Eoghan Mac Cormaic
Coiscéim, 2025
€15.00
Cuirfidh an t-úrscéal seo saothar clasaiceach na Rúiseach is na bhFrancach i gcuimhne duit, go háirithe nuair a léann tú an leathanach ar a bhfuil liosta des na carachtair agus na caidrimh atá eatarthu. Is saothar eipice é, macasamhail L’Assomoir le Émile Zola nó Les Misérables le Victor Hugo, cé go bhfuil Buataisí Dearga níos giorra agus níos gonta. Agus is maith an rud é sin.
Tá sé polaitiúil agus ealaíonta. Tá fothéacs soiléir ag rith céim ar chéim leis an phlota, fothéacs nach dtuislíonn an t-aicsean, ach a chuireann saibhreas leis. Is ionsaí é ar fhoréigean indíreach an bhochtanais agus an neamhionannais, ionsaí daonnachtúil agus suimiúil.
Is écrivain engagé é Mac Cormaic, mar a úsáidtear an branda sin le scríbhneoirí mar Sartre agus Camus. Tógann sé an léitheoir leis ó iarthar Dhún na nGall go Doire, go Glaschú, go dtí an Iodáil agus chuig na Stáit Aontaithe. Agus, ag an deireadh, ar ais go Doire agus an ceantar máguaird.
Tá sé suntasach go bhfuil an chroinic scríofa i gcaint na ndaoine gan mórán úsáid de dhialóg ann. Cheistigh mé mé féin is mé tumtha sa saothar: an úrscéal liteartha é seo nó an úrscéal stairiúil é? Níor tháinig freagra na ceiste sin chugam go fóill, ach amháin gur féidir liom an dá aidiacht a chur leis.
Osclaíonn an t-úrscéal le sochraid. Tá pósadh agus sochraid scaipthe fríd na leathanaigh, mar chlocha míle dos na carachtair, ócáidí a thugann stop dóibh le hanáil a tharraingt roimh leanúint ar aghaidh lena n-aistear arís.
Tá cogadh domhanda ann, earcaíocht, imirce, obair chrua, briseadh croí, doineann agus soineann. An sciurdann sé tríothu róghasta? Bíodh do bharúil féin agat. Ní théann an t-údar ródhomhain in aon eachtra amháin. Bhí mé ar bís ag léamh scéal grá idir Mike Gill, innealtóir in arm na Stát Aontaithe agus Molly Givens, gariníon Shorcha, a thaistil le Máire go Doire ag tús an scéil. Bhí mé ag dúil le níos mó de den chaidreamh idir an bheirt sin. Sin féith na rómánsaíochta ionam. Seans go bhfuil ábhar úrscéil eile ansin ag Mac Cormaic.
Tá bua na scéalaíochta léirithe go han-mhaith sa dóigh a n-osclaíonn Mac Cormaic eipeasóid agus a dtagann carachtair eile os ár gcomhair. Ansin osclaíonn sé a thaisce staróg arís agus cuireann sé eipeasóid eile os ár gcomhair. Ábhar úr atá i gceist in eipeasóid i ndiaidh eipeasóide, go dtí go sruthlaíonn na staróga le chéile, taobh le reilig arís, críoch agus athbheochan in aon eachtra amháin. Sníonn fuil a sinsear fríd na daoine óga.
Tiocfaidh saothar eile uaidh, tiomanta do spadhar agus céadfacht a phearsan. Is fíodóir é Mac Cormaic. Tarraing a bhréidín thart ort don saibhreas is don teas atá ann.
Glac chugat na buataisí dearga. Nó cum do mheafar féin. Cas an roth.
Fág freagra ar 'Úrscéal eipice a chuirfidh saothar clasaiceach na Rúiseach i gcuimhne duit'