthchiall é an dlí idirnáisiúnta ach scata conarthaí idirnáisiúnta a bunaíodh ar chomhthuiscint faoi chaidreamh sibhialta idir stáit, go háirithe i gcás cogaidh eatarthu.
Tá brú morálta orthu cloí le forálacha na gconarthaí ach baineann go leor tíortha a mbrí féin astu uaireanta. Nó i gcás Donald Trump, ní bhaineann sé brí ar astu in aon chor agus iad caite i leataobh aige.
Ní beag an t-ábhar lagmhisnigh á spreagann do chur síos.
Foighne ort. Ní beag an t-ábhar a chlúdaíonn na conarthaí nó na coinbhinsiúin a síníodh go dtí seo. Siad na cinn is tábhachtaí Coinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le príosúnaigh cogaidh agus le sábháilteacht sibhialtach le linn chogaidh; an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ina bhfuil coireanna cogaidh curtha i leith Uachtarán Putin na Rúise agus i leith phríomh-aire Iosrael Benjamin Netanyahu (diúltaíonn na Stáit Aontaithe agus Iosrael d’údarás na cúirte); an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta ina bhfuil cinedhíothú sa Phalaistín curtha i leith Iosrael ag an Afraic Theas, agus…
Céard is fiú na conarthaí breátha seo más féidir le ceannairí agus le tíortha éagsúla neamhaird iomlán a thabhairt orthu?
Fan ort, seo ceann a bhaineann go díreach leis an ionsaí ar an Iaráin. Tá comhaontú idirnáisiúnta sínithe agus daingnithe ag 193 tír, na Stáit Aontaithe ina measc, a léiríonn neamhdhleathacht bhuamáil na hIaráine. Ní cheadaíonn Cairt na Náisiún Aontaithe do stát ar bith dul i muinín na láimhe láidre in aghaidh stáit eile ach amháin (1) le cead chomhairle shlándála na Náisiún Aontaithe nó (2) chun iad féin a chosaint.
Ní cheadaíonn ceachtar coinníoll feachtas buamála mar atá ar bun ag Meiriceá agus Iosrael san Iaráin, mar a dúirt an Taoiseach sa Dáil Dé Máirt. Ní raibh an bhuamáil ag teacht le sainordú ó na Náisiúin Aontaithe, a dúirt Micheál Martin, agus an ceart aige.
Nach tábhachtaí an rud nár dhúirt an Taoiseach? Mhaígh sé gur sheas an rialtas leis an dlí idirnáisiúnta ach ní raibh sé sásta a rá, faoi mar a dúirt Mary Lou McDonald agus Ivana Bacik, go raibh an dlí sin á shárú ag Meiriceá agus ag Iosrael. Cháin sé frith-ionsaithe na hIaráine gan na hionsaithe a spreag iad a cháineadh in aon chor. Ba náireach a thost.
Bhí a thost intuigthe agus náireach ag an am céanna. Féach, tá a fhios agat cén sórt duine é an tUachtarán Trump. Fear teasaí nach bhfuil meas ar an bhfírinne ná ar cheannairí eile aige, fear a athraíonn a mhianta athrú ó lá go lá. Is dócha go raibh Micheál Martin ag cuimhneamh ar a chuairt ar Washington i gcomhair Lá Fhéile Pádraig agus ar an íde béil a chloisfeadh sé dá ndéarfadh sé go raibh an dlí idirnáisiúnta sáraithe ag an uachtarán.
Dúirt mo thuismitheoirí liom agus mé im’ pháiste gan a beith náireach riamh faoin rogha cheart a dhéanamh idir ceart agus mícheart. Go háirithe dá mbeadh cathú orm fanacht i mo thost. Ach anois tá tost an Taoisigh á chosaint agat, fiú tar éis do dhiúracáin Mheiriceá nó Iosrael páistí scoile agus go leor daoine eile a mharú?
Dúirt mé go raibh a thost náireach ach intuigthe. Mar a bhí tost Sheansailéir Merz na Gearmáine agus é ina shuí taobh le Trump sa Teach Bán De Céadaoin agus an t-uachtarán ag maíomh go raibh ollscrios á dhéanamh san Iaráin.
Beidh an Taoiseach chomh tostach le Merz agus é ina shuí sa chathaoir chéanna. Ní deas an radharc é ach de ghnáth cuireann ceannairí rialtais leas a dtíortha féin chun cinn ar chaint mhacánta, os comhair na gceamaraí pé scéal é.
An fáth go laghdaíonn mo mheas ar pholaiteoirí de réir mar a mhéadaíonn mo thuiscint orthu.
Scríobh an staraí Gréagach Thucydides fadó go mbunaítear gach cinneadh a dhéanann stát ar fhaitíos nó ar a leas féin nó ar a cháil. Níl an saol polaitiúil athraithe go hiomlán ó bhí sé ag scríobh dhá mhíle go leith bliain ó shin.
Ní cóir beag is fiú a dhéanamh áfach de na prionsabail a leagtar amach sna conarthaí thuas. Ní raibh náisiúin an domhain riamh ar aon tuairim faoina mbrí ná a gcur i bhfeidhm ach is léir dá bhformhór an riachtanas.
Mairfidh na prionsabail agus an riachtanas a spreag iad siad ainneoin sotal an uachtaráin reatha in Washington agus ainneoin tost seachantach na gceannairí a shuíonn lena ais sa Teach Bán.
Fág freagra ar 'Cruacheisteanna le cur faoin ionsaí ar an Iaráin, faoi shárú an dlí idirnáisiúnta agus faoi thost an Taoisigh'