Cén áit eile ar domhan a bhfaighfeá blaiseadh den Phiarsach, den Chadhnach agus de Hector taobh istigh de chúpla nóiméad ach i seomra na Dála ar ‘Lá Mór na Gaeilge’ i dTeach Laighean?
Údar iontais é nach bhfuair muid cúpla líne ó Raiftearaí freisin le linn an phlé a mhair breis is dhá uair an chloig, ach le teacht an earraigh tagann Seachtain na Gaeilge agus le Seachtain na Gaeilge, tagann an deis do Theachtaí Dála a ngrá don teanga a fhógairt, is cuma más grá faoi cheilt a bhí ann sa 52 seachtain roimhe sin.
Bhí laghdú suntasach ar líon na dTeachtaí Dála a labhair le linn an phlé Dé Máirt, ó 35 anuraidh go dtí 24 i mbliana, ach lena gceart a thabhairt dóibh siúd a bhí i láthair, bhí fios a ngnó ag cuid mhaith acu agus beagáinín taighde déanta acu siúd nach gcloistear uathu chomh minic céanna, fiú más díreach ó ríomhphost ó Chonradh na Gaeilge a tháinig an t-eolas. D’fhéadfaí dul céim níos faide síos an bóthar céanna, mar atá déanta ag Barry Heneghan, agus grúpa WhatsApp a bhunú le feidhmeannaigh an Chonartha ach ar a bpriacal féin a dhéanfadh Teachta Dála é sin.
Is é Fionntán Ó Súilleabháin, Teachta Dála de chuid Shinn Féin as Cill Mhantáin-Loch Garman a thagair d’obair mhórscríbhneoir na teanga, agus don láithreoir teilifíse siúlach as an Uaimh ina chuid cainte. Tá a chuid dintiúirí saothraithe go maith ag an múinteoir Gaelscoile agus thosaigh Fionntán amach le ‘crowd-pleaser’, mar a deirtear sa mBéarla, ‘Tír gan teanga, tír gan anam’.
Chuaigh sé níos doimhne sa tobar ansin nuair a dúirt sé go raibh an Ghaeltacht “ar nós chúinne an ghiorria ag fanacht leis an speal, i bhfocail Mháirtín Uí Chadhain”.
Dúirt Ó Súilleabháin go raibh athrú polasaí ag teastáil chun a chinntiú go mbeadh muintir na Gaeltachta in ann cónaí ina gceantair féin agus ba é Hector Ó hEochagáin an chéad fhathach teanga eile ar thagair sé dó. Mana Hector a tharraing an Súilleabhánach chun a fhógairt go raibh “meas mór ag dul amach” chuig Bánú, Tinteán agus na dreamanna eile a bhí ag agóidíocht ar son mhuintir na Gaeltachta lasmuigh de Theach Laighean níos luaithe an tráthnóna sin.
Ba léir go ndeachaigh an agóid i bhfeidhm ar na Teachtaí a bhí i láthair agus an ghéarchéim thithíochta sa nGaeltacht luaite arís agus arís eile. Is ag éileamh gníomh práinneach a bhí siad siúd lasmuigh ar Shráid Chill Dara ach is beag dóchas a bheadh ar fáil dóibh i gcaint Conor Sheehan ó Pháirtí an Lucht Oibre.
Dúirt Sheehan, iardhalta de chuid Ghaelscoil Sáirséal i Luimneach, gur cuimhin leis a bheith “ag damhsa” lasmuigh den Dáil mar chuid d’agóid i gcomhair foirgneamh buan don scoil. “Tá an t-ádh orainn go bhfuil foirgneamh buan ag an scoil anois ach bhíothas ag fanacht ar fhoirgneamh buan breis is 20 bliain.” 26 bliain ag damhsa a bhíothas, chun a bheith go hiomlán cruinn.
Bhí Naoise Ó Cearúil ó Fhianna Fáil i measc roinnt Teachtaí Dála ó pháirtithe an Rialtais a dúirt go raibh gníomh ag teastáil maidir le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht, ach dúirt an Teachta Dála ó Chill Dara Thuaidh go raibh an iomarca den diúltachas le cloisteáil ó thaobh amháin den seomra.
“Cheapfá go raibh staid na Gaeilge go hainnis sa tír seo ón méid atá cloiste againn inniu ón bhfreasúra. Ní hé sin an cás. Is dea-scéal í an Ghaeilge sa lá atá inniu ann, agus is scéal dearfach é,” a dúirt Naoise Ó Cearúil ó Fhianna Fáil
Rinne Ó Cearúil aithris ar an Taoiseach Micheál Martin agus dúirt sé go raibh “níos mó daoine anois ag labhairt na Gaeilge ná a bhí riamh i stair na tíre seo”. Áiteamh nach seasfadh mórán de scrúdú.
Ghéill Ó Cearúil go raibh tuilleadh maoinithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag teastáil ach go raibh a lán déanta ag an rialtas seo don teanga agus go raibh moladh ar leith tuillte ag an Aire Dara Calleary as maoiniú “nach raibh feicthe againn riamh” a fháil sa mBuiséad deireanach. Ní fios an ndearna sé d’aon turas é ach bhí maíomh Uí Chearúil go raibh “an t-uafás déanta agus níos mó le déanamh” an-chosúil leis an mana toghcháin a bhíodh ag a pháirtí i ré Bertie Ahern, “A lot done, more to do.”
Ní raibh aon radharc ar cheannaire Fhianna Fáil Micheál Martin sa Dáil Dé Máirt, ná ar aon aire eile seachas Aire na Gaeltachta. Ba é Peadar Tóibín, ceannaire Aontú, an t-aon cheannaire páirtí a labhair le linn na díospóireachta agus sciúrsáil tugtha aige don rialtas, cé nach raibh gach cáineadh a bhí aige go hiomlán cruinn.
Duine eile a bhí ar iarraidh, mar a d’aithin an tAire Calleary ina chuid cainte, ná uachtarán na tíre. Ba mhinic do Catherine Connolly a frustrachas a léiriú faoi ‘Lá na Gaeilge’ sa Dáil agus an béalghrá a bhain leis ach b’fhéidir go dtabharfadh sé misneach di go bhfuil sí anois ina húdar spreagtha ag go leor maidir leis an teanga.
Go deimhin, luadh Connolly agus a feachtas uachtaránachta níos minice ná cuid de na ‘big-hitters’ eile a bhíonn againn go minic, Kneecap (trí thagairt), Gaeilge bhriste, Béarla cliste (tagairt amháin) agus An Cailín Ciúin (tagairt ar bith). Tá “meas mór ag dul amach” go dtí an Teachta Conor Sheehan chomh maith as ‘An Pod Gaeilge’ ar Tuairisc a chur chun cinn sa Dáil.
Ní raibh tada le rá ag Danny Healy-Rae i nGaeilge. Ba thrua leis nár thug sé leis an teanga riamh, agus ba bheag a bhí le rá aige faoin nGaeltacht ach an oiread seachas comhghairdeachas a dhéanamh leis na foirne ó Chorca Dhuibhne a bhuaigh craobhacha peile na hÉireann ag tús na bliana.
Luaigh fear Chill Gharbháin, áfach, go raibh caint ann sna 1960idí ar Ghaeltacht Mhúscraí a chur siar chomh fada le Droichead Uí Mhórdha, díreach soir ó fhód dúchais Healy-Rae. Ba mhór an trua nár tharla, a dúirt Danny.
Dá mbeadh, shamhlófá nach é Michael an t-aon aire a bheadh sa teaghlach anois agus cás láidir ag Danny do chúram na Gaeltachta tar éis dó cúpla bliain chruógach a chur isteach ar choiste Oireachtais na Gaeilge. Bheadh scoileanna breátha lán-Ghaeilge i gCill Gharbháin ar aon nós.
Seans gur fearr an focal scoir a fhágáil ag Conor D McGuinness Shinn Féin, a cháin an rialtas as a n-easpa gnímh, iontas na n-iontas, ach a léirigh go snasta freisin cén fáth go mbíonn pobal na Gaeilge seasta sa tóir ar ghníomh.
“I mo chlannsa agus i mo phobal, is í an Ghaelainn ár dteanga laethúil, ár dteanga chumarsáide, ár dteanga thuisceana, ár dteanga ghrinn agus ár dteanga ghrá,” a dúirt McGuinness.
“Is teanga bheo í an Ghaelainn, teanga a mhair tríd na céadta bliain de dheacrachtaí, dúshláin agus ionsaithe; teanga a d’fhan dílis dár n-oidhreacht, dár n-aitheantas agus dár spiorad.”
“Is í an tsnáithe órga a phósann sinn le glúnta atá imithe romhainn agus a threoraíonn sinn i dtreo todhchaí ina bheidh ár n-oidhreacht beo bríomhar arís. Is í an fhuaim a thugann beatha dár stair, dár seanchas agus dár dtraidisiún agus is í an teanga a labhair ár laochra, ár bhfilí, ár réabhlóidithe agus ár n-ealaíontóirí.”
An Piarsach, an Cadhnach agus Hector clúdaithe arís in aon abairt amháin.
Fág freagra ar 'Ón bPiarsach go Hector – Lá mór na Gaeilge sa Dáil'